cabaireacht
—
an siosma a bhíos ar siúl ag cabaire; cíble nó cothaíocht chainte; spruschaint; caint ar sraith.
+–
Is ort a bhí an chabaireacht. Níor cheart duit trácht beag ná mór air.
Lig de do chuid cabaireacht anois liomsa, nó mo choinsias is dar m'anam, déanfaidh mé cuailín cnámh dhíot.
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhainn neart cabaireachta uaidh, ach sin é an méid. Is beag an lua a bhí aige cupán tae a thairiscint dom.
Níl mé ag iarraidh do chuid cabaireachta beag ná mór. Murar mian leat an méid sin de shoilíos a dhéanamh dhom, ná bac leis. Déanfaidh mé cúis mhaith de t'uireasa.
Féach freisin
→
cab
cabaireacht in iontrálacha eile (9)
→
ceal 1
Ó, ní cheal cabaireachta atá ort! Is mór is fiú dhuit nach bhfuil aon chíos ar an gcaint, nó bhánófa t'athair! (putach a bhíodh ag síor-rá i gcónaí)
Siúil suas sa roschoill anocht go ndéana muid geábh coinnleoireachta. Ní fearr dhuit in do chónaí ná ag cabaireacht thíos ar theallach N.
→
bruach
Dar ndóigh dheamhan duine beo nach gcuirfeadh an chabaireacht sin a bhí ortsa bruach air. 'Sé an fear is fhearr éisteacht é a chonaic mise ariamh, agus éisteacht leat chomh fada sin fhéin.
→
damnaigh
Dhamhnódh an ceann céanna thú le caint agus cabaireacht. Dheamhan iamh a theagas ar a béal ó mhaidin go faoithin ach ina claibín muilinn mar sin ag síor-rá léithe. Ach cá bhfágfadh sí é ach an oiread le scéal
→
deis
Chuirfeadh sí cosa beaga faoi na glasógaí ag caint. Mo léan géar nach aici atá an teanga ar a deis. Bheadh sé fánach ag mo leithidese a dhul ag coinneáil cabaireachta léithe
Ó anocht amach le cúnamh Dé, diúltóidh mise an chuartaíocht. Séard a dhéanfas mé feasta, síneadh siar ó chluais go rioball ar an teallach, na bróga a bhaint díom, na boinn a chur le tine, mo dhíol tobac a chaitheamh, agus neart cabaireachta a thabhairt do dhuine ar bith a chasfar isteach
→
don
Don h'fhiafraí agus mo chuid tubaiste ort — crosaim aríst thú! — murab ort atá an chabaireacht. Tá do dhá dhíol le rá agus le fiafraí uileag agat. Ní túisce rud fiafraithe agat ná rud eile. Cá bhfios domsa ó ardbhonnaíochaí an diabhail cá'il P. Sh. anois!