Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ceartú (20)

+
fios
Ab in é a bhfuil tú le tabhairt de cheartú ar an scéal. Tá mé gan fios fós muis — ní thuigim an scéal d'uireasa tuilleadh mínithe
TUILLEADH (1) ▼
Ní chasfaí in do shiúl lae leat fear a bhfuil fios a labhartha aige chomh maith le M. Bh. ansin thoir. Is clú don tír é agus an chaoi a bhfuil sé in ann a scéal a cheartú do shagart agus do bhráthair, agus do dhuine uasal
+
Déan an scéal a cheartú dhó.
TUILLEADH (11) ▼
Chaith sé an lá ag ceartú dhom thíos ar an mbóithrín. Is aige atá údar chuile shórt. Ach is beag an dochar dhó agus gur ag léamh a chaitheanns sé a shaol.
Rinne sé clogán streille den oíche ag ceartú dhom faoin dole agus faoi de Valera agus faoi na Blue Shirts. 'Sé atá in ann an chaoi a chur ar an saol.
Is maith uaidh Mh. Ph. S. Mh. an clár mín a chur ar chuile shórt. Dheamhan a leithide a chonaic tú ariamh ag ceartú scéil. Bheadh ciall ina leithide!
Baineann sé an lá as chuile shórt, agus dheamhan ceartú a bhíonns aige ar aon scéal ina dhiaidh sin. Tharraingeodh sé anuas míle scéal agat in éindí, agus dheamhan adhmad a bheifeá in ann a bhaint as aon cheann acub.
Tá mé siún sioncaithe aige ó mhaidin, ag ceartú dhom faoi scholarships, agus faoina bheirt iníon atá imithe chuig coláiste. Dheamhan aithne air a raibh aon duine ariamh i gcoláiste cheana ach a bheirt iníon fhéin.
Ní fhéadfadh sé rud ar bith a cheartú duit — go fiú is an rud is fánaí beo — gan na goití sin. Goití ar fad é.
Dhá ndéantaí an scéal a cheartú agus a chur i ngéill (i gcéill?) dó, chaithfeadh sé airde a thabhairt air.
Mura bhfuil tú in ann é a cheartú dom d'uireasa a bheith do mo dhornáil, fág mar sin. Ní éadáil mhór dhomsa mo chnámha a bheith leonta de bharr do chuid ceartúsa.
Is fhearr uaidh scéal a cheartú dhuit ná ó mháistir scoile. 'Sé atá in ann an tslis mhín a chur ar an gcaint. Ach cá bhfágfadh sé é.
Chaith sé an oíche ar an gceartú sin.
Imímid sula dteaga sé nó ní thiocfaidh iamh air ar feadh an lae ach ag ceartú agus ag cíble cainte.
 
Chaith mé leathuair ag ceartú dhó ach bhí sé chomh neamhairdiúil sin agus go sílim nár thoill mórán di ina cheann.
 
Fleascaigh bradacha atá istigh ar an mbaile sin. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul ag ceartú do scéal do mhúille le dhul dhá cheartú dóibh sin
 
diaidh
Dhá dteagadh sé isteach i dteach anois, agus dhá seasadh sé ar an taobh sin, tá sé d'fhaisean aige a bheith ag dul i ndiaidh a leataoibhe go brách go mbeidh sé thall ar an taobh eile. Ní chuimhníonn sé air féin leis an bhfalrach a bhíos ann ag ceartú dhuit. Leag duine de na gearrbhodaigh an cíléirín roimhe i lár an teallaigh lá a raibh sé istigh anseo, agus níor airigh sé go brách é go dtáinig sé salach air, agus baineadh treascairt as, agus shíl mé go raibh sé basctha istigh ar an teallach againn, mar caitheadh anonn sa gclúid thall é
 
Ná bac le dliteanais. Níor íoc an cneámhaire sin aon cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcónaí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeifeá chomh meata sa deireadh aige agus go maithfeá dhó é. Chonaic mé S. Mh. ag dul chun dlí leis faoi luach cairr. M'anamsa ón diabhal gur chaith sé S. pé ar bith cén bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. théis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-teacht i láthair ann agus níl aon duine beo nach mionnódh gurb í an fhírinne a bheadh aige nuair a thosódh sé ag ceartú dhuit
 
dris
An bhfaca tú aon diabhlánach ariamh is neamhairdiúla ná P. siúd. Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Chaithfeá uair ag cur caoi ar rud eicínt dó, agus nuair a bheadh sé ceartaithe ar fad agat, sin é an uair adéarfadh sé: 'céard adeir tú'
 
Is geall le seandall glic ansiúd sa gclúid é, ag ceartú. Ba bheag ab aite leis muise an oíche cheana go bhfaighteása locht ar bith ar a chuid cainte