Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ceithearnach (7)

 
Buailfidh sé amach na ceithearnaigh móra seo thíos leis an aimsir — beidh níos mó maoin nó airgead aige ná acusan (fc. ceithearnach)
 
Sin í a gcuid flasúlacht sin i gcónaí. A Mhuire mhór nach i gcuid de na daoine a bhíos an stróinéis! Dheamhan pioc acu ach an oiread liomsa agus ní ceithearnach mór mise, mar atá a fhios agat fhéin. Ach cuireann an ghalamaisíocht a dhá oiread maitheasa ar chuid de na daoine!
 
daoire
Ar ndóigh bheadh sin ceart go leor: ceannacht ar a shaoirse agus díol ar a dhaoirse. Is gearr go mbeifeá in do cheithearnach an uair sin ar chaoi ar bith. Ach faigh thusa an té atá in ann é sin a dhéanamh. Cuirfidh mé geall leat go gcinnfidh sé ort
 
diaidh
Chaith an t-athair amach é, gan oiread is a bheannacht a thabhairt dó, agus d'imigh leis i ndiaidh a chinn roimhe. Casadh ag obair ag ceithearnach láidir é a raibh iníon aige. Birín aon tsúil a bhí san iníon agus nár ghlac sí grá dhó, agus nár phós sí é. Tháinig sé ar ais anseo ar cuairt suim achair blianta ina dhiaidh sin, agus é ina dhuine uasal. Ba mhaith an mhalrait aige sin é. Deir siad gur fearr an t-ádh ná éirí go moch
 
Mo choinsias is dar m'anam, is ag briseadh leac an doichill a bheas sé ag dul má théann sé ag iarraidh na hiníne air siúd. Nach bhfuil a fhios agatsa go maith nach meas atá ag S. Mh. Sh. ar leathghabháltas talúna. Ní mór leis siúd ceithearnach dá inín a mhic ó
 
drámh
Ba mhór i gceist iad muintir Mh. scaitheamh. Ceithearnaigh a bhí iontu, ach tá siad faoi dhrámh uilig anois
 
Má d'iarr sé iníon A. Uí Th. tá sé ag iarraidh a dhul sna fir mhóra. Ní bhfaigheadh í sin ach ceithearnach