Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

clár (50+)

 
Thug sé feadhnach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! 'Ara céard atá anseo,' adeirimse. 'Níl aon ghloine agam,' adeir sé. 'Ól foracún agus nuair a bheas do sháith agat sín agamsa é'
 
feáin
Beidh sé isteach agat anois gan mórán achair idir chlár is chuinneog. Tá sin chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt anseo
 
fios
B'fhaide dhuit ná fios do shaoil an oíche siúd. Ghabhfadh an sioc a bhí ann thrí chlár daraí. Sháraigh muid í ina dhiaidh sin, buíochas le Dia
+
foirm
Níl an scéal sin i gclár ná i bhfoirm — níl ann ach bunscéal; níl a leithide de scéal ann chor ar bith; níl an scéal sin amhlaidh chor ar bith; is breá é; is scéal é agus a thóin leis; is scéal contráilte nó scéal seafóideach é; nó scéal nach bhfuil ciall ná réasún leis
TUILLEADH (6) ▼
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithi an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon mhaith aon tréas a chur air, nach gcaithfí é sa dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
Tá foghlaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach más in í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí sa té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa don fhear sin. Nár chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon Naomh Pádraig amháin, moladh go deo leis
Go bhfuil siad in ann an cloigeann a bhaint de dhuine agus cloigeann eile a chur air! Go dtuga Dia ciall duit! Níl do scéal i gclár ná i bhfoirm! An dtabharfása cead an cloigeann a bhaint díot fhéin?
Bhí "Gaeilgeoirí" — brat acu — timpeall air seo thíos tráthnóna agus é ag inseacht dóibh. Go deimhin má bhí fhéin, ní raibh an rud a bhí sé a inseacht i gclár ná i bhfoirm. Ach cuireadh síos ar na leabhairíní é. Tiocfaidh siad leis!
Tá fuirseadh mór cainte aige ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mura mbeadh a fhios agat cé hé fhéin
Níl an chaint sin faoin gcogadh i gclár ná i bhfoirm. Má tá, cén chiall nár chuala muid cheana í. Is gearr air sin a cumadh as a údarás féin. 'Sé atá deas air
 
formna
Níl an scéal sin i gclár ná i bhformna — i gclár ná i bhfoirm. Tá fonóid focail ann: formna a dhéanamh d'fhoirm fc. foirm
 
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an seanteach ag titim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
 
calm
Bhuail calm muid ag an Matal agus bhí an fharraige ina clár. Dheamhan coisméig a bhí againn as sin anoir.
 
Is maith uaidh Mh. Ph. S. Mh. an clár mín a chur ar chuile shórt. Dheamhan a leithide a chonaic tú ariamh ag ceartú scéil. Bheadh ciall ina leithide!
 
colg
Má chuireann tú colg air, dheamhan a bhfuil ar an mbaile a cheansós é. An bhfeiceann tú an chrobh láimhe agus an clár droma atá aige, bail ó Dhia agus ó Mhuire ar an bhfear!
 
Nach í an teanga atá bealaithe leis an gclár mín a chur ar an mbréig.
 
beanna
Tá mámh níos fhearr ná an cíonán agat má thugann tú do bheanna leat an babhta seo. Is fada mise i do dhiaidh, ach tá tú agam sa deireadh ar chlár na himeartha — duine ag bagairt díoltais ar dhuine eile a raibh sé ag iarraidh deise a fháil air le fada roimhe sin.
+
crinn
Cnámh crinnte na fírinne! Sea, cnámh crinnte na fírinne as clár na mbréag. Sin é é!
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh ciall ar bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sibh fhéin agus an bád eile ag crinneadh a chéile. Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin, scód a thabhairt di. Ní raibh baol ar bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dté sibh ar chlár na himeartha. Ní fhanann fuis nó fais oraibh ansin.
 
Chuirfeadh an ceann céanna Crígh Mhuire thrína chéile le neart bréag, agus mhionnofá ina dhiaidh sin, mura mbeadh aithne agat air, gurb í clár na fírinne a bheadh aige le chuile fhocal.
 
Tá cuaifeach de dhorna aige siúd a dhéanfadh corp dhíot gan stró ar bith. Sin í clár na fírinne!
 
bocht 1
Má tá sé folamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nár ghnóthaigh oiread agus cluiche ó shuigh sé anocht ag clár na himeartha.
 
Tá buimbiléad de mhullach cinn air atá chomh leathan chomh láidir le clár an chomhra mhóir.
 
Chuala mé go raibh sé ina bhruithshléacht aige anseo thíos aréir i ngeall ar imirt. Bhí sé ag déanamh amach go raibh daoine ag déanamh comharthaí dhá chéile ag an gclár.
+
buail
Bhuail cuaifeach den ghaoth timpeallach sin mé ar ard J. S. agus dheamhan mórán ar bith nár ardaigh sí idir chlár agus chuinneog de lom an bhóthair mé.
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh beirt as an áit seo fadó amach ar an meatha mhóir ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mura dtáinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthub agus b'éigean dóibh ligean leis an mbád iomramha gur bhuail siad tír i mBaile Uí Bheacháin i gContae an Chláir. Ach níor chás dóibh é ó bhuail siad tír in aon áit.
Bhuail sé isteach chugainn idir chlár is chuinneog — tháinig sé isteach go dtí muid sa teach
Cluiche glaice é. Ní raibh bualadh aon chárta ag gabháil leat ag an gclár.
 
Is áibhéil an clár droma atá air — tá droim mhór leathan air.
 
Seo isteach é gan aireachtáil idir chlár is chuinneog chugainn — tháinig sé isteach chugainn, ina chruth agus ina dhealramh, gan muid dhá chloisteáil ná dhá fheiceáil go dtáinig sé thar an doras isteach
+
airigh
Ní aireodh sé sin é (an sioc) dhá dtéadh sé thrí chlár daraí.
TUILLEADH (1) ▼
D'airigh mé fothramán diabhalta, mar bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile.
 
amuigh
Amuigh i gContae an Chláir a tharla an scéal sin — thall srl.
 
Tá sé pínne caillte agam, ní ag comhaireamh na hanachain é, ó shuigh mé ag an gclár — cearrbhach adúirt as greann
+
faon-
Céard a rinne an fionnoscal sin sa doras. Tá an gath gréine isteach ann. An clár atá imithe as? Duine eicínt a thug pound dó. Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuil adhmad an dorais sin chomh lag leis an luachair?
TUILLEADH (1) ▼
Tá fionnoscal sa doras. Ceann de na cláir atá ar bogadh. Ní mór cupla tairne a fháil agus é a dhaingniú nó brisfidh sé ó chéile ar fad
 
Nach é an dó beag a tháinig feidheartha. Dheamhan mámh a bhí ar clár ach é fhéin — a bheith ina aon mhámh; gan mámh ar bith eile a bheith ann lena leanacht ná lena bhualadh
 
B'fhiúntaí go mór duit a dhul isteach ann idir chlár is chuinneog agus an bhean a iarraidh (le pósadh) go breá slachtmhar, ná a bheith ag imeacht i bpoill agus i bprochógaí agus dhá hiarraidh ar nós chuma liom
 
Deir tú nach gcuirfeadh púdar an leic sin thoir in aer. Cheapfainnse go gcuirfeadh. Tá dromán folláin aici. Nach bhfuil sí ina clár reatha ar fad? Níl sí siúnáilte chor ar bith. Ní féidir púdar a chur in aghaidh siúnta i leic. Dhá gcuirfeá, ní bhainfeadh sé di ach screamhóigín
 
Má fhaigheann tú dath an mháimh an iarraidh seo, ná bí ag fosaíocht leis mar a bhíos tú i gcónaí ach tabhair clár dhó. Feicimse chuile fhear ag forcamhás ar an gcúig dheireanach
+
Ar ndóigh deir daoine go raibh Árainn fostaithe do Chontae an Chláir fadó. Diabhal mé gur dochreidte an scéal é
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne J. ach a raibh d'airgead ar an gclár a fhostú agus ligean leis fhéin amach. D'fhága sé an dream istigh gan pínn gan bonn
 
féith 1
Ní raibh féith de mo chroí air a mhic ó nuair a bhuail sé isteach chugam idir chlár is chuinneog — ní raibh mé ag súil leis; ní raibh cuimhne ar bith agam go dtiocfadh sé
 
Bhuail sé isteach idir chlár is chuinneog
+
imirt
Bhí suas le punt ar an gclár as deireadh na himeartha: bhí punt idir chamánaí agus an imirt ag tarraingt ar a deireadh
TUILLEADH (5) ▼
Caith anuas ansin ar chlár na himeartha é go bhfeice muid céard atá agat — deirtear seo le duine a bheadh ag coinneáil suas cártaí, mar dhóigh dhe gur cárta maith é, go mbeadh an chuid eile imrithe
Ní fhágfaidh tú clár na himeartha go n-insí tú dhomsa cén chaint a bhí ort fúm an oíche dheireanach — ní imeoidh tú as ball na háite seo srl.; ní fhágfaidh tú an áit a bhfuil tú srl.
Bain do shásamh amach anois ó fuair tú ar chlár na himeartha é — bain díoltas de ó fuair tú do dheis air; ó tharlaigh sé a bheith in áit go bhfuil deis ionsaithe air, nó deis chainte leis
Cuir do chuid cártaí anois ar chlár na himeartha — má tá údar sáraíochta agat, nó rud le cur ar do shon fhéin, abair anois é
Ó casadh ar chlár an himeartha thú, caithfidh tú cur díot — ós rud é go bhfuil tú in áit nach féidir leat teitheadh ná "rith maith" a dhéanamh, caithfidh tú cur ar do shon féin, nó insin cén t-údar go raibh do phlé le duine nó le cúrsaí áiride