→
                  
                    
                      cnigín 
                    
                  
                
              
            cnigíní (1)
                    →
                    deachma 
                  
                  
                    Tá an scéal sin Mac Rí na nDeachman ag S. Ó B.  Bhí sé dhá inseacht an oíche cheana thíos tigh na S. ach thosaigh P. ag sáraíocht air sula raibh mórán bail aige air, agus i ndar liom féin, gur mó an rún a bhí acu as a dheireadh a dhul ag bualadh cnigíní ar a chéile.  Níl cuibhiúlacht ar bith in P. má bhíonn duine ar bith ann a mbeith a fhios aige dadaí, bíonn sé ar an mbrúisciúlacht sin.  Measann sé gurb aige féin atá gach údar.  Más leat an scéal a chloisteáil buail soir ag an teach ag S. féin, agus inseoidh sé duit é