Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deacracht, deocracht
ainmfhocal, baineann
ag freagairt don aidiacht deacair
ainneoin go bhfuil an focal sách coitianta, níl sé leath chomh coitianta agus a cheapfaí ó chaint an dreama a d'fhoghlaim Gaeilge, nó ó scríbhinní. Bíonn leagan níos tadhaille air i gcónaí sa gcaint
 a bheith deacair, danra, crua, dodhéanta srl.
a.
+
Tá an talamh (portach, clais ghainimh, coiléar srl.) ina dhiabhal le deacracht
Níl aon deacracht sa talamh sin (tá leagan mar seo an-choitianta ach é a bheith tadhall .i. talamh, portach srl. Ach ní chloisfeá níl aon deacracht sa scéal. Leagan eile a bheadh air sin: níl aon treampán ort nó leagan den tsórt sin)
TUILLEADH (8) ▼
Ag dul chun deacracht atá na boird léar (de réir) mar a theannfas tú le claise an tsrutha
Ag dul chun deacracht atá an barr seo léar mar atá mé ag dul suas air
Shíl mé nach raibh an oiread sin deacrachta sa gcúl sin. Tá sé ag cinnt ort an láí a chur thríd chor ar bith
Diabhal mé go bhfuil an chlais ghainimh siúd gan deacracht ar bith. Níl ort ach iarraidh den phiocóid a thabhairt di agus titfidh brúisc agat
Is mó an deacracht an easca ná soir ar an gcruatan déarfainn (talamh crua). Ní fhéadfadh an easca sin gan a bheith deacair. Nach bhfuil sí ina bogeimhin
Is mó an deacracht an talamh anuas anseo ar an mínleach ná an talamh riascach sin i mbarr an bhaile, ach ní thugtar aon saothrú ar bharr an bhaile nuair a théitear dhá shaothrú féin. Ba cheart é sin a lagan le aol agus le gaineamh gorm agus le dóib agus le chuile rud mar sin, shula chuirfí rud ar bith ann
Is lú an deacracht é i mbliana ná uair ar bith dhár cuireadh é le mo linnse, ach bhíodh sé ina chraiceann i gcónaí go dtí an turn seo
Dá dheacracht é muis, sháraigh mo chuidse é
b.
+
Ní raibh deacracht ar bith air é a chur isteach. Ach bhí sé chomh docht lena bhfaca tú ariamh istigh. Fuair sé anró óna bhaint amach aríst
Is beag an deacracht a gheofá uaidh, dá gcoinníteá ola air. Ach tá sé tirim ar fad
TUILLEADH (4) ▼
Nach beag an deacracht a bhí ormsa a dhéanamh, agus is lú ceird mé ná thusa
Gabhfaidh sé isteach gan deacracht ar bith ach an eanga sin a choinneáil síos sa scoilteadh
Tá deacracht ar churach a chur isteach ann ar chaoi ar bith. 'Sé díol an diabhail é le mulláin, agus mulláin chontúirteach
Ag dul chun deacracht a bheas sé an mhóin a thriomú lá ar bith feasta. Tá sé buille deireanach sa mbliain

Féach freisin

deacracht in iontrálacha eile (2)

 
Tá sé deacair go leor cailín ar bith a fháil ach tá a dhá dheacracht cailín ar fónamh a fháil
 
díol 2
Chaith sé bliain ag tóraíocht tí agus é ag cinnt air aon áit a fháil. Ba díon déirce leis faoi dheireadh thiar thall gur scaoil M. Ph. Mh. isteach é. Má tá sé daor féin, ní cás dó é teálta ar bith a bheith os a chionn agus a dheacracht agus atá sé teach a fháil gan lán laidhre