Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deacracht, deocracht
ainm-fhocal, buineann
ag freagairt do'n aidiacht deacair, deocair.
Aindeoin go bhfuil an focal sáthach coitianta, níl sé leath cho coitianta agus a cheapfaí ó chaint an dreama a d'fhoghluim Gaedhilge, nó ó scríbhinní. Bíonn leagan níos tadhaille air i gcomhnaí is an gcaint
a bheith deacair, danra, cruadh, do-dhéanta agus rl.
a.
+
Tá an talamh (portach, clais-ghainimh, coiléar agus rl.) in a dhiabhal le deacracht
Níl aon-deacracht 'san talamh sin (tá leagan mar seo an-choitianta ach é a bheith tadhall .i. talamh, portach agus rl. Ach ní chloisfeá "níl aon deacracht 'san scéal". Leagan eile a bheadh air sin: "níl aon-treampán ort" nó leagan de'n tsórt sin)
TUILLEADH (8) ▼
Ag dul 'un deacracht atá na buird léar (de réir) mar a theannfas tú le claise an tsrotha
Ag dul 'un deacracht atá an barr seo 'léar mar atá mé ag dul suas air
Shíl mé nach raibh an oiread sin deacracht' san gcúl sin. Tá sé ag cínnt ort an láighe a chur thríd chor ar bith
Diabhal mé go bhfuil an chlais-ghainimh siúd gan deacracht ar bith. Níl ort ach iarraidh de'n phiocóid a thabhairt di, agus tuitfidh brúisc agad
Is mó an deacracht an easca ná soir ar an gcruadhtan déarfainn (talamh cruadh). Ní fhéadfadh an easca sin gan a bheith deacair. Nach bhfuil sí in a bog-eibhinn
Is mó an deacracht an talamh anuas annseo ar an mínleach ná an talamh riascach sin i mbarr an bhaile, ach ní thugtar aon-saothrú ar bharr an bhaile nuair a theightear dhá shaothrú féin. Ba cheart é sin a lagann le aol agus le gaineamh gorm agus le dóib agus le 'chuile rud mar sin, shul a chuirfí rud ar bith ann
Is lugha an deacracht é i mbliana ná uair ar bith dhár cuireadh é le mo linn-se, ach bhíodh sé in a chraiceann i gcomhnaí go dtí an "turn" seo
Dá dheacracht é muis, sháruigh mo chuid-se é
b.
+
Ní raibh deacracht ar bith air é a chur isteach. Ach bhí sé cho docht len a bhfaca tú ariamh istigh. Fuair sé anró ón a bhaint amach aríst
Is beag an deacracht a gheobhfá uaidh, dá gcoinnightheá ola air. Ach tá sé tirm ar fad
TUILLEADH (4) ▼
Nach beag an deacracht a bhí ormsa a dhéanamh, agus is lugha ceird mé ná thusa
Gabhfaidh sé isteach gan deacracht ar bith ach an eanga sin a choinneál síos 'san scoilteadh
Tá deacracht ar churach a chur isteach ann ar chaoi ar bith. 'Sé díol an diabhail é le muláin, agus muláin chontabhairteach
Ag dul 'un deacracht a bhéas [sé] an mhóin a thriomú lá ar bith feasta. Tá sé buille deireannach 'san mbliain

Féach freisin

Deacracht in iontrálacha eile (2)

 
Tá sé deacair go leór cailín ar bith a fháil ach tá a dhá dheacracht cailín ar fónamh a fháil
 
díol 2
Chaith sé bliain ag tóruigheacht tighe agus é ag cinnt air aon-áit a fháil. Ba díon déirce leis faoi dheireadh thiar thall gur scaoil M. Ph. Mh. isteach é. Má tá sé daor féin, ní cás dó é teálta ar bith a bheith as a chionn, agus a dheacracht agus atá sé teach a fháil gan lán laidhre