Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlíochtáil
fiacha.
+
Bhí dlíochtáil (/ɡ′līxdāl′/) air, agus ní raibh sé in ann freastal dóibh
Níl dlíochtáil ag aon duine ort, agus cén bheann atá agat ar aon duine mar sin faoi do chuid féin
TUILLEADH (2) ▼
Níl dlíochtáil ar bith ar an séipéal sin thiar anois. Tá chuile leithphínn rua dhá raibh air íoctha
Más dlíochtáil nó gan dlíochtáil anois é, níl sé sásta é a íoc agus tá fear an tsiopa ag caint ar dhlí. Ach mo chreach mhaidne é féin agus a chuid dlí. Dá gcaitheadh sé é siúd faoi chéad, ba aon mhaith amháin dó é. Ní bhainfeadh Oscar agus a shúiste aon chianóg as a chreatlaigh siúd, ná cuid de bhaint … Bail ó Dhia ort féin agus ar an sirriam. Tháinig an sirriam cheana air faoi dhó, agus ba bheag a bhí dhá bharr aige — ba bheag sin

Féach freisin