fáinniú (9)
+
→
fáinnigh
Tá an lá ag fáinniú — tá an fáinne bán ann. Nuair a chuirtear "lá" sa gcaint, fáinniú nó fáinneachan adeirtear agus ní fáinne. Ní abraítear fáinne ach leis an bhfáinne bán, fáinne na fuiseoige)
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé ag fáinniú lae measaim
Ag fáinniú lae a bhí sé nuair a thit mé in mo chodladh
Ní cheapfainn go bhfuil sé ag fáinniú lae fós
Chaitheadh muid a bheith amuigh leis an réalt an t-am sin. Is minic a chonaic mé an lá ag fáinniú agus mé ag baint fhátaí tigh Mh. M'anam gur minic a bhí ceathair nó cúig de shúileogaí bainte agam roimh mo bhricfeasta. Nárbh olc an saol é sin!
Caithfidh mé éirí le fáinniú lae amárach agus a dhul i ndiaidh coiníní. Tá foghail déanta acu sa ngeamhar sin thuas
Bíonn sé ina shuí le fáinniú lae chuile mhaidin
"Éireoidh mé amárach le fáinniú an lae ghléigil, agus tabharfaidh mé an chuairt siúd amach go barr sléibhte" — (tús amhráin)
→
droim
Is gearr a bhíos oíche an tráth seo bhliain ag dul thar droim. Níl ann ach go ndúnann sí ar éigean agus bíonn an lá ag fáinniú aríst ar an bpointe. Ag fágáil na tórraimh dhúinn ar maidin ag an ceathair a chlog, bhí aithne lae air an uair sin