fáltas
—ainmfhocal, fireann
—
deis, maoin, brá gill, seilbh.
+–
Níl cianóig ar m'fháltas — níl lí léithe agam
Dheamhan feaig ar m'fháltas ná cuid de feaig. Bhí mé fhéin ag soláthar inniu agus dheamhan a dheatach a d'éirigh liom — níl toitín in mo sheilbh
TUILLEADH (2) ▼
Cheapfainn nach bhfuil aon tsluasaid ar a fháltas. Cá bhfaigheadh sé í? Is maith an fear sluaiste é: máistir scoile
Dheamhan laindéar ná lampa ar a (ár) bhfáltas. Bhí cupla ceann ansin anuraidh ach tá siad ó mhaith anois
+–
Níl slí ná fáltas aige — cuirtear an dá fhocal le chéile; níl deis airgid aige, ná níl aon bhráigill air; níl cuid ná maoin aige
Níl slí ná fáltas againn anois ó stop na cearca (de bhreith uibheacha) agus ó d'imigh na beithígh amach. Ba mhór an cúnamh scór uibheachaí fhéin agus meascán ime corruair
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheadh slí ná fáltas ó neamh na ngrást ag na daoine murach an teirgéis dole sin.
Féacha an dola atá orainn: naonúr acu bail ó Dhia agus ó Mhuire orthu. Is deacair a dtógáil agus éadach a chur orthu, agus gan slí gan fáltas ó fhlaithis Dé againn
Féach freisin
fáltas in iontrálacha eile (16)
Tá sí chomh crua coinneálach anois, muis, agus dhá mbeadh gan leithphínn rua a bheith ar a fáltas.
→
bannaí 1
Ní bheadh drogall ar bith orm faoina dhul i mbannaí air, ach ní fheicim go bhfuil slí nó fáltas ó neamh anuas aige lena íoc ar ais aríst.
Cén mhairg atá ort? Is iomaí duine a bhuail faoin saol nach raibh a leathoiread slí ná fáltais aige agus atá agatsa
→
buille
Abair gur mór an buille air é! Cén bhrí dhá mbeadh slí ná fáltas ar bith thairis ag an duine bocht, ach níl.
Dheamhan sciúrtóg dhá raibh ar m'fháltas nár chuir mé amach ag ceannacht troscáin don seomra sin.
→
dol 1
Tá dola poor-rates le n-íoc agam anois, agus gan fhios agam ó Dhia anuas cá bhfaighidh mé é. Tá leisce orm scaradh leis an nglaicín mhóna atá ansin thiar agam, nó go n-ardaí sí romhainn amach. Maidir le beithígh, is fear gan fáltas atá ina gcleithiúnas anois
→
díogha
Chonaic tú ansin thiar é mac Mh. Ch. Bean ar bith a shamhlódh an t-athair leis, ní raibh aon mhaith inti. Bhí mná maithe faighte aige dhó ach ní bhreathnódh sé sa taobh a mbeidís. Ansin dúirt an t-athair leis a dhul agus bean a fháil é féin. Chuaigh. Iníon T. Sh.; sliseog chaite chaillte nach raibh cianóg rua ar a fáltas. Reic sí an tseanbhean a bhí sa teach. Níor fhága sí ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tí nár ardaigh sí soir abhaile. Sin é an fear a rinne an drochphósadh. Ach ar chuala tú ariamh é: tabhair a roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha
→
díol 2
Níl aon díol trócaire ann go dtí é. Thíos ansin ar shlata na Gaillimhe agus muirín lag lúbach aige, agus gan buille maitheasa a dhéanamh le bliain mhóir fhada. An mbeadh a fhios ag aon duine ó Dhia anuas cén chaoi a bhfuil sé dhá bharraíocht chor ar bith agus gan slí ná fáltas ó neamh aige
→
dóigh 3
Níl fata ar a fháltas i mbliana ach fata a dhóigh an sioc. Níor thapaigh sé a ghnaithe in am. Lig sé rófhada gan baint iad
→
dólom
Ara beannacht Dé dhuit, tá an áit sin dólom ar fad. Níl slí ná fáltas ann. Cén chaoi a mbeadh agus chomh maolscreamhach agus atá an droim siúd soir ar chúla na dtithe. Níl cion píosa talúna ar a fhuaid, ach leac ar fad. Sin é an méid