Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fíóg
ainmfhocal, baineann
1.
cineál bhroibh nó geataire.
+
Bain binsín fíógaí má chastar suas sna barra thú. Dhéanfaidís mapa srathrach dom
Tá na híochtair ansiúd faoi fhíógaí móra millteacha. An té atá ag iarraidh broibh is ann atá aige a dhul
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhfaighinn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh acu thuas i mbarr an bhaile agatsa
+
Tá sé chomh caite leis an bhfíóig — tá sé chomh caite leis an ngrinneall; níl bior eanga air; níl saill ar bith air
Ní bhfaighidh sé an té a fhiafrós an mhuic sin. Nach bhfuil sí chomh caite leis an bhfíóig. Ná bac thusa le muic ar bith nach dtógfar go maith le bran
TUILLEADH (2) ▼
D'imigh sé as go mór ó tháinig sé abhaile. Tá sé chomh caite leis an bhfíóig anois. Shílfeá gurb éard a thiocfadh sé chuige fhéin. Ina leaba sin, níor fhan scioltar ar bith air
Níl aon cheo saille air ach an oiread le fíóig. Tá sé imithe ar an uisce bruite ar fad
2.
maiste; rud le píopa a lasadh (fíóigín).
+
Tabhair dhom fíóigín go lasa mé an píopa seo - maiste a dhéanamh de thuí nó de bhroibh
Síos leat agus tabhair aníos fíóigín agam ón tine. Tá an diabhlánach de phíopa seo as aríst. Múchadh agus báthadh air. Ní choinneodh do cheann fine dearg é
TUILLEADH (1) ▼
Fág ansin iad sin. Sin iad na fíóigíní atá ag Deaideo le aghaidh a phíopa. Mearóidh sé muid má fhaigheann sé imithe iad
3.
coinneal nó fáideog.
+
Ní fhaca tú aon choinneal ariamh is fhearr ná fíóig. 'Siad a bhíodh againn uileag fadó. — fíógaí a bhaint agus a dhlaoitheadh. Bealadh a chur ansin air. Ola faoitíní nó ola ronnach a leá ar cham agus na fíógaí a thumadh inti: sin í an bhealadh. Fód móna a fháil ansin agus cipín sailí agus an cipín a chur sa bhfód, agus eanga a chur i mbarr an chipín agus an fhíóg a chur isteach san eanga. Nuair a bheadh an fhíóg (brobh) caite go dtí an eanga, ligean leis amach aríst an fhad céanna agus mar sin nó go mbeadh sí caite. Seo iad an cineál coinnle a bhí ann leathchéad agus trí fichid bliain ó shin.
Chaithfeá na fíógaí a bhaint i dtosach. Nuair a bheifeá dhá ndlaoithiú níorbh fholáir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirthi nó thitfeadh a mbeadh istigh inti amach ina mionbhas. Chrochfá suas ar stálú sa simléar ansin iad nó go mbeidís tirim. Nuair a bheidís tirim sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís chomh láidir sin. Ansin bheidís faoi réir lena lasadh
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheadh fíóg ar bith agaibh ó tá na coinnle gann
Ba cheart duit gabháil fhíóg a bhaint. Bheadh solas breá orthu tharla nach bhfuil aon ola lampa le fáil
Dhá mbeadh slám fíógaí againn ghabhfadh muid ag coinnleoireacht. Ba bhreá an rud glac smólachaí a mharú agus a róstadh. Rinne muid íospairt mhór orthu anuraidh

Féach freisin