Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fódú (10)

 
Tá an iomaire fódaithe agam — fód curtha as an gclaise isteach ar an iomaire
+
Tá sé ag fódú meaingeals — na hiomrachaí a dhéanamh agus fód a chur orthu sula sáití an síol
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ag fódú fataí — an cur: an fód boird a iontú agus na clascannaí a chur amach
Tá stróic dhiabhalta fódaithe agat inniu bail ó Dhia ort.
Bhí sé ag fódú poll fataí ar a theacht aníos dom — dhá chlúdú le créafóig; ag cur na créafóige suas air le sluasaid nó le láí
 
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith is de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad, agus ní den abhras an chéad shnáth
 
Lá de na laethanta deannachtacha sin i dtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na seanbhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarraí Mh. G. Ar éigean saoil a bhí mé in ann seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shantaigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst nuair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige, go mbaininn scaitheamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé cara chainte orm. 'Cá'il tú ag dul,' adeirim féin. 'Síos ar snámh,' adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach nárbh ea. Ní raibh sé seachtain ón lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighe (sa ngealtlann)
 
deilbh 1
Ní hé an t-achar is faide nó go mbeidh chuile shórt deilbhthe amach anois agam le tosaí ag fódú. Ach dar príosta, tá sé ag síneadh suas leis an am. Nach bhfuil an Fhéil Pádraic ar ghort an bhaile!
 
dóigh 3
Talamh ar bith atá fódaithe ar an aimsir seo, tá sé dóite ar fad (ag an aimsir bhreá agus ag an triomach). Feicim na boird atá thuas ansin sa bP. Á. Dar mo choinsias duit, tá siad faoi scáiniúchaí as éadan
 
Fir dhúshlánacha a mhic ó! Déanfaidh siad deargadh feicfidh tú an tseachtain seo. Ach ní mór dóibh sin ar shon an cheann atá ann. Dheamhan a mbeadh píosa fataí fódaithe ráithe aige agus fágtar faoi féin é