Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fóint (23)

 
Níor chomaoin ar bith dhi mo mhacsa a mhaslú, agus murach í bheith ina streachaille, ní dhéanfadh sí é. Is minic roimhe seo a rinne sé sin fóint di.
 
fidh
Rud é atá ag dul isteach is amach thar a chéile mar a bheadh fidh criathar ann. Dheamhan ioncás mar é a chonaic mise ariamh. Ach murach go raibh fóint eicínt ann, ní bheadh sé dhá dhíol chomh leitheadach sa siopa siúd
+
fóin
Níl aon fhóint (fónamh, amantaí) sa láí seo níos mó. Tá sí caite
TUILLEADH (18) ▼
Coinnigh é. B'fhéidir go mbeadh fóint ann duit uair eicínt (b'fhéidir go bhfónfadh sé duit)
Dheamhan fóint ná cuid d'fhóint sa tseanchathaoir sin níos mó. Cá bhfaigheadh sí é?
Coinnigh leat an fear sin. Ní bheadh a fhios agat nach mbeadh fóint ann duit uair eicínt
Caithfidh sé seo fóint dom ó tharla nach bhfuil a mhalrait agam. Ach b'fhéidir go mbainfinn mo ghaisneas as
Sin é a bhfuil de mheas agat ar mo chuid oirnise. Dar fia tá fóint thairis sin inti
Níl d'fhóint anois sna seanpháipéir chíosa sin (n)ach go lasfaidís an píopa do dhuine.
Dheamhan a mbrisfidh mé é. Cuirfidh mise i bhfóint fós é sin
Ní dhíolfadh sé an carr. Tá sé ag ceapadh go gcuirfidh sé i bhfóint fós é. Dheamhan cur ná go héag, mar beidh sé críonta
Tá an tseanbhó sin ó fhóint anois — tá a cuid fóinte ar iarraidh; tá a cuid fónamh ar iarraidh
Dhá bhféadainnse fóint ar bith a bhaint as an tseanláí seo, ghabhfainn do chúnamh dhaoibh — dhá bhféadainn obair ar bith a dhéanamh léithe
Bhí sé ag iarraidh fóint a bhaint as an seanasal, ach mo chreach maidne é! Ní túisce a bheadh an t-ualach líonta air ná a luighfeadh sé faoi
Is iomaí fóint a dhéanfadh S. A. timpeall an bhaile dhá mbeadh sé ann — leas, gar
Diabhal mé gur hiomaí fóint a níos madadh i dteach. Choinneodh sé amach na cearca fhéin lena shaighdeadh iontu
Sílim go gceannóidh mé gunna gráin. Is iomaí fóint a dhéanfadh gunna. Ní bheifeá lá ar bith gan anlann
Is iomdha fóint a rinne an seanasal fhéin do na daoine, nó gur cailleadh é
Is mór an ní an áit a bheith d'uireasa dochtúr. Déanann dochtúr cuid mhaith fóinte
M'anam muise go bhfuil an maide sin ag déanamh fóinte (ag fóint) dhomsa ó buaileadh suas as na cosa mé
An bhfuil an seanpheann sin a thug mé dhuit ag déanamh a rath fóint duit? Is fhearr é ná a bheith gan tada, nó go ndeasaí tú do pheann fhéin
 
Tá gealachín bheag dheirceach ann, ach ní dhéanfadh sí aon fhóint duitse ar an ócáide a bhfuil tú féin air
 
Má tá barúintí do leasa fút, glacfaidh tú comhairle ó dhuine dhoscúch agus éireoidh tú as an obair sin, agus tabharfaidh tú aire do do gheadáinín talúna. Ní hí comhairle t'aimhleasa a chuirfinnse chor ar bith ort. Tá a fhios agat sin. Chaith mé coraintín freisin ag imeacht leis an obair sin, ag fóint don tír má b'fhíor dom féin, ach is beag aird a bhí ag an tír orm nuair a bhí mé i ngéarchall. Meas tú ar chúitigh an tír mo chaillteamas liom. Chúitigh muis! Ní chúiteoidh ná leatsa. Is beag an baol uirthi. Mar adúirt mé cheana leat, is measa dhuit do gheadáinín talúna ná an tír. Dhá laghad é, 'sé a bhfuil de shochar agat é