→
                  
                    
                      fómhar 
                    
                  
                
              
            fómhair (13)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fómhar 
                  
                  
                    Tráthnóna fómhair; clocha i bpoll móna; níl aon mhoill ar thráthnóna fómhair ach mar a bheifeá ag caitheamh clocha i bpoll móna; níl i dtráthnóna fómhair ach mar a chaithfeá clocha i bpoll móna — téaltaíonn sé leis an-sciobtha agus titeann an oíche gan aireachtáil
                    
                        TUILLEADH (9) ▼
                      
                    
                  
                    Déan deifir anois agus réitigh thú fhéin le theacht abhaile, nó ní bheidh muid ann ó ló.  Tráthnóna fómhair; clocha i bpoll móna, adeir siad
                    Ní féidir go bhfuil sé ina chontráth!  Dar brí an leabhair tá!  'Sí an oíche is gairde a d'airigh mé ag titim ariamh í.  Ach sin é é.  Ní bhíonn aon mhoill ar thráthnóna fómhair ach mar a bheifeá ag caitheamh clocha i bpoll móna
                    Seo!  Corraigh leat!  Beidh sé ina oíche dhubh orainn.  Bíodh a fhios agat nach bhfuil i dtráthnóna fómhair ach mar a chaithfeá clocha i bpoll móna
                    Ní bhíodh de chuilín fómhair ann an bhliain sin ach coirp sábhála Dia sinn (fc. cuilín)
                    Nach é a lá fómhair é! — lá a mbeadh deis agat breith ar do leas, nó brabach a dhéanamh.  Is minic nach mbíonn i gceist ach gur ócáide nó deis dhíomhaointis é
                    'Sé do lá fómhair é a mhic ó.  Tá an báire leat inniu.  Ní mór liomsa duit
                    'Sé do lá fómhair é agus chuile dhuine ag cur óil ort!
                    M'anam gurb é a lá fómhair é agus imeacht ag leadaíocht.  'Sé a shaol atá ann.  Chaithfeadh sé go bhfaigheann sé a bheatha ó neamh
                    "Anonn is anall a théas an sruth; Idir na caoirigh a chodlaíos na moilt; Idir na mná a chodlaíos na fir; Agus sé do lá fómhair é a Chaitlín Dubh!" (Rann)
                    Dhorchaigh sé go mór le ceathrú uair.  Ach níl aon mhoill ar an tráthnóna an tráth seo bhliain.  "Tráthnóna fómhair nó bheith ag caitheamh clocha i bpoll móna"