cuilín
—ainmfhocal, firinscneach
1.
cuil a thugas muintir an Achréidh ar an rud a dtugann muintir Chonamara cuileog nó míoltóg air. Dá réir sin cuilín a thabharfaidís ar chuil bhig.
2.
bolgóid chúir, nó cáitheadh sáile (cuileogaí freisin).
+–
Tá an fharraige ina cuilíní (cuileogaí) bána inniu — bláth bán ar gharraí an iascaire; barr geal ar an bhfarraige nó í roinnt cáite.
M'anam go bhfuil sé béalgharbh go leor amuigh (ar an bhfarraige) inniu. Nach in í ina cuilíní bána uileag í
TUILLEADH (5) ▼
Cá mbeadh an ball séire do do thabhairt inniu ag iascach! Nach bhfuil an cuan fré chéile ina chuilíní bána. Deirimse leat go bhfuil sé bungharbh go leor ar an bhfarraige inniu.
Ba deannachtach an lá é le dhul amach ar an loch. Bhí an t-uisce ina chuilíní bána fré chéile.
D'ardaigh sé ina ghealstoirm agus muid leath cuain. Bhí muid dhár gcaidhleadh le farraige cháite, agus cuilíní bána ar an uisce i chuile áit. B'ait na bádóirí muid agus talamh a dhéanamh chor ar bith.
D'fheicfeá liagannaí farraige agus cuiliní bána orthub ag éirí airde an tí.
An bhfeiceann tú an áit sin amuigh a bhfuil cuilíní bána ar an bhfarraige. Carraigreachaí báite atá ansin.
·
Bhí cuilíní cúir ar an uisce san abhainn.
Deile cár nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaigh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag an dochar di náire a bheith uirthi feasta choíchin gan fios a gnaithe a bheith aici thairis sin, ach ní hí is measa ach sibhse a lig amach í.
3.
griúillín shúí (cuileogaí freisin).
+–
Buaileadh cuilín (nó cuileog súí sa mbaithis orm — griúillín (driúillín) shúí a thitfeadh as simléar, nó de na fraitheachaí
Diabhal an féidir gurb in cuilín shúí a thit ansin!
TUILLEADH (12) ▼
Tá mo chuid éadaí millte. Dheamhan folach orm nach bhfuil faoi chuilíní súí. Agus tréigeann an t-éadach sin ar fad má nitear é, ach dheamhan an féidir lorg an tsúí a bhaint amach ar a mhalrait.
Cén sórt práib é sin ar mo chóta nua! Dheamhan gur cuilín súí é!
Teann anall ar an taobh seo den teallach. Tá cuilín bheag shúí ag titim ansin.
Geadán fabhtach atá ansin, agus tá cuilín bheag anuas ann. Is géar a theastódh stráca tuí san áit chéanna — bhí spota de dhíon nó de leathchaoin an tí a bhí ag ligean uisce isteach, agus thiteadh sé ina shúí.
I nDomhnach fhéin ,is diachta dó (do cheann an tí nó don leathchaoin) aon chuilín a bheith anuas ann agus a ghairdeacht agus chuaigh díon air. Anuas leis an gcír atá an chuilín sin. Diabhal an bhféadfadh an tuí nua a bheith ag ligean isteach fós, ní fhéadfadh sin.
Ní fhaca tú aon fhear ariamh a chuaigh i ngeallta ach é nuair a thit an chuilín súí ar an bpáipéar. Ach ba bheag an dochar dó: b'éigean dó tosaí as a nua, agus chuile mhíle focal den litir a scríobh aríst.
Níl dochar ar bith sna cuilíní tirime sin nuair nach mbeadh an súí fliuch ann.
Deirimse leat gur beag a (de) chuilíní súí a fheicfeas tú anuas ann má choinníonn sibh tine mhaith thíos i gcónaí. Neart fraighfhliuchais atá dhá dhéanamh sin — sea sin.
Más gabáiste le aghaidh a ndinnéir atá sa bpota seo, is mór mo mheas go bhfuil sí ó mhaith. Tá cuilíní súí ag titim inti chuile phointe. I nDomhnach is deas an blas a bheas uirthi ar ball.
Meas tú nuair a bhí mé ag ithe mo bhéile, nár thit cuilín shúí síos in mo chuid bainne. Tá an teach seo ina chiseach le súí
Chuirfeá slat ar pharóiste sula bhfeicfeá teach chomh broghach brocach leis. Tá cuilín shúí i chuile mhíle ball de.
Go deimhin is deas é t'áit chuarta — teach a bhfuil cuilíní súí i chuile choirnéal ann.
4.
cuid de lóchán — screamhóigín bheag a bhíos ar an ngráinne; an cáithnín.
+–
Cuilín lócháin a chuaigh le m'anáil, agus tá sé cinnte orm mo sceadamán a réiteach aige.
Bíonn leann faoi chuilíní agus cáithníní ar fad.
TUILLEADH (8) ▼
Ar ndóigh sin é atá sa triosc, cáithníní agus cuilíní a fhananns de bharr crotal an ghráinne. Is ait an bheatha beithíoch é, ach má fhaigheann siad aon ligean ar an leann fhéin, is mór an chontúirt é, arae bheidís dhá ól go bpléascaidís iad fhéin.
Tá mo chuid tae ó mhaith. Bhí an diabhlánach sin ar siúl lena chuid ábhaillí gur líon sé le cuilíní lócháin é. Chuirfinnse ó shéideadh é dhá mbeadh an tapa ionam coinneáil leis.
Tá a shúil go dona. An lá faoi dheireadh a raibh siad ag cáitheadh, chuaigh cuilín den lóchán fúithi, agus chinn sé air é a thabhairt amach. Tá sí dúnta fré chéile anois aige. Banaltra mhaith a theastódh uaidh (banaltra = bean oiliúna. Deirtí go mbíodh bainne cíoch go maith ag súil thinn, nó súil a mbeadh salachar nó dúradán fúithi)
Fainic a mhuirnín, an dtiocfadh aon chuilín den choirce sin faoi do shúil nó bheifeá go dona aige.
Bíonn an iomarca cuilíní ar an gcaiscín sin (arán caiscín). B'fhearr liom fhéin an plúr siopa go fada. 'Sé is fhearr a thiocfadh liom.
Gheofá cuid mhaith de na cuilíní agus de na cáithníní thríd an mbronnach.
Is olc an bheatha beithíoch atá aici muis, mura bhfuil aici ach an lóchán sin. Níor mhaith leatsa cuilíní lócháin a fháil ar do bhricfasta ar maidin — ar mhaith?
Tá rud eicínt thríd an arán seo, muran thríd an bplúr a bhí siad. Is geall le cuilíní coirce iad ach go bhfuil siad dorcha. Ag iarraidh na daoine a chailleadh leis an bplúr sin atá siad?
·
Ní thabharfainn cuilín lócháin ar a bhfuil de thalamh ag gabháil leis. Moing atá i mbarr an bhaile aige, agus breaclachaí sa gcuid eile.
Féach freisin
→
fómhar