Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cuilín
ainm-fhocal, firinscneach.
1.
"cuil" a thugas muinntear an Achréidh ar a' rud a dtugann muinntir Chonamara "cuileog" nó míoltóg air. Dá réir sin "cuilín" a thiubharfaidís ar "chuil bhig".
2.
bolgóid chubhair, nó cáthadh sáile (cuileogaí freisin).
+
Tá'n fhairrge in a cuilíní (cuileogaí) bána indiu = bláth bán ar gharrdha an iascaire; bárr geal ar a' bhfairrge nó í roinnt cáithte.
M'anam go bhfuil sé béal-gharbh go leor amuigh (ar a' bhfairrge) indiu. Nach shin í 'na cuilíní bána uileag í
TUILLEADH (5) ▼
Cá mbeadh a' ballséire do do thabhairt indiu ag iascach! Nach bhfuil a' cuan fré chéile in a chuilíní bána. Deirimse leat go bhfuil sé bun-gharbh go leor ar a' bhfairrge indiu.
Ba deannachtach a' lá é, le dhul amach ar a' loch. Bhí an t-uisce in a chuilíní bána fré chéile.
D'árduigh sé in a gheal-stoirm a's muid leath-cuain. Bhí muid dhár gcaidhleadh le fairrge cháithte, a's cuilíní bána ar an uisce is 'chuile áit. B'ait na bádóirí muid, a's talamh a dheanamh chor a' bith.
D'fheicfeá liagannaí fairrge a's cuiliní bána orra(b) ag eirghe aoirde an tighe.
Bhfeiceann tú an áit sin amuigh a bhfuil cuilíní bána ar an bhfairrge. Carraigreachaí báidhte atá annsin.
·
Bhí cuilíní cubhair ar an uisce 'san abhainn.
D'eile cá'r nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaidh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag a' dochar di náire a bheith uirre feasta choidhchin gan fios a gna(ithe) a bheith aice fhairis sin, ach ní hí is measa ach sibse a leig amach í.
3.
griúillín shúighe (cuileogaí freisin).
+
Buaileadh cuilín (nó cuileog) súighe sa mbaithis orm = griúillín (driúillín) shúighe a thuitfeadh as simléar, nó de na fraghthachaí.
Diabhal a' féidir gurb shin cuilín shúighe a thuit annsin!
TUILLEADH (12) ▼
Tá mo chuid éadaighe millte. Dheamhan falach orm, nach bhfuil faoi chuilíní súighe. A's tréigeann a' t-éadach sin ar fad, má nightear é, ach dheamhan a' féidir lorg a' tsúighe a bhaint amach ar a mhalrait.
Cé'n sórt práib é sin ar mo chóta nuadh! Dheamhan gur cuilín súighe é!
Teann anall ar a' taobh seo de'n teallach. Tá cuilín bheag shúighe a' tuitim annsin.
Giodán fabhtach atá annsin, a's tá cuilín bheag anuas ann. Is géar a theastóchadh stráca tuighe 'san áit chéadna = bhí spota de dhíon nó de leath-chaoin a' tighe a bhí leigean uisce isteach, a's thuiteadh sé in a shúighe.
InDomhnach fhéin is diadhachta dó (do cheann a' tighe nó do'n leath-chaoin) aon-chuilín a bheith anuas ann, a's a ghoirdeacht a's chuaidh díon air. Anuas leis a' gcír atá an chuilín sin. Diabhal a' bhféadfadh a' tuighe nuadh a bheith 'leigean isteach fós, ní fhéadfadh sin.
Ní fhaca tú aon-fhear ariamh a chuaidh ingeallta ach é, 'nuair a thuit an chuilín súighe ar a' bpáipéar. Ach ba bheag a' dochar dó: b'éigean dó tosuighe as a nuadh, a's chuile mhíle focal de'n leitir a scríobhadh aríst.
Níl dochar a' bith 'sna cuilíní tirme sin, 'nuair nach mbeadh an súighe fliuch ann.
Deirimse leat gur beag a' (de) chuilíní súighe a fheicfeas tú anuas ann, má choinnigheann sib teine mhaith thíos igcomhnuidhe. Neart fraighfhliuchais atá dhá dhéanamh sin — seadh sin.
Má's gabáiste l'aghaidh a' ndinnéir atá sa bpota seo, is mór mo mheas go bhfuil sí ó mhaith. Tá cuilíní súighe a' tuitim innte 'chuile phuínnte. InDomhnach is deas a' blas a bheidheas uirre ar ball.
'Meastú nuair a bhí mé ag ithe mo bhéile, nar thuit cuilín shúighe síos in mo chuid bainne. Tá'n teach seo in a chiseach le súighe
Chuirfeá slat ar pharráiste, sul a bhfeicfeá teach chomh broghach brocach leis. Tá cuilín shúighe is 'chuile mhíle ball de.
Go deimhin is deas é t'áit chuarta — teach a bhfuil cuilíní súighe is chuile choirnéal ann.
4.
cuid de lóchán — screamhóigín bheag a bhíos ar a' ngráinne; an cáithnín.
+
Cuilín lócháin a chuaidh le m'anáil, a's tá sé cinnte orm mo sceadamán a réidhteach aige.
Bíonn leann faoi chuilíní a's caithníní ar fad.
TUILLEADH (8) ▼
Ar ndoigh sin é atá sa triosc caithníní a's cuilíní a fhana(nn)s de bharr crotal a' ghráinne. Is ait a' bheatha beithidheach é, ach má fhaghann siad aon-leigean ar a' leann fhéin, is mór a' chontabhairt é, arae bheidís dhá ól, go bpléascaidís iad fhéin.
Tá mo chuid tae ó mhaith. Bhí an diabhlánach sin ar siubhal le 'na chuid ámhuillighe, gur líon sé le cuilíní lócháin é. Chuirfinnse ó shéideadh é, dhá mbeadh an tapa ionnam coinneál leis.
Tá a shúil go dona. An lá faoi dheire a raibh siad a' cáthadh, chuaidh cuilín de'n lóchán fúithe, a's chinn sé air é 'thabhairt amach. Tá sí dúinte fré chéile anois aige. Banaltra mhaith a theastóchadh uaidh (banaltra = bean oileamhna. Deirtí go mbíodh bainne cíoch go maith ag súil thinn, nó súil a mbeadh salachar nó dubhradán fúithe)
Fainic a mhuirnín, a' dtiocfadh aon-chuilín de'n choirce sin faoi do shúil, nó bheitheá go dona aige.
Bíonn an iomarca cuilíní ar a' gcaiscín sin, (arán caiscín). B'fhearr liom fhéin an plúr siopa go fada. 'Sé is fhearr a thiocfadh liom.
Gheobhfá cuid mhaith de na cuilíní a's de na cáithníní thríd a' mbronnach.
Is olc a' bheatha beithidheach atá aice muis, mara bhfuil aice ach a' lóchán sin. Níor mhaith leatsa cuilíní lócháin a fhaghail ar do bhricfasta ar maidin — ar mhaith?
Tá rud eicínt thríd an arán seo, maran thríd a' bplúr a bhí siad. Is geall le cuilíní coirce iad ach go bhfuil siad dorcha. Ag iarraidh na daoine a chailleadh leis a' bplúr sin atá siad?
·
Ní thiubharfainn cuilín lócháin ar a bhfuil de thalamh a' gabhail leis. Muing atá i mbarr a' bhaile aige, a's breaclachaí 'sa gcuid eile.

Féach freisin