Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cuil (50+)

 
Is fear gan faitíos (gan mórán faitís, gan a dhath faitís srl.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin chuile oíche san aer
 
fara
Ó díbríodh as an gcoill iad, níl fara ar bith ag na héanachaí anseo anois. D'fheicfeá cluichí acu ag filleadh ón gcoill chuile thráthnóna. Tá siad líonraithe ag na hurchair. Mharaíodh cleitheadóirí an saol brách acu ansin fadó
+
Is caillte an aimsir í, ní ag ceasacht ar Dhia é. Chuile lá ag baint earasbarr dá chéile — is measa gach lá dhá dteagann ná aon lá roimhe sin
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bhliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint farasbarr dhá chéile
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig acu ag baint farasbarr dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aici ligean fúithi dhá mba é toil Dé é
Teagann tharasbarr bisigh air chuile lá. Is gearr go mbeidh sé as le cúnamh Dé
+
Tá chuile fhata ar an bhfeadhain acu lofa. Bhí a fhios agam sin. An chéad bhéilí céadfhómhair a bhain mé i mbliana, d'aithin mé go raibh siad righnithe. Is beag an dochar dóibh ar scáth a bhfuair siad de thriomach
TUILLEADH (1) ▼
Ronnachaí ar fad a bhí san eangach. Chuile bhreac ar an bhfeadhain acu. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
 
Cuireann sí feadhnach leamhnachta ar chuid na muc chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith iontu. Go bhfóire Dia ar na muca nach bhfaigheann ach an fata tor! Is deacair dóibh aon rath a bheith orthu
+
Níl sí fearacht ná mná seo thoir ag imeacht ag soláthar, agus ag tarlú léithe as chuile áit dhá bhfaighidh sí é. Bean chuibhiúil í
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn slí agus seifte ag an muintir sin soir chuile lá dhá n-éiríonn ar a súil, ní hé a fhearacht sin againne é
 
Níl d'fhuílleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabháil le buile. Bíonn sé chomh goineach le carraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sibh arán ó tharla nach raibh mé fhéin istigh
 
feart
A Dhia na bhfeart go dtuga tú fóirithint dúinn agus do chuile chréatúr eile a bhfuil an t-anó air!
 
fiar
Cuirfidh mé geall leat go dtabharfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé i chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
+
fios
Tá fios margaí ag M. Ph. Mh. Bíonn sé acub chuile Shatharn — tuairisc nó eolas fúthu
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an fhios (de fhios?) a bheadh le fáil uaidh fhéin, ach is mian leis chuile fhios a fháil — chuile eolas, chuile scéal, chuile thuairisc
+
fliuch 1
Níor chaith sé fliuchadh do bhéil d'uisce le leathráithe. Tá chuile shórt spalptha
TUILLEADH (4) ▼
Fliuchadh chuile dhuine a chuid aráin in allas a mhalaí fhéin — caithfidh chuile dhuine obair a dhéanamh lena bheatha a shaothrú
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhalaí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
Bhíodh cuid mhaith leoistíocht ann fadó, ach ní bhíonn uasal ná íseal ina gcónaí anois. Na daoine uaisle fhéin d'fheicfeá ag saothrú anois iad. Chreidim go ndeachaigh buairthín bara orthu thar is fadó. Ní mór do chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhalaí fhéin, mar adeireadh na seandaoine
Níl uasal ná íseal ann anois. Tá an cnoc mar atá an gleann. Bhí sé sa targaireacht freisin go gcaithfeadh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh as allas a mhalaí fhéin.
 
fliuch 2
Tá mo shrón fliuch chuile phointe ag an slaghdán seo — smaois nó cranntairle liom
 
Fliuchán! Tabhair fliuchán air! Chuile lá i mbéal a chéile fliuch
+
'Ar ndó sé an fear fobhairne atá ag an sáirsint é. Ní dhéanann an sáirsint tada gan é a cheadú. Isteach chuige atá sé rite chuile phointe
TUILLEADH (3) ▼
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin i chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bheas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!
Coinnigh leat é sin. Sin é an fear fobhairne atá ag an mboss. Is mór a d'fhéadfadh sé sin a chur ann duit, dhá mbeadh sé leat, ach is mór a d'fhéadfadh sé a chur as duit ar an gcóir chéanna. Níl aon cheo dhá ndéarfaidh sé nach in é a dhéanfas an boss. Bíonn an bheirt ag ól in éindí chuile oíche
B'fhearr liom iarraidh go mór a fháil ar Sh. 'Sé an fear fobhairne é atá aige. Níl iamh air ach ag maíochtáil leis. Is maith glan a choinneos sé fhéin as chuile thromásc, pé acu sin é
+
focal
Tá ag chuile dhuine a laghad agus a fhéadfas sé de phlé a bheith aige le cúirteanna. Béarfar ar fhocal ort ann nó is maith a chruthós tú. Tá dlíodóirí ansiúd agus faobhar orthu ag faire ar chuile fhocal a thiocfas as do bhéal nó go n-aimsí siad é. Nach bhfuil a fhios agam é
TUILLEADH (1) ▼
Ná hinis do scéal d'aon duine. Má insíonn gabhfaidh cor an fhocail air. Nach air sin atá daoine ag faire. Beannacht Dé dhuit! Féacha a gcloiseann tú de luaidreáin chuile lá
 
Dar diagaí tá chuile fhear dhá ardú (i bpáí) ach go bhfóire Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirgthe ar fad
+
Ní fhéadfaí gan breith air. Théadh sé rófhollasach ar an abhainn. Nár fhéad na maortha é a fheiceáil ag dul ann chuile phointe
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé chun tuiscint dom go follasach nach dtabharfadh sé aon cheann dom mura n-ólainn cupla pionta. Sin í an tslíomadóireacht atá orthu leo (toitíní). Gheobhaidh fear an óil iad, ach tá chuile dhuine eile astu
 
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. Ar ndóigh ní bheadh clann na deirfíre beo chor ar bith dhá uireasa
 
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
 
'Sí a chuid frasaíl fhéin a d'fhága mar sin é. Níor sheas an uachta dhó mórán le bliain. Nach mbíodh sé ag glaoch i chuile theach ósta sa tír
 
Tá a dhóthain le freagairt ag chuile dhuine agus freagairt ar a shon fhéin (.i. i láthair Dé) gan bacadh le duine ar bith eile
 
í mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt ina dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat ina fhear fobhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindí liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
 
Chúig leoraí a d'fhága sé ag chuile chruach — a mheas sé nó a cheap sé do chuile chruach
 
fág i
Fágaim fiche cliabh fataí a bheith i chuile pholl. Níl thairis iontu. Tá an oiread fataí agamsa leis ina dhiaidh sin, mar tá poill théagarthacha agam. Níorbh ait liom taibhsí a chlúdú ariamh
+
fág
Fág sin, agus tabhair bealach dhom. Cén fáth dhuit a bheith in do staidhce ansin i mbealach chuile dhuine
TUILLEADH (2) ▼
Fág an doras, agus ná bíodh chuile dhuine ag breathnú ort
Ní raibh a dhath air sin nuair a leag mé ansin é inné. Ach cár fhága tú ábhailleacht ghasúir ar ndóigh? Tá an clampar orthu. Ní mian leo gan a dhul ag spochadh le chuile shórt
 
Bhí maingíní agus bagáistí aige i chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneoig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé ina dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirgthe.
+
Dheamhan buille ar bith a níos sé sin ach ag máinneáil timpeall an bhaile ag coinneáil chuile dhuine eile ó obair
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an áit a bhfeicfeá anois chuile Shatharn é ag fáinneoireacht ar mhargadh na mbanbh ag tnúthán go gcaithfeadh duine eicínt pionta aige. Is suarach an tslí do dhuine ar bith a bheith ar a cheird
 
Bíonn sé ina shuí le fáinniú lae chuile mhaidin
+
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneáil daoine ina gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Tá fálróid mhór ar mhaor. An maor sin a bhí thuas ag S. i bhF. dúirt sé linn thíos ansin anuraidh go mbíodh siúl deich míle air chuile lá, agus lena chois scaití. Tá an domhnaíocht chaorach ansiúd. Agus caithfidh sé aithne chinn a bheith aige ar chuile cheann ar an bhfeadhain acu
 
fána
Go dtóga an diabhal le fána aille thú — crosaim aríst thú! Tá an áit thrína chéile agat chuile phointe