Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
failic, failicín
ainmfhocal, baineann
1.
dorna, iarraidh; buille de chrobh na láimhe.
+
Bhuail sé failic orm — dorna; iarraidh
Má thugaimse failicín duit beidh cuimhne agat uirthi
TUILLEADH (2) ▼
Buaileann sé corrfhailicín orthu de réir a láimhe
An fhailic is fánaí a gheobhadh bó ar an dúlia leagfadh sé í. Nach bhfuil an duine ar an gcaoi chéanna? Níl neart aige iarraidh ar bith a fháil ar an gcamóig ara nach bhfuil sé tite ina phleibistín
2.
mám coirce; bran srl.
+
Thug sé failicín maith coirce do na cearca — glac, mám
B'fhearr dhuit failicín choirce a chur thrí na fataí sin di. Ní beatha do chapall oibre fataí ar aghaidh
TUILLEADH (3) ▼
Coinníonn sé failicín bran ar chuid nalaontaí i gcónaí. Tá a shliocht orthu: níl na cnámha amach thríothu mar atá thríd an gcuid s'againn féin
Faigh failicín gainimh agus sciúr na stólta sin leis. Sin é a chuirfeas an ghlaineacht orthu
Tabhair isteach failicín de na screacháin (creacháin) sin; agus caith síos orthu iad. Déanfaidh siad cearca
3.
neamhthíobhas; plaicín ghabhair; rud a ídiú an-sciobtha; gan aon bharainn a bheith i nduine i dtaobh airgid, beatha srl.
+
Is gránna an chaoi an iomarca failice a dhéanamh ar an rud mar sin — plaicín ghabhair a dhéanamh dhe; é a ídiú de léim
Is bocht an diabhail daoibh gan aon fhata a bheith agaibh agus an fhailic a rinne sibh orthu le dhá mhí. Tá ráithe eile fós ar fhataí nua. Tá a mh'anam, ráithe go láidir
TUILLEADH (4) ▼
Má thugann tú an t-airgead dó sin, déanfaidh sé failic air. Níl duine ar bith is dearfa dhuit a thabhairt dó na do Ph. Mise i mbannaí nach gcaithfidh sé sin é
Is diabhlaí an fhailic a rinne sibh ar an móin le cupla lá. Dheamhan dhá chaorán ann anois, théis gur Dé Luain a bhí mé i gcoinne aistir. Is suarach an t-ionadh nach ndíolann sibh aon fhód agus a bhfuil sibh a dhó
Fuair tú dhá unsa tobac Dé hAoine agus is duit is mó náire má tá siad caite agat. Ní fhaca mé aon duine ariamh is mó failic ar thobac ná thú. Dheamhan caint ar bith agat cá bhfaighfear a luach
Tháinig dhá ghalún déag fuisce, agus nach diabhlaí an fhailic a rinneadh air, agus nach raibh deoir ann ag an sé maidin Déardaoin. Dheamhan an striog. Ach ba deacair dhó: roinneadh ina channaí é, agus a raibh sa teach tite

Féach freisin

failic in iontrálacha eile (3)

 
Níl maith ar bith i bhfrasaíl. Féadfaidh duine a bheith gnaíúil gan failic a dhéanamh ar fad
 
B'fhurasta dó comaoin a chur ar dhaoine. Dhá mba é a chuid fhéin a bheadh sé a chaitheamh, ba bheag an lua aige mórán failic a dhéanamh leis. — b'fhurasta dhó comaoin a chur ar dhaoine nuair nach raibh tada dhá chaillteamas féin leis.
 
Tuilleadh diabhail aige! Ní bheadh leath an chirt leis dhá mbeadh sé ag dul a chodladh ina throscadh. Nuair a bhí fuíoll na bhfuíoll aige ní thabharfadh sé aire dhó ach ag déanamh failic agus drabhláis