fiodrince
—fiodarince freisin
—
a.
léimneach, leipreach; preabadh.
+–
Go deimhin ní damhsa atá aige ná tada dhá shórt, ach bíonn sé ag fiodrince leis mar sin. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé muide
Is beag is call dó a ól nuair a bhíos sé ag fiodrince
TUILLEADH (1) ▼
Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar na gasúir sin anois? Sin a thomhais ort cén cheird a bhí orthu ar a theacht isteach dom: ag fiodrince ar mo chóta nua. Má chuaigh leo, castar liomsa é muis
b.
ag éirí ó thalamh mar a bheadh duine le pian, le olc, le gliondar srl.
+–
Ná bí ag siocadh liom chor ar bith, adeirim leat, nó cuirfidh mé ag fiodrince thú ar fud an tí — tabharfaidh mé buille duit a chuirfeas ag léimneach le pian thú
Bhuail mé mo lorga faoi chois an bhoird agus chaith mé an lá ag fiodrince ar fud an urláir ler chuir sí de phian orm
TUILLEADH (3) ▼
Spréach sé nuair a chaith an ceann eile an chaint sin agus thosaigh sé ag fiodrince ar fud an sráide. 'Dhá mbeadh an glamaire agamsa anseo,' adeireadh sé, 'chuirfinnse riocht air nach ndéarfadh sé é aríst'
Ag fiodrince le olc a bhí sé an uair sin. Is furasta é a chur sa gcruth sin
Nuair a chinn air an bicycle a dheasú, chaith sé anuas é agus d'áitigh sé ag fiodrince ina mhullach. Dheamhan spóca ag gabháil leis nach ndearna sé mionúch dhó (dhe)
Féach freisin
→
fiod-
fiodrince in iontrálacha eile (3)
+
Tá gasúir an tí seo imithe ag foléimneach agus ag fiodrince thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! — cuirtear foléimneach agus fiodrince le chéile
TUILLEADH (2) ▼
Thosaigh an capall ag foléimneach agus ag fiodrince ar fud an gharraí chomh luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart dhíomhaointis!
Bíonn luchain bheaga ag foléimneach agus ag fiodrince ar fud an urláir ansin ar feadh na hoíche. Dheamhan a leithide de rírá a chuala tú ariamh agus a bhíos acu! Airíonn siad nach bhfuil aon chat anseo