Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

focla (6)

+
focal
Ní bhriseann focla maithe fiacla. Níor bhris ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Bíodh an dea-fhocal ag an té a bhíos ag caint. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
Focla do charaid agus claíomh do namhaid, an dá rud is measa ar bith duit — cuireann caint do charaid amú thú; beidh sé ag borradh leat nó ag tabhairt moladh dhuit nach bhfuil tuillte agat, agus cuirfidh sé de do threoir thú
+
Ní bhriseann dea-ghlór fiacail (agus tugann an fear sleamhain fiacha leis); ní mhilleann dea-ghlór fiacail srl.; ní bhriseann focla maithe fiacla — má dheireann an duine an rud cóir cuibhiúil, ní chuirfear aon araoid air ná ní bhuailfear é
TUILLEADH (1) ▼
Tuilleadh diabhail aige. A chuid bollaireacht féin a thug an méid sin air. Dhá gcoinníodh sé a bhéal ar a chéile, ní bhainfí leis. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
 
díle 1
Nuair a bhuaileas ruibh na cainte é, cheapfadh duine gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bíonn sé chomh luathchainteach sin. Níl ort ach muintir Mh. a tharraingt aige. Teagann coinneal ann agus áitíonn air ag cur caoi orthu agus ag díbliú orthu. Déanann sé leitheachaí de na focla ina bhéal, bíonn an oiread sin anbhá air. Níl greann go héag ach éisteacht leis