foghlú (13)
+
Diabhal claí ar aon gharraí ag gabháil linn ach claí a bheas foghlaithe. Dhá bhfaightí am air, níor mhór seachtain a chaitheamh dhá mbiorú — beidh beithígh in ann a dhul isteach thar na claíochaí agus foghail a dhéanamh sna garrantaí
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh aon ghort istigh ar an mbaile ariamh nach raibh foghlaithe ag an dream céanna, hé brí cén fál a bheadh air. Agus dheamhan a dhath sásaimh a gheofá uathu ach píosa sciolladh a dhéanamh ort
Bhí achrann ar an mbaile seo thiar inné. P. a chuaigh ag fuagairt foghla do N. agus d'ionsaigh N. é. Dar mo choinsias, tá a bhfuil d'fhataí ag P. i mbarr an bhaile foghlaithe millte. Beithígh N. a rinne é. Leag siad an claí teorann
Ag iarraidh an garraí sin a fhoghlú atá sí. Meireach gurb ea, choinneodh sí a cuid beathach ar a cuid fhéin thar is cead scoir a thabhairt dóibh ar bhóithrí.
Cheannaigh sí cóisir bheathach agus níl ceo faoin saol le n-ithe acu anois ach dúrúch orthu ar fud an bhaile ag foghlú chuile shórt. Dheamhan a bhfaighidh sí a cuid fhéin go deo orthu, ná cuid d'fháil
→
fál
Más iad trí bhua an fhir mhaith fál faire agus mochoirí, ní fear maith é seo thíos. Níl fál ag gabháil leis anois nach bhfuil foghlaithe, agus chí Dia muise nach mochóireach maith é
→
deascán
Rinne deascán bulláin le S. Ph. Mh. foghail air anseo an bhliain cheana. Ba bheag acu a bhí ann déarfainn, ach má ba bheag mór é, soir leis de mhaoil a mhainge gur fhuagair sé do na póilíos é. Sin é an fear atá géar faoi fhoghail. Agus cuid chuile dhuine foghlaithe aige féin. Ach bíonn daoine ann mar sin
→
diaidh
Shílfeá nach bhfuil breathnú ar bith i ndiaidh na gcaorach sin, ach cead acu a rogha rud a dhéanamh. Bhí siad thoir ar chuid J. T. Mh. inniu. Mise i mbannaí má bhíonn a gcuid féin foghlaithe gur maith gasta a bheas sibh amuigh dhá fhuagairt
→
dlúth 1
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach iontu go tóin. B'uafás é a seanathair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí sa teach a bhfuil T. Ó C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarraí fataí leis thuas i mbarr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghlaithe ag an ngamhainín. D'fhága sé ansin é agus tháinig sé anuas go teach de mhaoil a mhainge go bhfuair sé láí agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láí agus leis an bpíce. Cén bhrí ach chuaigh sé suas agus anuas thar teach na baintrí gan caidéis ar bith a chur uirthi. Ghiorraigh sé leis an ngamhainín ar aon chor agus d'fheann sé é, agus d'ardaigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrí dhó, d'fhuagair sé uirthi: 'Gabh suas agus cuir do ghamhain,' adeir sé. 'Thug mise an craiceann liom in ómós foghla'
Sin iad an dream is díoltasaí istigh sa tír. Bacadh iad thíos anseo ag an gcladach anuraidh an áit a raibh chuile chlaí ag gabháil linn ann curtha timpeall a gcuid cocaí feamainne acu. Meas tú nach ndeachaigh siad de shiúl oíche, agus ar fhága siad claí i mbarr an bhaile againn nach raibh foghlaithe ar maidin!
Nach deas an chaoi anois orm é théis mo dhúthracht a chaitheamh leis an ngort sin, nach bhfuil fata de bhláth bliana ann nach bhfuil foghlaithe — shaothraigh mé go maith é, dhá leasú dhá chur, dhá ghortghlanadh srl.
→
téigh ar
M'anam go ndeachaigh a cheart air má chuaigh dhá phunt air. Deamhan luach dhá phunt a bhí foghlaithe ariamh ag a chuid beithíoch ann