Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

foghlaim (50+)

 
fios
Tá sé nua-aoiseach ag an gcúirtéireacht fós. Níl fios na rópaí aige. Is namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim, adeir siad
 
foirm
Tá foghlaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach más in í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí sa té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa don fhear sin. Nár chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon Naomh Pádraig amháin, moladh go deo leis
 
ceal 1
Ní ghlacfaí é, cheal foghlama. I nDomhnach, shíl mé gur chaith sé siúd i bhfad ag dul chuig an scoil!
+
Dheamhan scil ar bith a gheobhadh fear na tíre seo cén chóir a mbíonn siad in ann an seol a chinnireacht chor ar bith ar fheochan. Ach is namhaid an cheird gan í fhoghlaim,' mar adeir an té adúirt é.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé mór agamsa a dhul ag cinnireacht daoine, fear atá ar bheagán scoile agus foghlama, agus nach ndeachaigh níos faide ó bhaile ná Gaillimh ariamh.
 
Ní mhúinfeadh máistrí scoile na hairí aon fhocal foghlama dó nuair nach mian leis fhéin tada a thógáil. D'ordaigh cinnire cúnamh
 
Is comaoin dó a bheith gnaíúil lena athair. I nDomhnach thóg sé go maith le scoil is foghlaim é.
 
Dheamhan a bhfuil sé i gcosúlacht a bheith an-fhoghlamtha, ach ní bheadh a fhios agat ina dhiaidh sin.
 
Ní bheadh locht ar bith agam ar an áit murach nach bhfuil cóineas scoile ná teach pobail ann. Dheamhan scoil ná foghlaim a bhfaigheadh (gheobhadh: foirm an Achréidh) na putaí ach an oiread liom fhéin. Ba mhór liom iad a choinneáil as anois agus gan iad ach ag tosaí ag foghlaim.
+
beart
Deirimse leat, ainneoin nach raibh foghlaim ar bith air, ná focal Béarla ina phluic, gurb úd é a bhí in ann a bheart a tharraingt i Meiriceá. Tá a shliocht air anois; 'sé atá ina shuí go te ann léar (de réir) mar a chuala mé.
TUILLEADH (1) ▼
Nach cuma dhó foghlaim aige ná uaidh ó tá sé in ann a bheart a tharraingt. Agus dar príosta, 'sé atá.
 
Ní chuirfeadh a bhfuil de mháistrí scoile i gCrígh Fáil aon cheo foghlama isteach ina cheann sin. B'fhearr ligean dó ar fad.
 
beo 1
Dheamhan mac an bhéil bheo istigh ar an mbaile sin a fuair aon fhoghlaim ariamh. Bhí an scoil rófhada uathub — ceithre mhíle bealaigh.
 
bocht 1
Is foghlamtha an mac duine bhoicht é.
 
Ara dheamhan blas (foghlama) a thógfas an bodhránach sin go brách. Is geall le duine é nach mbeadh gus ar bith ann.
 
Bhuail sé a chleite fhéin isteach sa gcomhrá, ionann is dhá mba duine foghlamtha é fearacht an chuid eile — bhuail sé a ladar fhéin ann
 
Is mór is fiú do dhuine an fhoghlaim. Ní ualach ar aon duine í ag bualadh faoin saol dó.
 
buail
Buaileadh a mhac seisean sa gceisniú a cuireadh orthub, agus ina dhiaidh sin, fuair sé uain a ghabháil sa gcoláiste. Más ea, is caraideachaí agus fabhar a rinne dhó é, agus ní foghlaim.
 
buille
Deir (dar) liom fhéin gur mór an buille ar dhuine a bheith d'uireasa foghlama ar an saol atá ann.
 
Is gearr an t-achar a bhainfeas sé siúd amach in aon choláiste. Ní hí an fhoghlaim chor ar bith atá ag cur síos leis ach ealaín eile.
 
Tá sé buailte amach i bhfoghlaim ag mo mhacsa — tá sé scoite i bhfoghlaim ag mo mhacsa
 
áirge
Ní áirge mhór an fhoghlaim gan an t-airgead
 
anam
Tá a chroí agus a anam sa bhfoghlaim.
 
anuas
Bhí bean anuas as Baile Átha Cliath anseo againn ag foghlaim Gaeilge tá cupla bliain ó shin.
+
ard 2
Murach a raibh d'fhabhar aige, ní bheadh sé chomh hard sin i bposta, mar ní raibh a dhíol foghlama aige le aghaidh aon cheann posta den rath.
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé an-ard i bhfoghlaim, chuala mé — tá sé an-fhoghlamtha
Cén chaoi ar fhéad sé a dhul chomh hard sin i bhfoghlaim mura raibh airgead ag a mhuintir le cailleadh leis.
Níl aon mháistir scoile sa tír adeir siad, is airde i bhfoghlaim ná é.
Tá an intreacht (intleacht) aige le dhul ard i bhfoghlaim má thograíonn sé fhéin sin.
Chaith sé cheithre bliana ag dul chuig coláiste agus tá sé chomh hard in ealaín agus atá sé i bhfoghlaim dhá bharr.
 
ascar
Ba ghearr in ascar na diallaite é, a mhic ó, gur sínte ar an mbóthar a bhí sé: ar ndóigh, namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim
 
Ag foghlaim Ghaeilge atá sé ab ea? M'anam muise go mbeidh fiannaíocht air shula bheas aon Ghaeilge aige. Níl focal ina phluic.
 
Bíodh ciall agat! Fear foghlamtha thú i ndar liom fhéin, agus ina dhiaidh sin, tá floscaí agus flasúlacht an dream seo do do dhalladh. Ar inis tú é sin do Ch. Sin é an fear a d'inseodh duit cén deis iad. B'fhearr dóibh a dhul agus leasú na bliana anuraidh a íoc ná bacadh lena gcuid flasúlacht
+
fonn
"Fonn, féile, agus filíocht: sin trí ní nach féidir a fhoghlaim" — ní mór do dhuine a dtabhairt leis ó bhroinn
TUILLEADH (3) ▼
Ná bac le mo chuid amhráinse. Níor dhúirt mé aon amhrán i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Ní féidir fonn a fhoghlaim, adeir siad. Fonn, féile agus filíocht: sin trí rud nach bhfuil aon ghair ag duine a fhoghlaim
Dhá gcuireadh sé bun a bhundúin amach ag iarraidh amhrán a rá chinnfeadh air. Ní féidir fonn féile ná filíocht a fhoghlaim. Sin rudaí a ghreamaíos do dhuine ó shinsir.
Tá fonn mór uirthi sin rud a fhoghlaim go deimhin!
+
Murach an intreacht chinn a bheith aige, ní thiocfadh an fhoghlaim leis chomh réidh
TUILLEADH (2) ▼
An té a bhfuil intreacht aige, tagann an fhoghlaim go réidh leis
Níor fhoghlaim sé an cheird ariamh. Thóg sé as a intreacht fhéin í
 
ionú
Cén chaoi a bhféadfadh aon fhoghlaim a bheith air agus nár chaith sé aon ionú ar scoil — aon achar
 
lear 2
Tá an-lear airgid, talún, beathach, foghlama, Gaeilge srl. aige — go leor
 
Tá farcáin tógtha ar mo lámha ar scáth an t-achar a bhí mé leis an tsluasaid sin. Ach namhaid í an cheird gan a foghlaim, adeir siad
 
D'fhoghlaim sé friotháil an aifrinn ag an scoil, ach níor fhriotháil mé aon aifreann ariamh ina dhiaidh sin
 
Ag imeacht ag fámaireacht nó ag foghlaim Gaeilge atá tusa bail ó Dhia ort … An péire i dteannta a chéile! Is fhearr ná sin é.
 
feasta
Is diachta dhuit gan do chuid lessons a bheith foghlamtha agat feasta agus thú leo ó ardtráthnóna
 
Tá dalladh foghlamtha agat anois. Nach raibh tú sa Sixth Book. Fan sa mbaile!
 
dearmad 1
Tá sé ina dhearmad ort, théis a bhfuil d'fhoghlaim ort — tá dearmad (earráid) déanta agat
 
Ní bheidh sé sin ar deireadh d'uireasa posta. Tá éadan aige ar chaoi ar bith, bíodh foghlaim air nó ná bíodh!
 
deis
Ba mhaith liom deis a thabhairt dóibh thar is mar fuair mé féin. Ar an dá luath is a raibh mise deich mbliana d'aois, bhí mé ruaigthe amach ar aimsir. Thabharfainn scoil agus foghlaim dóibh seo, ach dar leat, níl siad an-ghafach leis an scoil. Bíodh acu. Iad fhéin a bheas siar leis, agus ní mise