Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fonn

foinn (9)

 
amach
Cas amach stéibh foinn — abair amhrán
+
fonn
Bhí spéice foinn acu — bhí siad ag gabháil fhoinn nó ag casadh poirt
TUILLEADH (7) ▼
Croch suas spéice foinn — abair amhrán
Ní raibh a fhios agam faoi sheacht ranna na néal cé a bhí ag teacht aníos an bóithrín agus spéice foinn thuas aige. Sin é an uair a chuimhnigh mé ar an gcailín báire
Ní chasfaí spéice foinn ar bith agat! Má tá, anois atá agat cur díot. Má chloiseann sé seo istigh amhrán ag dul thar a theach, spréachfaidh sé, agus gheobhaidh tú spóirt air
Croch suas streancán foinn a fhleascaigh! … Ara éist anois … Chomh maith agus nach bhfuil aon amhrán agat! Tá lán mála agat agus sreangán cuachóige air!
Abair amach stave foinn! Ná tabhair le rá don dream anoir é. Tá siad ag grágaíl ansin i gcaitheamh na hoíche
'Sé an rún a bhí ag N. stave foinn a rá murach gur bacadh é. An bhfaca tú tórramh ar bith ariamh nach mbeadh sé ag iarraidh a dhul ar na hamhráin? Má chonaic muis, ba tórramh ghortach í
Croch suas stéibh foinn. Maith an fear! Ar ndóigh ní náire atá ort. Bí chomh teann anseo agus a bheifeá agat fhéin