Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
foléimneach, foléimreach
ainmfhocal, ainm briathartha
léimneach; leipreach; éirí in airde; spraoi; macnas mar a bhíos ar siúl ag aos óg agus iad ag súgradh i ngarrantaí, nó ag ceann bóthair.
+
Tá sé ag foléimneach ansin in éindí le na gasúir sin thíos. An fhad is a fhanfas siad sin ina aice, ní thaobhóidh sé aon dinnéar
Níl aon ghnaithe agat a bheith ag foléimneach in éindí le na rúscairí sin. Gortófar tú, Dia aithnítear!
TUILLEADH (4) ▼
Thosaigh sé ag foléimneach ar fud an tí, le teann taighd. Is uaidh a theastódh an iarraidh!
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonaic mé ag foléimneach ansin thíos in éindí le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar acu. Ag dul ina mháistir scoile atá sé siúd?
Lig de do chuid foléimneach anois nó cuirfidh mise laincis ort!
Tá ceart agaibh bhur ndíol den fholéimneach sin a bheith agaibh ó mhaidin. Ní thuirseodh an saol sibh
+
Tá gasúir an tí seo imithe ag foléimneach agus ag fiodrince thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! — cuirtear foléimneach agus fiodrince le chéile
Thosaigh an capall ag foléimneach agus ag fiodrince ar fud an gharraí chomh luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart dhíomhaointis!
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn luchain bheaga ag foléimneach agus ag fiodrince ar fud an urláir ansin ar feadh na hoíche. Dheamhan a leithide de rírá a chuala tú ariamh agus a bhíos acu! Airíonn siad nach bhfuil aon chat anseo

Féach freisin