foríseal, fuaríseal
—aidiacht
—
íseal nó buníseal, nó íseal go maith.
+–
Tá glór fuar-íseal aige — glór neamhaí; glór gan aon bhrí ná aon spreacadh
Labhair sé chomh foríseal agus nach bhfuil a fhios agam ó Dhia anuas céard adúirt sé
TUILLEADH (2) ▼
Breá nach n-abrofá do chuid cainte amach agus gan a bheith chomh fuaríseal. Shílfeá gur dhá cangailt agus dhá comhchangailt atá tú … Ach féacha aríst é! Ar an gceird cheannann chéanna. Is gearr go gcaithfidh duine a chluais a bhualadh isteach le do bhéal
Teach fuaríseal é. Leagfá do láimh ar an bhfraigh ann gan stró ar bith