fordhóigh, fuardhóite
—aidiacht bhriathartha: fordhóite
—
ruadhóite; screamhóig nó cnáimhín bheag dhóite a bheith ar rud; gan an dó ag teangmhachtáil le rud ach ar éigean.
+–
Tá an cáca seo fordhóite. Nach diabhlaí nár thapaigh sibh é agus cuingir agaibh ansin ar an teallach agus gan tada eile ar bhur n-aire
Tá an leabhar fuardhóite. Dheamhan dochar ann. Níl uirthi ach an méid sin. Murach chomh maith agus a d'oibrigh mé, bheadh sí ina caor
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go bhfuil fuardhó beag ar a leiceann. Chuile sheans gur sa ngríosaigh a chaith sé sin an oíche. Nach bhfuil a fhios agat go maith go raibh sé sin dallta ar meisce
Tá sciathán na circe fuardhóite. Múinfidh sin aríst í gan a bheith ag déanamh aicearra thríd an tine
Chuaigh an teach thrí lasadh os a chionn. Amach i bhfuinneoig i mbarr an tí ab éigean dó a dhul. Dheamhan scríb bhisigh a d'éirigh dhó — míle buíochas le Dia — cé is moite go raibh a mhullach fuardhóite ar éigean. Bhí an t-ádh air ar chaoi ar bith, bhí sin