fortabháil
—ainm briathartha
—ainmfhocal, baineann
—mortabháil ó cheart b'fhéidir
—
tuilleamaí; i gclé; i gcleithiúnas; ag forcamhás.
+–
Bhí mé thíos ar an móin i gCill Dara anuraidh. Chonaic mé feilméara ansin agus go leor talúna aige. Bhí deich bhfeara fichead ag obair aige agus iad ag codladh i dtentannaí. Déarfá go raibh cuid mhaith ag fortabháil air — ina thuilleamaí; go raibh go leor ar a aire; go raibh cuid mhaith aige le freastal dó; go raibh a sháith idir a lámha aige
Níl mórán ag fortabháil air, arae níl sac ná mac ná muirín aige, agus dhá mbeadh, sin iad a bheadh ar anó!
TUILLEADH (4) ▼
Nach mór a bhíos ag fortabháil ar mháistir scoile fhéin. Bíonn clann mhór aige! Is deacair dó iad ar fad a chur ar a leas!
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. Ar ndóigh ní bheadh clann na deirfíre beo chor ar bith dhá uireasa
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuillidh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san airdeall ar do chuid beathach. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cíor tuaifil díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agat é a fháil in aice láthair: sin nó ligean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó basctha ansin thuas shul má gheofaí í
Tá cead scoir agam anois. Níl tada ag fortabháil orm. Sách fada a bhí buairthín orm. Beidh a shliocht orm anois: bainfidh mé ceol as an saol go ceann scaithimh.
·
Nach in é a bhfuil d'fhortabháil ort aríst i mbliana: na cupla gitín fataí sin a bhaint? Féacha mise nach bhfuil sop raithní bainte agam fós agus tá seachtain ar an bportach orm freisin!
Níl d'fhortabháil ortsa ach thú fhéin agus is cuma dhuit cén t-am as seo go maidin a dtiocfaidh tú abhaile ach tá cúram capaill ormsa, agus ach an oiread le scéal, dheamhan gráinne coirce a thug mé di fós inniu