Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fraitheachaí (15)

 
Tá clifeartach de mhac mhór aige — bail ó Dhia agus ó Mhuire air! — agus bhuailfeadh sé a cheann thuas ar na fraitheachaí sin.
+
fraigh
Leagfaidh tú fraitheachaí an tí má bhíonn tú i bhfad eile ar siúl
TUILLEADH (11) ▼
Bhí an dóiteán déanta suas le na fraitheachaí nuair a tháinig siad isteach, ach ní raibh sé sa díon
Bhuailfeadh sé a cheann thuas ar na fraitheachaí. Ní fhaca mé aon fhathach ariamh mar é, bail ó Dhia air
Bhain sé dhó a sheaicéad agus chaith sé suas sna fraitheachaí é agus d'iarr sé fear ar bith sa teach amach (ag troid)
Feicim dhá racán thuas sna fraitheachaí sa teach seo thíos
Tá líonta crochta sna fraitheachaí ann
Chuaigh sí sna fraitheachaí ansin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le mairnéalach agus níor tháinig litir ná scuan uaithi uaidh sin suas
Meas tú nach bean í sin atá gaibhte sna fraitheachaí. Murach gurb ea, ba bheag an baol uirthi a dhul ag tabhairt chomhluadair don seandroinníneach sin atá a trí haois
Chomh luath agus a caintíodh ar an áit thoir chuaigh sé sna fraitheachaí. Shílfeá a mhic ó go leagfadh sé an teach go talamh. Siúd é an diabhal atá drochmhúinte.
Gabhfaidh sé sna fraitheachaí. Is fhearr dhuit gan treas ar bith a chur air. B'fhéidir gur thú a mharú a dhéanfadh sé. Siúd é úll na haithne
Má theagann S. sna fraitheachaí, dar m'anam duit go mbeidh scéal agat air. Níl duine ar bith beo is preabaí ná é. Speirfeadh sé thú chomh héasca agus a bhreathnódh sé ort. Mo chomhairle dhuit: ná bac leis
Sin é an chaoi a bhfuil an t-aos óg atá ann anois: imithe sna fraitheachaí. Níl smacht athar ná mathar orthu
 
daol
Ó rud eicínt nár thaitnigh leis anois a fuair sé an daol sin muis. An iníon atá ag cur a cosa uaithi aríst ag iarraidh a dhul go Sasana. An t-am deiridh a ndearna sí Sasana a shamhailt leis, bhí sé ag dul sna fraitheachaí go ceann míosa, agus thagadh daolanna an diabhail ann dhá gcainteá (gcaintíteá) ar aon duine a bhí i Sasana leis. Tá sé caite ina cheann críochnaithe aige gur i ndiaidh Ph. Mh. atá sí ag dul ann; agus chuile eallach aige ach é sin
 
dod
Is furasta dod a chur air. An rud is fánaí ar bith feicfidh tú ag gabháil sna fraitheachaí é