framsálach, pramsálach
—
duine a bhíos ag framsáil, ag foléimneach, ag macnas mar a bhíos gasúr, ag gearramansaíocht mar a bhíos capall, ag prioncam; ag bóithreoireacht, ag fálróid, gafach le damhsa srl.
+–
Nach é an framsálach é (pramsálach, framsálaí, framsálach srl.) — duine a mbeadh macnas léimní, spraoi, damhsa srl. air
Mura gcoinní tú an pramsálach de chapall sin ceansaithe, agus gorta a thabhairt di, is gearr go ngabhfaidh sí ó smacht ort ar fad. Rachmall beatha atá uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh ailí. Ní cheal macnais air muis