freastal (50+)
Tá díol a fhreastail (d'airgead) aige, ach dheamhan farasbarr ar bith (níl pínn d'farasbarr aige)
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. Ar ndóigh ní bheadh clann na deirfíre beo chor ar bith dhá uireasa
→
fána
Tharraing sé an iomarca rudaí air féin. Is maith an rud do dhuine freastal do rud nó dhó. Tá sé gan Murchadh gan Mánas anois. Is minic ar ndóigh a thug tuile fear buile le fána
→
ceasúil
'Sé an tanálach bradach é. Tá sé chomh héisealach agus nach féidir a bhéilí a leagan chuige. Bíonn locht aige ar an bhfeoil go mbíonn sé rócheasúil, agus an t-arán go mbíonn an iomarca soda ann. B'fhearr dhuit beo i dtalamh ná ag freastal air.
→
cinnire
Má fhágtar chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóibh ar fad. D'ordaigh cinnire fhéin cúnamh.
Is deacair dom ciseadóireacht a dhéanamh nuair nach bhfaighim aon fhreastal. Nach bhféadfadh sibh na slata sin a bhruith agus a dhlaoithiú ó tharla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
→
beart
Iompair do bheart fhéin; déan do ghnaithe fhéin; cuir dhíot, nó freastail do do chúram fhéin; ná bí ag fás suas ar aon duine eile; déan do bhealach
Is iomaí creachlaois a d'fhéadfainn fhéin a dhéanamh, murach go gcaithim freastal do na Gaeilgeoirí sin go hacht is go háirid. Sháróidís thú, agus barr an dathúlacht, ní hé an uair chéanna a dteastaíonn an dinnéar ó bheirt ar bith acub.
→
crúbáin
Beidh iarracht maith againn ar thaobh ó thuaidh gharraí an chladaigh amárach faoina bheith slán dhúinn. Tá sé deargtha againn cheana soir chomh fada le na crúbáin, agus ní aireoidh muid an méid eile má fhaigheann muid freastal.
→
beo 1
Hé brí cén bhean a thiocfas isteach ansiúd, sí a chaithfeas a bheith beo broidiúil le freastal a dhéanamh ar chuile shórt. Tá an-lear oibre ann, ag réiteach muc agus beithíoch.
→
bollaire
Bhí an díle cainte ar an mbollaire. Is mór atá sé crúthachtáil agus freastal chor ar bith, dhá mbíonn le rá aige.
→
buille
Níl líon lé agam. Sin é an buille! Níl aon ghair agam a dhul in aon áit d'uireasa díol mo fhreastail.
+
Tá sé ina bhúilleach ag feamainn agus é ag cinnt air freastal di — tá an oiread feamainne aige agus nach bhfuil sé in ann í a chur amach ná as an gcladach.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé in mo bhúilleach cheana le neart oibre agus é cinnte dubh is dubh orm freastal dá leath.
→
aird 2
Níl aire ná aird agaibh ar luach leithpínne mura mbí mé fhéin istigh le freastal do chuile shórt — níl aon airde agaibh ó Dhia anuas ar thada srl
+
→
aire
Níl duine ná deoraí (níl duine ó Dhia anuas, mac an éin bheo, Críostaí an éin bheo, Críostaí an bhéil beo, ginealach an bhéil beo, mac an pheata, mac mioscais srl.) aige anois le aire a thabhairt don teach, agus ní fhéadfaidh sé fhéin freastal don áit istigh agus don áit amuigh (ní fhéadfaidh sé a bheith istigh is amuigh)
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mórán ar a aire fhéin ach freastal ar a chuid beithíoch
Tá an oiread sin ar m'aire agus nach bhfuil mé in ann freastal dhá leath, ná dhá thríú cuid.
Tá tuirsiú a láimhe ar a haire istigh agus gan a bheith ag iarraidh uirthi freastal don áit amuigh chomh maith — tá dalladh le déanamh faoin teach aici agus gan a bheith ag súil go ndéanfadh sí obair amuigh (.i. ar an talamh) freisin
+
→
amach
Ní fhéadfaidh muid freastal don dola amach seo i gcónaí — ní fhéadfaidh muid an oiread seo airgid a chaitheamh ar earraithe srl. i gcónaí.
TUILLEADH (1) ▼
Is mairg duit nach n-íocann as láimh é mar beidh neart ag teacht trasna ort amach anseo agus ní móide go mbeifeá in ann freastal dó.
→
amuigh
Nach bhfuil a gceart acub fhéin ann le freastal don áit amuigh — do chúrsaí na talún srl., chuile chúrsaí ach cúrsaí tí.
Tá sé ag gabháil rite le daoine bochta díol a bhfreastail a dhéanamh amach ar an saol seo.
→
anam
Bhí a fhios aici ina croí agus ina hanam istigh nach raibh aon ghair agamsa a dhul ag breathnú uirthi agus freastal le déanamh agam ar lán tí de pháistí.
Síleann an t-antlachán go bhféadfaidh sé an dá thrá a fhreastal: a bheith ar an bportach agus ag an gcladach in éindí.
Níl sé chomh tugtha anuas sin sa saol agus nach bhfuil sé in ann freastal don chíos — níl sé chomh bochtaithe sin agus nach bhféadfadh sé an cíos a íoc
→
ársaigh
Is beag a bheadh le déanamh agat do leaba a fhágáil go mbeadh an lá ársaithe. Tá a gceart acub féin thart le freastal don obair.
+
→
istigh
Seán: Bhrisfeadh an áit istigh do chroí; Tomás: Is maith an chiall agamsa é a chaithfeas freastal don áit amuigh freisin — chiapfadh obair tí duine adeir Seán, ach dúirt Tomás go raibh ar fhéin obair na talún a dhéanamh i dteannta obair an tí
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon duine in ann freastal don áit istigh ach na mná
Is maith an dícheall dhom freastal don áit istigh
Tá a fhios ag do chroí istigh nach bhfuil fear aonraic in ann freastal do chuile rud — tá a fhios agat go rímhaith nach bhfuil aon ghair ag fear atá taobh leis féin chuile obair dhá dtiocfaidh trasna air a dhéanamh
Má tá sé ag cinnt orm freastal do mo chuid oibre, i nDomhnach ní le cionfaillí ar bith é. Is deacair d'aon aonraic breith ar chuile chruóig. Is furasta d'fhear a bhfuil lán tí aige a bheith os cionn a chuid oibre go maith (í a bheith déanta aige go tráthúil)
+
Tá sí thoir sa ngarraí ag freastal ar Ph. Tá sé ag cur fhataí — sa gcás sin, ní dhéanfadh P. ach obair na láí. Scarfadh sise an fheamainn agus an t-aoileach agus na síolta
TUILLEADH (12) ▼
Is beag na fataí a chuirfeas fear mura bhfuil freastal aige (d'uireasa freastail, gan freastal)
An bhfuil aon duine ag freastal ort (dhuit), nó an gcaitheann tú féin aoileach agus síolta a scaradh?
Is beag an freastal a fhéadas an bhean a dhéanamh sa ngarraí nuair nach bhfuil aon duine aici le fanacht istigh i gcionn an dá pháiste
Dheamhan fata dhá ndeachaigh i dtalamh anuraidh nach í a rinne an freastal
An bhfuil aon duine ag freastal agat. Ní mórán a chuirfeas tuíodóir gan fear freastail
T'anam ón diabhal, téirigh thú fhéin ag cur (na tuí) agus tabhair M. ag freastal ort — ag slámadh na tuí dá tabhairt suas an dréimire, ag déanamh baibíní srl.
Tá sé le pláistéara a fháil agus le J. a thógáil ag freastal air
Níl freastal ar bith ag an saor atá ag déanamh tí Mh.
Is beag is aite lena fir cheirde sin é mura bhfaighe siad daoine ag freastal orthu
Níl ag tarraingt na gcloch ach carr amháin agus beirt ag freastail — dhá líonadh, dhá fholmhú srl.
Bíonn triúr ag freastal ar an trasher— helpers
Is beag de lucht na leoraís sin nach mbíonn fear freastail acu