frithchantal, flithchantal
—
aithne cantail ar dhuine. Níl ann ach go mbraithfeá go mbeadh stuaic bheag nó cantal air.
+–
Bhí frithchantal eicínt anocht air. Murach sin gheofá neart nathaíochta uaidh. Ach an oiread le duine, is furasta sin a chur air
M'anam muise nach raibh sé rógheal duit faoi chaintiú ar an móin nó a rá gur mó a fuair an C. ná é fhéin uirthi. Nach daidhciúil anois é agus rud fánach mar sin ag cur frithchantail air. Dá ndeirtí an oiread leis agus adeirtear le tuilleadh!
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá frithchantal eicínt air na laethantaí seo. Níl sé chomh gealgháireach agus a bhíodh sé. An bhreacaimsir is dóigh. Chuirfeadh sí cantal ar dhuine ar bith beo. Níl lá seasta ar bith ag teacht