Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
frithghob, flithghob
/f′l′ö/
ainmfhocal
1.
an frídín a bhíos ar dhuán.
·
Ní raibh frithghob an duáin i ngreamús ann chor ar bith. Sin é an fáth ar thug sé an eang leis. Tá a chomhairleachan faighte aige anois. Ní hé an chéad bhreac a thiocfas ag smúrthacht timpeall ar bhaoite aríst é
Ní raibh flithghob an duáin sa mbéal dearg aige beag ná mór. Dhá mbeadh, sin ní fhágfadh sé. Ach tá iasc sa bhfarraige chomh maith agus a gabhadh fós, tá sin!
2.
a.
an bruas a bhíos ar bhéal uachtair an bhradáin nó an iomáin. Bíonn sórt camóg anuas air. Bíonn sé ar bhric eile freisin. Teagann flithghob ar éanachaí áiride le aois. Tugtar freisin ar na streillí a bhíos ar bhéal crúscaí nó eascra é.
+
Dhá bhfaighinnse ligean ceart air (bradán) bhí a chnaipe déanta, ach ní bhfuair. Bhí flithghob na camóige faoina bholg agam nuair a shín sé uaim. Ba mhór an feall é. Bhí béilí maith éisc air
Bhí sé thíos sa linn agam ar feadh leathuaire agus mé ag cur sámhas ann le frithghob na camóige. Ó diabhal cor a bhí ann ach an oiread le plíoma de ghamhain! Meas tú nach raibh mé ag cur scrúdtaí orm fhéin an gcuirfinn an chamóig ann beag ná mór, agus chomh socair agus a bhí sé! … Síleann tú gur ag sioscadh bréag atá mé! Fóill ort. Bhí mé go díreach ar thí sracadh a thabhairt faoi …
TUILLEADH (3) ▼
Nach air atá an frithghob! Seanriadaire críochnaithe é sin!
Chonaic mé iomán a maraíodh amuigh ag Abhainn na Samhlachán ansin amuigh an bhliain cheana, agus an flithghob a bhí air, bhí sé ag breith scair ar a bhéal íochtair, bhí sé chomh cúbtha sin. Bhí sé san an-mhéid críochnaithe. Ní fhéadfadh sé gan aois chothrom a bheith aige!
D'imigh páin uaim. Rinne sé lonnadh, ach ba bheag amharc a fuair mé air. Iomán a bhí ann. Fuair mé léarachan beag ar an bhfrithghob
b.
·
Cuir sa jug mór sin é a bhfuil an flithghob air. Is as is fusa a scairdeadh.

Féach freisin