→
téigh
gabháil (100+)
→
daidhce
Beidh daidhce air nó go bhfaighe sé daite é; agus gheobhaidh as a dheireadh. B'fhearr dhuit ag gabháil de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith i gcleithiúnas a dhul ag baint aon cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach nuair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in éineacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
→
daigh
Níl aon fhiacail ag gabháil liom nach bhfuil fabhtach, ach dheamhan daigh (/dɛ̄/) a bhíos orm théise sin, ní ag tabhairt ghutha orthu é!
Níl aon chnó ag gabháil leis nach raibh ar bogadh. Faigh do rinse agus daingnigh iad más leat a dhul ar marcaíocht air
+
→
dairt
Dhá dtéiteá ag caitheamh dairteacha anois leis an ngealaigh, nó ag gabháil de chlocha ar do cheirteachaí, ba somhaoiní dhuit é ná a cheapadh go mbaine tú beatha amach ar na cupla geadán breaclaí sin. Is maith an fáiteall broic iad, ach maidir le bheith ag ceapadh go ndéana muirín cúis orthu, gan teacht isteach ar bith eile thartu, tá sé fánach acu
TUILLEADH (1) ▼
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá inti i gcomórtas oibre. Chonaic mise fadó nuair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtógthá do cheann chor ar bith, gheofá bóthar abhaile. Bhí siad dubhghéar. Chonaic mé meitheal ar fad — chomh maith le scór fear — dhá mbriseadh in éineacht ann aon lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabháil fhoinn. Ní raibh siad ala an chloig féin ina seasamh, nuair a díbríodh abhaile iad
+
→
dallán
Chonaic mé fataí anseo bliain — fataí Achréidh a cheannaigh mé le haghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéanna. Ar an bhFaiche Bhig a cheannaigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhním anois cén áit, ach d'aithneoinn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaíúlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orthu nach raibh chomh mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé anseo thiar iad i ngarraí na hI. Bhí an-ghaisce agam astu. Togha fataí dar liom féin. 'speáin mé do T. iad agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. astu. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad rómhór. Rinne siad thar cionn i dtús bliana. Bhí siad go hard os cionn talúna, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabháil liom. Bhí go maith go dtí amach sa mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghas a bheith ag breathnú orthu. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orthu ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithígh iad leisce a bheith ag breathnú orthu. Sin é an chaoi a ndeachaigh dalláin mhóra an Achréidh domsa. Ná samhlaigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shin
TUILLEADH (2) ▼
Dalláin ag an diabhal ort. Cá'il na dalláin? An caoch atá tú? Tóraigh an méid atá gearrtha agat aríst agus togh na síolta caocha as. Is deas iad mo chuid síolta! Bhí sé chomh maith dhom imeacht ag gabháil Laddie O'Lee ar na cnocáin le dhul ag deargadh talúna lena n-aghaidh sin
Dar uacht an tseangáin duit, níl aon dallán ag gabháil leo. Á nach é an fhoghail é! Tá mé as síolta muis i mbliana. Mar a chéile uileag iad. Dheamhan ceann go tóin acu nach é an chaoi chéanna leis é
→
damba
Séard a ghníos siad sin dambaí nó coraíochaí a thógáil sna srutháin agus bearna a fhágáil ina lár. An cochall a chur sa mbearna sin ansin agus an sruthán a shaighdeadh anuas. Ní bheadh breac ag gabháil leis nach dtiocfadh sa gcochall
→
damnaigh
Dhamnaigh (dhamain) an sionnach muid i gcaitheamh na bliana anuraidh. Théis an airdeall a bhí againn air níor fhága sé sicín ag gabháil linn. 'Sé a rinne an sladadh spleách, ní ag ceasacht ar Dhia é. Is gearr go bhfeice tú ag sirtheoireacht aríst é, ní ag tabhairt gutha air é. Bíonn cuain acu an tráth seo bhliain i gcónaí
+
→
danra
Scanracháin bhradacha! Tá a gcuid talúna fréna chéile faoi leachtaí agus faoi chlochair. B'fhearr dóibh ardaithe as iad. Ba mhór an réiteach ar a gcuid talúna é. Ach ní ligfidís méaróg amach as aon gharraí ag gabháil leo, tá siad chomh danra sin — scanraithe, tútach, géar, doghrainneach
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon fhód talúna ag gabháil leis nach bhfuil deacair danra mar sin, faoi bhroibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigean, faoi chuile mhíle rud dhá dhonacht. Ar ndóigh murach é a bheith ina fhear chomh maith agus atá sé, ní bheadh sé in ann giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh ina dhiaidh sin agus ag rá go mba cheart dó dúchan a dhéanamh. Dúchan mo chreach! Ar an talamh siúd
+
→
daor 3
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa
TUILLEADH (1) ▼
Ach a bhfaighe mise greim ar an droinníneach asail sin aríst, tabharfaidh mise luach a chuid bóithreoireachta dó. Coinneoidh mé seachtain ar stábla é gan greim, deoch ná blogam, agus ansin tabharfaidh mé amach é sa ngarraí is crinnte ag gabháil liom, agus gheobhaidh mé rópa rua, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air go gcoinneoidh a smut seanchas leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneos sé é, mar go gcuirfidh mise i ngarraí é nach mbeidh aon fhoithnín féir de bhia na talúna ann
Dar príosta níl daorbhasctha dhó ag gabháil fhoinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na Gaeilgeoirí sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rá ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an tOireachtas ag tigh Bh., agus luach cupla pionta a bheith ag C., go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
+
→
de
Céard a dhéanfas muid chor ar bith agus gan d'fhataí anois ag gabháil linn ach an chlúidín sin amuigh sa gcró
TUILLEADH (2) ▼
Thosaigh sé ag gabháil de dhornaí orm
Chaith siad an lá ag gabháil de chlocha air
Tá chuile dhuine ag gabháil leis dea-bhéasach. Ní bheidís aige siúd mura mbeadh. Thóg sé go bog muirneach múinte iad. Tá a shliocht orthu
Níl fód ag gabháil liom ach talamh deacair. Tá sé fuaite ina chéile, tá sé chomh deacair sin
+
→
deachma
Ní bhainfidh muid an portachín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lomlán le dearglaoch agus an charcair bhán sin, agus sháródh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé ansin. Ní mór don deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabháil leis chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomaíodh dó mar nach dtugadh sé aon ghiollaíocht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aici fanacht ansin agus triomú uaithi féin. Nuair a bhíodh sí uileag ina scaradh ar an bportach aige i ndeireadh bliana, agus chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásaíodh duine an mhóin le S. Dh. 'sé an leathfhocal a bhíodh aige i gcónaí: 'ní mór don deachma rud eicínt.' Ba ghroí an duine é S. Dh.
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhiste dhó é, dhá dteagadh sé as chomh saor sin. Ní fiú biorán rud fánach mar sin. Bhuailfeadh pianta mar sin an fear is ábalta agus is folláine sa tír. Ar chuala tú ariamh é: níl duine ar bith nach gcaithfidh deachma na sláinte a íoc. Más é sin a bhfuil air, ní dochar é, ach 'sé an faitíos a bheadh orm gurb í an cailín eile (an eitinn) a bheadh ina chrioslaigh. Tá snua an-lasúnta air le gairid, agus shílfeá go mbíonn an creatán eile sin ag gabháil dó freisin. 'Sé an sórt duine é, ní éagnódh sé aon cheo go brách nó go dtitfeadh sé i mbun a chos. Sin é an t-údar go gceapaim go raibh na pianta a bhí ina thaobh i bhfad tí (ní) ba ghártha ná bhí a ligean amach féin. Ach má bhí, cheil sé ar chuile dhuine é
+
→
deacrach
Is deacrach an scéal é, gan cearc ná eireoig ag gabháil liom nach bhfuil ardaithe leis ag an rálach de shionnach sin, agus gan a dhath sásaimh le fáil agam
TUILLEADH (1) ▼
"Och! Och! arsa an chearc agus í ag gabháil ar an bhfara; Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil; Céile mo leabthan agus athair mo chlainne; A dhul san áit nach bhfillfidh go héag." (as amhrán greannmhar Coileach agus Cearc
→
dealaigh
Ní dhealóidh an smál sin leo choíchin nó go ndealaí siadsan amach as an teach sin ar fad. Ní ag comhaireamh na hanachain é, d'imigh a gceart orthu le cupla bliain: beirt mhac agus an t-athair, agus a raibh d'eallach ag gabháil leo. Is millteach an díleá atá orthu, ní dhá roinnt leo é
→
dealbh 2
Dheamhan sin oíche dhár dhealbh an ghrian nach mbuaileadh sé féin amach shula théadh sé a chodladh, go bhfeiceadh sé a raibh na lúbáin ar na croithe, agus gabháil faighte ag na beithígh agus ag an gcapall. Dhá dtéadh a raibh sa teach amach míle uair i mbéal a chéile, ní bheadh aon tsástaíocht aige ann ina dhiaidh sin, gan é féin ag tabhairt súil orthu. Duine imníoch a bhí ann. Tá mé ag ceapadh go n-éiríonn sé chuile oíche thiar sa reilig anois, faitíos a mbainfeadh dearmad do Sh. Bh. gan an geata a dhúnadh!
→
dealg
Níl aon gharraí ag gabháil leis nach bhfuil faoi bhrat deilgne. Agamsa atá a fhios sin. Shiúil mé a bhfuil ag gabháil leis. Má shiúil féin ní i ngan fhios do mo chuid éadaigh sin
+
→
déan 1
Ní dhéanfaidh sé gnaithe dhuit a bheith ag imeacht ag gabháil Laddie O'Lee ar chnocáin agus do chuid móna le baint
TUILLEADH (2) ▼
Mura bhfuil gabháil na gaoithe ann tá déanamh na ngnaithí ann
Ní raibh aon chaora ag gabháil linn nach ndearna cruimhe anuraidh. Cailleadh chúig cinn orainn, ní ag comhaireamh na hanachain é
→
déan le
Má chloisimse an focal sin as do bhéal aríst déanfaidh mé rud leat: beidh mé ag gabháil ort chomh uain is a gheobhas mé teas in do chraiceann
→
dearfa
Go dearfa féin muis, níl aon fhata ag gabháil linn nach bhfuil scallta. Rinne an sioc seo slad
+
→
dearg 2
Níl aon ár go deo ach an deargadh atá siad a dhéanamh i mbliana. Ní chónóidh siad go mbeidh chuile fhód ag gabháil leo faoi fhataí. Bheadh ciall ina leithidí!
TUILLEADH (1) ▼
Dheargfainn an cúilín sin freisin murach cheal leasaithe. Níl an oiread ag gabháil liom agus a leasódh é. Nach bhfuil sin gann go leor anois!
→
deargán
Bainfear as a chleachta feasta i Sasana é mura mbeidh aon sleabhcán ná aon deargán le fáil aige. Ar chnuasach cladaigh a tháinig an dream sin suas ariamh, agus chuile dhuine ar a mbaile. Cén diabhal eile a bhí acu. Breathnaigh thú féin ar an mB. An bhfuil fód ag gabháil léithe le cur. Má tá ní léir domsa é
Dhá bhféadthá gabháil dearglaoich a fháil, agus gan faice fraoigh a bheith thríd, bheadh sé mín bog aici le luí air. Is gearr suas ansin chor ar bith is call duit a dhul le fuílleach dhó a fháil
+
→
deas 1
Is deas iad mo shé pholl. Bhí an gairéad ariamh aige. Caithfidh sé an comhaireamh a bheith aige i gcónaí. Níl trí poll maith fataí ag gabháil leis
TUILLEADH (1) ▼
Is deas an deis atá air anois: gan fód móna ag gabháil leis nach bhfuil díolta aige
→
deatach
Tá an máistir beag ag baint deatach as an máistreás fhada ar an saol seo (ag suirí léithe as éadan). Is diabhlaí an mac é, do thulóig chomh beag leis. Ach mura bhfuil gabháil na gaoithe ann, tá déanamh na ngnaithí ann, mar adeir an ceann eile. Dar fia tá!
→
déidín
Bhí déidín tite agam d'uireasa gráinne tobac agus gan aon ghráinne ag gabháil leis an D. Chuir mé fios tigh Bh. N. air le S. seo thuas, ach sin é teachtaire an fhiaigh ón Áirc. Beidh déidín tite agam faoi dhó ach a mbeidh sé sin ar ais
→
déirce
Ní raibh aon bhróig ag gabháil leis an dá chunús sin, agus d'íoc mé mo chúig déag agus dá fhichead orthu sin féin. Ba bhuí déirce liom a bhfáil ar an gcuntar sin féin, arae bhí mé den tsaol ag an seanphéire a bhí agam. Seo í an aimsir nár mhór do dhuine bróga maithe ar na boinn. Tá chuile mhíle áit báite
Nach maith nach é S. a bhí ar deireadh. Ainneoin gur carracháinín é, tá gabháil na gaoithe ann
+
→
deis
Thug an deartháir deis iascaigh as Baile Átha Cliath chuige: gliondaí, cairteannaí agus eile, ach níl a dhath ag gabháil leis anois
TUILLEADH (2) ▼
Féacha an deis a chuir na bruacháin sin ar an lacha. Níor fhága siad liobar clúmhaigh ag gabháil léithe nár streachail siad di. Sin iad na húdair agat. Is beag an dochar dóibh a bheith ligthe leo fhéin fhéin, agus gan aon bhacadh ag dul orthu, ná smid dhá rá leo
Bheadh an scéal ceart go leor dhá bhféadthaí na gálaí sin a íoc ar ais uair ar bith a dtiocfadh sé ar dheis duine, ach ní fhéadfaí. Caithfidh duine a bheith suas leis an lá cairde. Mura mbeadh "bháfaidís" a mbeadh ag gabháil leat
+
→
deoir
Níl deoir ola ag gabháil linn
TUILLEADH (1) ▼
Níor ól sé aon deoir phoitín le gabháil chun bliana
→
deoraí
Ná bíodh a fhios ag deoraí an bhéil bheo anois cá'il tú ag gabháil. Má bhíonn a fhios, déanfar scéala ort agus gabhfaidh sé daor ort. Fainic a gcainteofá air le B. Sh. Sin fear gan foscadh
→
dia 2
Lomadh Luain ar an bpiodarlán sin nach dteagann isteach agus gan é fhéin a chailleadh ag déanamh spraoi amach ansin. Meas tú an bhfuil spíonán ag gabháil linn nach bhfuil bainte aige aríst!
Téadh sé don diabhal anois, agus faigheadh sé fataí! Nuair a bhí mise in mo chuid allais ag saothrú fataí, bhí seisean ag imeacht ag gabháil Eileen ón a Ruan ar chnocáin!
Diallait ard nár mhór dó ar nós mar a bhíodh ag na mná fadó. Níl sé in ann a dhul i scaradh gabháil chor ar bith ar an gcapall. Tá sáimhín aireach air
→
Diarmaid
Nó go ndéana Dia dearmad dó, daighean sluasaid a gheobhas sé uaimse aríst ná cuid de shluasaid. Is dathúil an scéal é, an feac a bhriseadh inti, agus gan fad méire ag gabháil liom ach í
→
dias
Tá camóig ar bharr chuile dhéas ag gabháil leis. Sin é a d'inseodh duitse go bhfuil sé in alt a bhainte. Chomh luath agus a fheicfeas tusa an chamóig, bí ar do dhearnachaí ansin
'Sé an chaoi a raibh sé san am sin, bhí na tiarnaí díbheirgeach le na daoine agus bhí na daoine díbheirgeach le na tiarnaí. Chaon dream acu ag baint barr dhá chéile. Bhí tiarna thoir anseo a raibh B. an D. aige. Níor fágadh bó ag gabháil leis nár speireadh aon oíche amháin. Má speireadh féin, leath an chirt ní rinneadh (dhearnadh) leis: bhí sé féin go holc
→
dícéillí
Is dícéillí an rud atá sé a dhéanamh anois muis, ag cur spray ar fhataí agus gan aon lorga beo ag gabháil leo
+
→
díle 1
Sin seanscéal ón Díle: An Síogaí Rua Ó Dónaill. Is minic a chuala mé ag P. Mh. Mh. é — go ndéana Dia maith ar a anam. Ní fhaca tusa ariamh é. Ba bhreá uaidh scéal a inseacht, agus cén bhrí ach chuirfeadh sé na cuacha a chodladh ag gabháil fhoinn
TUILLEADH (1) ▼
Is cumasach an dream iad na tincéaraí féin. Chaith siad an oíche aréir amuigh faoin díle áibhéil sin, agus diabhal a dhath mairg a bhí orthu ag dul soir an bóthar ar maidin agus iad ag gabháil fhoinn
+
→
díleá
Ón lá sin amach, tháinig díleá ar a raibh aige. Níor fhan gamhain ná bó ag gabháil leis. Bhí an anachain chéanna ar a chuid muc go sábhála Dia sinn. Bhasc a chapall í féin i gclochar. Thagadh an galra cam ar a chuid caorach nuair nach mbíodh sé ar aon chaoirigh eile sa tír. Níor fágadh bonn bán air
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sruth is gaoth leo an fhad is a bhíodar thuas, ach ón lá ar athraigh siad síos chuaigh an saol ina n-aghaidh. Tháinig díleá ar a raibh ag gabháil leo. Go fiú is an síol féin a chuiridís, ní bhíodh sé ag éirí leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orthu in éindí — ní dhá roinnt leo é. Fuair triúr mac breá bás i mbéal a chéile orthu. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatarthu ach an bhliain. An fear acu atá sa gcomhaireamh ceann inniu, is beag fear tí ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaigh an imirce do na créatúir bhochta sin
Bhí teir ar na goirt sin ariamh. Ní raibh gair ag bó na gamhain a dtaithiú nach raibh an t-imeacht orthu. Bíonn goirt ann mar sin thar a chéile, agus an té a mbeidh siad aige, is fear é a mbeidh an tseamair Mhuire aige nó tiocfaidh an díleá ar a chuid. Is ar a chruachúis do dhuine ar bith a mbeidh goirt den tsórt sin aige gan rud a chur iontu uair eicínt. Is mór an ní a bhfeiceáil ag dul i bhásta. Tá cuid de na daoine agus ní thabharfaidís aird ar bith ar na seanchainteannaí sin. Bíonn an oiread sainte iontu chuig an saol agus gur cuma leofa teir ná teir. S. L. a bhí ansin thoir, nuair a cheannaigh sé an talamh thuas ó P. N., dúirt daoine leis nach n-éireodh an tabhairt sin leis chor ar bith — go raibh teir ar an ngeadán ab fhearr ag gabháil leis, agus nach raibh aon lá ariamh nach raibh an díleá ar bheithígh Ph. N. ann. 'Más teir nó teir anois é,' adeir S. L., 'rachaidh gach beithíoch ag gabháil liomsa isteach ann. Nach mé a shíleas sibh a bheith adhartha go ligfinn an preabán is fhearr ar an talamh i bhásta i ngeall ar sheanchainteanna seafóideacha.' Chuir sé na beithígh isteach ann ach dheamhan díleá a tháinig orthu. D'imíodh ceann anois agus aríst, ach d'imeoidís sin in áit ar bith. Ní bheadh beithíoch seachtain i mbéal a chéile ag P. N. ann nuair a bheadh taobh na bpoll os a chionn. Sin é an chóir a mbíonn sé. Measaim féin, scaití gurb ar an duine agus nach ar an áit a bhíos an teir. Bhí smál eicínt ar Ph. N. nach n-éiríodh tada leis
'Sé an díleá atá ar an mbuachaill sin nach dtugann sé greim le n-ithe dóibh go gcailltear leis an ocras iad. Amhgar agus anó atá ar a chuid beithíoch, agus ní díleá. Sea b'fhéidir! Nach bhfaca mé lao breá ansin anuraidh aige — céileog. Tabhair lao breá air. Choisc sé é faoi cheann míosa, agus níor thug sé gabháil ná uchtóg dó ach a chur siar i nGarraí na L. ag ithe raithní. Meas tusa an cothú do lao í raithneach. Bíodh unsa céille agat. Thú féin agus do chuid díleá. Is gearr ón bpéire laonta sin thíos anois aige. D'fheicfeá ag eitealla leis an ocras iad
→
dilleoir
Ní fhaca mé aon dilleoirín go hiomaí ach an grabairín beag sin ag M. Ph. Sh. Sháraigh sé a mháthair an oíche faoi dheireadh. Dheamhan maith a bheadh aige ann go dtugadh sí cead dó a raibh de shoithigh ar an drisiúr a thógáil anuas, agus a gcur síos sa gciseán, mar dhóigh dhe go mba ceannaí gréithe é. Tháinig M. isteach agus nuair a chonaic sé an drisiúr feidheartha, agus na soithigh sa gciseán, rug sé ina ghabháil air agus bhí sé ag ligean an treabhsairín síos leis nuair a d'iarr sé cara agus coimirce orm féin. Shábháil mé é, ach deirimse leat gur fada aríst go dtosaí sé ar an gceird siúd — ina cheannaí gréithe
Má fheicimse ar an dilleoireacht sin aríst sibh agus aon duine istigh, beidh mé ag gabháil oraibh chomh uain is a gheobhas mé teas ina (bhur) gcraiceann. Bheadh ciall dilleoireacht, ach níl uair ar bith is mó a dteagann táirm oraibh ná an uair a gcasfar duine eicínt isteach. Dhá mba é an té is measa le duine beo a bheadh ann, náireodh sibh é lena (bhur) gcuid dilleoireachta
→
dioc
Nach dona na gnaithí atá air, ag gabháil amach ag obair a leithide de lá. Tá sé ar foscadh i lúbainn an chlaí anois agus gioc air leis an bhfuacht agus leis an donacht
+
→
díocas
Níl aon fhéith ag gabháil leis nach bhfuil faoi dhíocas oibre
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfidh mé geall leat má dhéanann tusa do sheacht míle dícheall, agus má chuireann tú chuile chnámh ag gabháil leat faoi dhíocas, go gcinnfidh ortsa a ghníomh seisean a dhéanamh. Tá sé breá go leor agat a bheith ag rá nach é an oiread sin móna a bhain sé, ach feiceamuist bain thusa ná aon fhear in do thír an oiread. Thabharfadh an méid sin cnámh le crinneadh do J. Gh. an lá ab fhearr a bhí sé, agus b'ait an sleádóir é
M'anam muise go bhfuair tú amach an fear a mbeadh chuile fhéith ag gabháil leis faoi dhíocas ag obair! Bheadh mo chreach! Ní lúbfadh sé a dhroim dá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
→
diogáil
Istigh ag bearradh agus ag diogáil chearc a bhí sí romham. 'Sí atá pointeáilte más fíor di féin. Bheadh chuile chleite ag gabháil leo ar sliobarna ar an gcuid s'againne, agus dheamhan diogáil a dhéanfaí orthu muis
+
→
díogha
Nuair a théas bocht go nocht téann sé go gabháil éadan. Is seanfhocal é. Ó d'éirigh duine den díogha sin as an lathach, éireoidh siad i mullach na tíre. Sin é an chaoi a mbíonn a leithidí sin i gcónaí. 'Sé an té nár chleacht tada ariamh is mó a mbíonn galamaisíocht aige má éiríonn sé a dhath ar bith sa saol
TUILLEADH (1) ▼
Ar chuala tú ariamh nuair a thug an C. Peadar Th. — seanathair P. P. anois — anseo gur thug sé roghain dó ar cheithre ghabháltas: gabháltas J. Th. ar an mbaile seo, gabháltas F. Ch. ar an gC. Dh. nó gabháltas Mh. Mh. 'Sé gabháltas J. C. a thóg sé. Sin é an fear a raibh an smál air, agus an mhaith a bhí ag ceachtar den phéire eile ar an ngabháltas sin. Ar ndóigh níl san áit a thóg sé ach driseachaí agus clochair. Níl acra talamh cuir ag gabháil leis. Ach sin é é. Tabhair roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha
→
díol 1
D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé, ach ní hé féin is measa ina dhiaidh sin. Caitheann sé a mbíonn aige ar shúdairí. Iad sin ag maíochtáil leis mo léan, agus ag gabháil abhaile dallta chuile oíche. Is iomaí duine, arsa tusa, a bheadh ar meisce mura mbeadh aon díol air
+
→
díol 2
Ligeadh fairsinge mhór orm nuair a d'imigh B. Ph. síos amach. Fuair mé an chuid ab fhearr a bhí ag gabháil leis — thuas i mbarr an bhaile. Ceathrú gabháltais eile nár mhór dom anois. Chuirfeadh sin go dtí mo dhíol ceart mé
TUILLEADH (2) ▼
Níl díol dreancaide d'fhéar ag gabháil leis
Is dona an roinnt a thug tú orthu. Dheamhan mámh ag gabháil liom — oiread agus díol mo náire féin
Sin iad an dream is díoltasaí istigh sa tír. Bacadh iad thíos anseo ag an gcladach anuraidh an áit a raibh chuile chlaí ag gabháil linn ann curtha timpeall a gcuid cocaí feamainne acu. Meas tú nach ndeachaigh siad de shiúl oíche, agus ar fhága siad claí i mbarr an bhaile againn nach raibh foghlaithe ar maidin!
→
diomdha
Chuaigh sé abhaile an oíche sin faoi bhrón agus faoi mhórdhiomdha. Lig sé osna as a bhris an ghabháil éadain. 'Is mac rí faoi gheasa thú,' adeir an mháthair leis
Ná bac lena cuid talúna sin, ná le talamh Bh. an Gh. fré chéile. Diomalachaí ó sháil go rinn é. An bhfuil dhá gharraí ag gabháil le M. Sh. G. atá inchurtha. Dheamhan é muis
+
→
díon 1
Níl díon ar bith sna láimhíní seo, théis cúig déag a thabhairt orthu … Tá baol air! Dheamhan iall leathair ag gabháil leo. Craiceann gabhair nó rud eicínt atá iontu. Ní feasach dom go bhfuil sé chomh maith sin fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Meánn tusa anois an mbeidh díon deoir sa bpoll fataí sin ach a dteaga tuile bháistí. Bíodh a fhios agat nach mbeidh, scáth an scráib chréafóige sin atá taobh amuigh orthu. Ní bheidh fata ag gabháil leis an bpoll sin nach mbeidh ina aoileach má fhágann tú mar sin iad
→
díth
Ní raibh tornapa ag gabháil leis anuraidh, agus mura raibh, ní de dhíth a nglanta é. Rinne sé a dtanaíochan a dhó nó a trí de chuarta. B'fhéidir gurb é an iomarca tanaíochain a rinne sé orthu
Ní bhaileodh seisean a bhfuil de mhóin ann le trí aistir, agus an díthreabhach de chruib (chrib) atá aige. Ar ndóigh ní thoillfeadh dhá ghabháil inti. Ach ní raibh aon ghnaithe aici a bheith mórán níos mó. Ní bheadh an díthreabhach capaill atá aige in ann a tarraingt. Níl bior eanga uirthi cheal tógála
Tá sé ar an diúgaireacht chéanna sin anois le dhá lá agus dhá oíche. Níor thit néal ar mo shúil aréir ná arú aréir aige, ach ar an gceird sin. Ní bhíonn sé gártha chor ar bith ach ar an diúgaireacht sin i gcónaí. Ag diúgaireacht leis i gcónaí i gcónaí. Shíl mé gur fiacla a bhí ag gabháil dó i dtosach ach ní cheapaim gob (gurb) ea anois. Tá a fhios ag mo chroí gur deacair a n-oiliúint — na páistí céanna, bail ó Dhia orthu. Ní túisce galra dhíobh acu ná ceann eile orthu. Mo dhóthain mhór a fuair mise le déanamh ón mbeirt is sine anuraidh. Chaith mé seachtainí i mbéal a chéile ar neamhchodladh an t-am ar bhuail an triuch iad … Sin í an fhírinne dhuit muis. Ach dheamhan mórán anró a fuair mé uaidh seo fós gur bhuail an méid seo é. Ní beag do dhuine a thúisce arsa tusa
Diabhal a fhios agamsa arbh fholáir duit na slatachaí sin a dhlaoithiú chun tosaigh, más ag dul ag deasú na cathaoireach sin atá tú. D'aclódh sé go breá iad. Is beag an mhaith dhuit an chathaoir sin a dheasú. Tá sí críon ar fad. Níl aon tslat ag gabháil léithe nach bhfuil críonta
Ná bac leis an gcineál sin! Ní raibh mac ná iníon dhlisteanach ag gabháil leo. Dream tútach a bhí iontu sin ar chuile thaobh
+
→
dod
Is furasta dod a chur air. An rud is fánaí ar bith feicfidh tú ag gabháil sna fraitheachaí é
TUILLEADH (4) ▼
Thosaigh an bhó ag gabháil le dod, agus ní bhlífinn deoir bhainne uaithi murach gur fháisc mé buarach uirthi
Bhí an capall sin an-tsásta i dtosach, ach bíonn sí ag gabháil le dod le gairid anuas má chloiseann sí torann ar bith. An meaisín buailte a chuir an bhail sin uirthi. Bhain sé geit aisti lá ansin thuas ar an mbóithrín
Má thosaíonn an raibiléara de chapall siúd ag gabháil le dod, meas tú ab é an sramacháinín siúd atá in ann a cheansú. Ní cheansódh muis, ná uan a bheadh théis a bhreithe
Thosaigh sí ag gabháil le dod anseo aréir nuair nach ligfí siar amach ag céilí í. Ba dheas an tabhairt a bhí sí ag iarraidh a chur uirthi féin — sé mhíle bealaigh — agus ag teacht abhaile ansin le gairm na gcoileach
→
dodach
Thálfadh sí ceart go leor, ach 'sí an bhó is dodaí a chonaic tú ariamh í. Níl ceart ar bith le baint di mura gcaitear gabháil aici
Chuaigh sé go bog agus go crua orm ag iarraidh a inseacht dó. Níl tada dhár chuimhnigh sé air nár dhúirt sé liom. Théadh sé amach, agus isteach aríst. Thosaíodh sé ag dilleoireacht agus scaití eile ag bagairt orm. Tá sé sách doghrainneach ó chaithfeas sé rud ina cheann. Ach ba aon mhaith amháin dó a bheith ag gabháil domsa. Ní ghéillfinn dó dá gcaitheadh sé liom ó shin. Tuige a ngéillfinn. Is beag a bheadh le déanamh agam go deimhin
Shíl muid nach mbeadh aon seamaide féir ag gabháil linn nach mbeadh ina aoileach nuair a thosaigh sé ag caitheamh corrbhraon. Bhí cion chúig choca mhóinéir istigh ar an iothlainn agus gan slám dó (de) buailte os cionn a chéile againn an áit a raibh muid ag iarraidh na garrantaí i bhfad ó láthair a tharlú isteach sula dtosaíodh muid ag cocadh. Is muid a bhí in anchaoi ceart, ach féacha míle buíochas le Dia, gur imigh sé thart gan faice a dhéanamh. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
+
→
dóigh 1
Ag iarraidh síol plandaí atá tú? Is olc an dóigh a dtáinig tú muis. Dheamhan gráinne ag gabháil linn i mbliana. Caithfidh muid féin a dhul ag soláthar — caithfidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Is maith an dóigh í sin. Dallta ar meisce chuile oíche, agus ag gabháil fhoinn ag teacht abhaile. Dhá mba mise a máthair, d'fhágfainn amuigh ar an tsráid í, agus cead aici lóistín a fháil san áit a bhfaigheann sí an t-ól. Ach chreidim nach bhfuil mórán le reic ag an máthair féin
An bhfaca tú an preabáinín fataí atá ansin thuas agam. Nach gceapfá gur maith an dóigh é. Níl das ag gabháil leis nach bhfuil rodta ag an lobhadh bán. Ar ndóigh is maith an oidhe orm é, agus a gcur ann chor ar bith. Sin é an cleas a ghníos na barra sin i gcónaí
Cén chiall an ea? Robáladh ann mé. Ba mhaith an scéal dom nach raibh ag gabháil liom ach seicín deich scilleacha agus sprus eicínt airgid rua. Dhá mbeadh, ghabhfadh an bhail chéanna air agus a chuaigh ar an méid sin. Tugaimse G. don diabhal. Déarfá nár mhaith an dóigh dhom a dhul ann aríst.