imníoch
—
+–
Tá sé imníoch — tá imní air; priaclach; corrmhéiniúil
Is tú atá imníoch
TUILLEADH (1) ▼
Is tú atá imníoch anóiteach — priaclach, corrmhéiniúil; má tá údar ar bith casaoide agat, ní baol nach gcuirfidh tú i gcos ard é; ní bheidh béal marbh ort má tá aon cheo ag goilliúint ort. Deirtear an leagan seo go minic le páistí a bhíos ag síorghlámhóid má bhíonn anó ar bith orthu, cuirim i gcás oiread dhá laghad tinnis nó ocrais
Féach freisin
imníoch in iontrálacha eile (2)
→
dealbh 2
Dheamhan sin oíche dhár dhealbh an ghrian nach mbuaileadh sé féin amach shula théadh sé a chodladh, go bhfeiceadh sé a raibh na lúbáin ar na croithe, agus gabháil faighte ag na beithígh agus ag an gcapall. Dhá dtéadh a raibh sa teach amach míle uair i mbéal a chéile, ní bheadh aon tsástaíocht aige ann ina dhiaidh sin, gan é féin ag tabhairt súil orthu. Duine imníoch a bhí ann. Tá mé ag ceapadh go n-éiríonn sé chuile oíche thiar sa reilig anois, faitíos a mbainfeadh dearmad do Sh. Bh. gan an geata a dhúnadh!