Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dona

is measa (50+)

 
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin damáisteach go leor
+
Níl aon mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bhliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint farasbarr dhá chéile
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh a fhios agat cé is fhearr ná is measa den bhratainn sin. Gach uile dhuine acu ag baint farasbarr dhá chéile. Agus ar ndóigh cár fhága tú an t-athair!
+
'Sé T. an té is measa liom ar an bhfeadhain acu. 'Sé agus dhá mbeadh an oiread eile ann. Tá an croí mór aige. Dheamhan fear ariamh a rug ar scilling is lú scrupall inti ná é
TUILLEADH (1) ▼
Níl stripe ar an bhfeadhain acu is measa ná mo stripesa. Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inti ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa ina dhiaidh sin gur roinneadh an sliabh seo díreach! — ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear féinn freisin go háirid más daoine atá i gceist
 
focal
Focla do charaid agus claíomh do namhaid, an dá rud is measa ar bith duit — cuireann caint do charaid amú thú; beidh sé ag borradh leat nó ag tabhairt moladh dhuit nach bhfuil tuillte agat, agus cuirfidh sé de do threoir thú
 
Iarr leat a mhic ó! Tuige nach n-iarrfá! Is féar tirim duit fhéin sin. Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt. 'Sé an scéal is measa nach bhfuil mé in ann a freagairt sílim
 
fága
Níl call faitíos ar bith dhuit roimh na fágaí sin. Tá siad an-bhog. Ní hin iad is measa a mh'anam
 
Breathnaigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneámhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaí gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má théann sé ina chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraingt ort ná an tÁibhirseoir
+
féar
Dhá dhonacht dhá bhfuil an bháisteach seo ag féar atá ar sraith, is measa go fada é ag an bhféar atá ar a chois. An féar atá "ina luí" lobhfaidh amlú anois é. Tá sé buille deireanach sa mbliain
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an slíomadóir is measa a shiúil talamh ná féar
 
carn
San am a dtagann an uair bhreá sea is measa a bhím. Ní bhím carnaithe chor ar bith ar aimsir sheaca ná ar chruas. Ach saothraím é i gcónaí an tráth seo bhliain.
 
cobha
Níl áit ar bith is measa ag an gcobha sin ná dúrabhán fliuch a d'fhágfaí scaitheamh maith bán.
 
Leabharsa is olc an uair ag cur í. Tá sí róchoimhthíoch. An bhfeiceann tú dasachaí (gasachaí) réabtha as a lúdrachaí ag an ropadh seo? Mura n-éirí sé as an mbáistigh, is gearr gur dúchan a fheicfeas tú amuigh as éadan. Ach mar sin fhéin, ní hé an gairfean seo is measa aige. Ba mheasa go mór uair mharbhánta mhoirtiúil.
 
colg
Deirimse leatsa, má thagann colg ar an mbruiteachán sin leat, gur deacair é a mhíniú síos aríst. Dheamhan fear is measa ná é sin a casfaí leat in do shiúl ionsaí.
 
"Gabhfaidh mo stór an ród seo amárach; Beidh cnaipí airgid ar rostaí a lámha; Is measa leis mise ná a dtiocfaidh is ná dtáinig; Ba chomaoin dó, mar bheinn leis amhlaidh" (as Thug mé grá dhuit agus mé beag bídeach)
 
Dhá dhonacht é an té a ólfas i gcomhfhios é, is seacht measa an té a ólfas i ngan fhios, druncaera ceart é sin.
 
baile
Ní áirge mhór muise, d'aon bhaile mór é siúd. Múinfidh sé brainsí bligeardachta do na bligeairds is measa ann.
+
Is fadó an lá a scaoilfinnse bealach léithe ina rogha áit, ach is measa leis an tseanbhean í ná gealacán a súl, agus ní mian léithe cead an bhealaigh a thabhairt di chor ar bith.
TUILLEADH (2) ▼
Ní hé is measa chor ar bith ach sibhse nach gcoinníonn as a bhealach.
'Sé an rud is measa a rinne athair ná máthair ariamh a mbealach fhéin a thabhairt do ghasúir. Ar chuala tú ariamh é: 'a chomhairle fhéin do mhac Anna, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
+
beanna
'Sé an pas is measa é a raibh mé ariamh, ach thug mé mo bheanna liom as ina dhiaidh sin — drocháit nó drochthromásc a gcasfaí duine.
TUILLEADH (1) ▼
Tá na fir ina dhiaidh, ach ó dhonacht iad, is measa dhó na mná. Má thugann sé a bheanna ó na mná, is fear é a bhfuil buannaíocht aige.
 
Is measa cniogaide uaidh siúd ná dhá dtugadh duine eile a sheandorna dhuit.
+
Is measa é ná coraice dhubh an gheimhridh le fearthainn agus gairfean. Nach ag séideadh báistí atá sé le coicís i mbéal a chéile!
TUILLEADH (1) ▼
Seo í coraice dhubh na bliana, ach is measa Mí na bhFaoillí mar sin fhéin. Mí na bhFaoillí a mharaíonns na caoirigh. Ba mhinic adeireadh M. Th. fadó é, go ndéana Dia grásta air.
 
Breá nár scaoil tú an craobhmhúirín sin thart agus gan a dhul i gcleithiúnas thú fhéin a fhliuchadh. Diabhal rud a bhuail ariamh thú is measa ná slaghdán samhraidh. Fhóbair gur fhága sé sínte mise anseo an bhliain cheana.
 
Níl aon fhear i gCrígh Banbhan inniu is measa ná is oilce ná é.
 
Deile cár nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaigh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag an dochar di náire a bheith uirthi feasta choíchin gan fios a gnaithe a bheith aici thairis sin, ach ní hí is measa ach sibhse a lig amach í.
 
'Sé a leithide sin de chuimleachán is measa a bheadh. Cuirfidh mise geall leat gur beag an chailicéireacht ná an ghaisce a chuala tú ariamh ag an bhfear maith.
 
'Sé an chaoi is measa a raibh lóistéara ariamh le na mná sin, gan a bheith sách cuntasach leob. Má ligeann siad pínn ar bith leat, is mian leob a thrí oiread a bhaint dhíot aríst ar bhealach eicínt eile. Má fhaigheann siad sin ligean ar bith ort, cuimleoidh siad sop na geire dhíot, feicfidh tú fhéin air.
+
beo 1
Má tá abhlóir ar bith beo is measa ná é, is trua don áit a bhfuil sé ann.
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon sclaibéara beo is measa ná é.
Siúd é nach bhfágfadh aon iall bheo ionat dhá mbeadh an taghd cheart air. Is measa é na úll na haithne.
 
bior
Nach agat atá do cheann ar bior tharas aon duine. Is measa dhom thú ná a bhfuil eile sa teach — nach tú atá corrmhéiniúil tharas an chuid eile de na páistí. Is mó an t-anró a fhaighim uait ná ón gcuid eile ar fad
 
bocht 1
Má tá sé beo bocht nach dhó fhéin is measa sin. Air fhéin, an duine bocht, atá a lear agus ní orainne.
 
Tá bolstaic de ghamhain ansin thuas agam agus 'sé is measa dhá bhfaca tú in do shaol ariamh.
 
borr
Sin é úll na haithne, ach is measa an dream atá ag borradh leis ná é fhéin.
 
Do dhúshlán, faigh aon bhrabach air siúd: ní bhfaigheadh ná cat bradach. 'Sé an cnuastóir is measa é dhár shiúil talamh ná féar.
 
Is measa a chuid breacáin a chur faoi réir dhó chuile Dhomhnach, ná dhá mba ag dul amach dhá phósadh a bheadh sé.
 
'Sé an cur óg is measa le sponc agus brobhais agus broimfhéar.
 
Dhá adhartha dhá bhfuil an bhean, is measa aríst Seán. Fear ar bith a shantaigh an seanmhótar sin thiar ag G. a cheannacht, ná bac leis! Agus nach fiú bonn is leithphínn an tseanchabhail sin atá ann ón dílinn.
 
aer
Ní bhfaightheá anglóir faoin aer is measa ná é.
 
agair
Ar chuala tú an chaoi ar agraigh Dia ar bhean an leanna fadó é nuair nach dtugadh sí an tomhas (tus) ceart uaithi — níl peaca ar bith is measa ná peaca an tomhais. (Seanscéal atá i gceist ansin. Casadh bean d'fhear agus é siúl ar an sliabh. Bhí ceaig dhá iompar aici agus thairg mo dhuine é a thabhairt scaitheamh di. Dúirt sí leis nach mbeadh aon ghair aige feanc a bhaint as ar an talamh; go raibh na mílte galún ann a bhain sí amach le éagóir ar feadh a saoil agus go gcaithfeadh sí iad a iompar nó go mbeadh a peiriachaí dhi aice)
 
Dhá aicisí an mháthair, is measa aríst an iníon.
 
Deir siad nach bhfuil beithíoch is measa duit bualadh fút san oíche ná an broc, ní scarfaidh sé lena ghreim go n-airí sé an cnáimh ag pléascadh.
 
buail
Níl uair ar bith is measa soinneán ar an bhfarraige ná le linn cailm shamhraidh. Dhá mbuaileadh ceann de na cuaifeachaí sin bád ar aimsir mharbhánta, bhí a cnaipe déanta deirimse leat.
 
Tá sé bagarthach go leor, ach nuair a théann sé ar an scian is géire ina dhiaidh sin, níl sé buailteach. Is measa a ghlam ná a fhiacail
 
buille
Is measa dhuit dorna uaidh siúd ná ó Gholl Mac Móirne. Tá an buille marfach aige.
 
ainm
Ní hé is measa ach an dream a chuir a ainm faoin tír — is measa an dream a chuir míchlú air ná é fhéin