Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

múinte (11)

 
An té atá cuntanósach, agus a iompraíos é fhéin go múinte, ní rachaidh aon araoid air in aon áit.
 
Ní raibh aon bhealach múinte le aon duine dhá dtáinig ar a chine ariamh — ba daoine mímhúinte chuile dhuine dhá dhream.
 
Ní feasach mé beo cén chaoi a bhfuil sé chomh múinte agus atá sé, agus gur tógadh é istigh i gceartlár na bratainne sin.
 
buille
Hé brí cén comhoide múinte a bhí aige, tá sé in ann buille na sní a thabhairt uaidh i gcónaí — pé ar bith cé mhúin an dea-chaint nó an nathaíocht dó, bíonn brabach cainte i gcónaí aige ar chuile dhuine eile
+
aire
Ba bheag an mhaith aithne a chur air aire a thabhairt dó fhéin, ach tá sé múinte ag an saol anois.
TUILLEADH (1) ▼
B'fhéidir go mbeadh a fhios aige le aire a thabhairt dhá chuid airgid aríst: ní múinte go meallta, mar adeir an fear fadó
 
Tá chuile dhuine ag gabháil leis dea-bhéasach. Ní bheidís aige siúd mura mbeadh. Thóg sé go bog muirneach múinte iad. Tá a shliocht orthu
 
deara
Madadh ar bith a dtabharfar faoi deara dhó fanacht ag forcamhás ort agus thú ag ithe do dhinnéir, is madadh millte a bheas ann. Níl le déanamh le madadh, ach cur faoi ndeara dhó luí sa gclúid agus a smut ina chrúib, chomhuain is a bhíos duine ag ithe a bhéilí. Má thugann madadh faoi deara dhó féin é sin a dhéanamh uair amháin, beidh sé múinte go brách
 
dian
Théis gur ag maor a bhí sé, níl múinte a rath dhó. Ná bac le madadh ar bith a bheas ródhéan. B'fhearr dhuit uait é
 
Nach tú an dilleoirín i gcónaí. Ceadh nach mbeifeá mar a bhíos chuile ghasúr, go lách múinte agus gan a bheith ag tógáil an chloiginn orm mar sin. Nach bhfuil a fhios agat go maith go bhfaightheá é dá mbeadh sé ann, agus ó tharla nach bhfuil, go gcaithfidh tú déanamh dhá uireaspa a bheith agat. Nó an bhfuil maith ar bith a bheith leat. Má fheiceann t'athair in do dhilleoirín mar sin thú leagfaidh sé ort, creid mé dhuit ann. Agus ní chosnóidh mise aríst choíchin thú mar a rinne mé an oíche cheana
 
Éireoidh mé as ar fad, agus inis thusa é, ó tá tú ag dul romham le chuile chor. Ní fhaca mise do mhacasamhail ariamh. Ní féidir dhá fhocal cainte a rá san áit a mbeidh tú nach gcuirfidh tú duine de dhroim seoil. Níl smearadh múinte ort