Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

múinte (5)

 
Tá chuile dhuine ag gabhail leis deá bhéasach. Ní bheidís aige siúd mara mbeadh. Thóig sé go bog múirneach, múinte iad. Tá a shliocht orra
 
deara
Madadh ar bith a dtiubharfar faoi deara dhó fanacht ag forcabhás ort agus thú ag ithe do dhinnéir, is madadh millte a bhéas ann. Níl le déanamh le madadh, ach cur faoi ndeara dhó luighe ins an gclúid agus a smut in a chrúib, cho uain agus a bhíos duine ag ithe a bhéilí. Má thugann madadh faoi deara dhó féin é sin a dhéanamh uair amháin, beidh sé múinte go bráth
 
dian
Th'éis gur ag maor a bhí sé, níl múinte 'e rath dhó. Ná bac le madadh ar bith a bhéas ro-dhéan. B'fhearr dhuit uait é
 
Nach tú an dilleoirín i gcomhnuí. Ceadh nach mbeitheá mar a bhíos 'chuile ghasúr go lághach múinte agus gan a bheith ag tógáil an chloiginn orm mar sin. Nach bhfuil a fhios agad go maith go bhfuightheá é, dá mbeadh sé ann, agus ó thárla nach bhfuil go gcaithfidh tú déanamh dhá fhuireasbaidh a bheith agad. Nó an bhfuil maith ar bith a bheith leat. Má fheiceann t'athair in do dhilleoirín mar sin thú leagfaidh sé ort, creid mé dhuit ann. Agus ní choisneochaidh mise aríst choidhchin thú mar (a) rinne mé an oíche cheana
 
Eireochaidh mé as ar fad, agus innis thusa é, ó atá tú ag dul romham le 'chuile chor. Ní fhaca mise do mhacsamhail ariamh. Ní féidir dhá fhocal cainte a rádh ins an áit a mbeidh tú, nach gcuirfidh tú duine de dhruim seoil. Níl smearadh múinte ort