Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul roimh
1.
a.
+
Chuaidh sé amach roimh Sheán
Gabh amach roimh an asal agus ná leig síos an bóithrín é
TUILLEADH (4) ▼
Teirigh go ceann an bhóithrín roimhe
Chuaidh sé amach romham le 'chuile scéal a fháil
Breagh nach ndeachaidh duine agaibh roimh fhear an phosta agus gan aistir a chur aníos air
Dhá ngabhthá roimhe in am, ní bheadh sé scuabtha thart
+
Chuaidh sé go G. roimh Mh. Bhí sí le bheith ar an traen as Baile Átha Cliath = le castáil léithe inG.
Ní dheachaidh tú romham ins an áit a dubhairt muid = "coinne" nó comhdháil
TUILLEADH (1) ▼
Cuir focal ar áit eicínt anois agus gabhfaidh mise romhat ann
b.
+
Bíonn tú i gcomhnaí ag dul romham = ag dul isteach ar mo chuid cainte; 'nuair a bhímse ag caint, tosuigheann tusa ag caint, agus caithimse stopadh
Bhí sé ag dul roimhe gacha le nóiméad.
TUILLEADH (9) ▼
Nach breagh nach mbeadh múineadh ort, agus fanacht in do shost. Ní fhéadfaidh aon-duine smid a rádh agadsa. Tá tú ag dul roimh 'chuile dhuine
Chuaidh sé romham ins an gcaint, agus dubhairt sé gurb é féin a bhí thíos ann an oíche sin shul a tháinig mise isteach. Is mór dhá fhonn a bhí orm é a thabhairt isteach ar an drad dó
Sin é an sórt duine é 'chuile lá ariamh. Ní éistfeadh sé le dhá fhocal cainte go gcaithfeadh sé a ladar fhéin a chur isteach ann, agus a dhul romhat
Nach shin é a bhí mé ag dul a rádh; marach go ndeachaidh an clabaire sin romham, agus gur thosuigh sé a scéal féin
Ara ní raibh sé indon dhá fhocal cainte a chur idtoll a chéile in áit a raibh an glaodhmaire sin thiar ag S. Mh. S. ag dul roimhe le 'chuile chor. Ní túisce a thosuigh sé ag "speecháil", ná d'áitigh mac Sh. dhá cheisniú. 'Ar ndú' is maith an fáth: tá an boc sin ag tochras ar a cheirtlín fhéin
Ná gabh roimhe go mbeidh sé réidh. Tá cead cainte a thabhairt dhó ar aon-chor nó go bhfeiceamuid céard atá le rádh aige.
Is diabhlaí gránna an faisean atá aige go gcaitheann sé a bheith ag dul roimh 'chuile dhuine. Ní bhíonn sásamh ar bith ar scéal ins an áit a mbíonn sé
Mo léan géar chaithfeadh sé a ladar fhéin a chur ann. Cé'n bhrigh dhá bhfágadh sé deis chainte ag aonduine ach ní fhágfadh. Ní beo é mara mbeidh sé ag dul romhat le 'chuile fhocal dhá dtiocfaidh as do bhéal
Eireochaidh mé as ar fad, agus innis thusa é, ó atá tú ag dul romham le 'chuile chor. Ní fhaca mise do mhacsamhail ariamh. Ní féidir dhá fhocal cainte a rádh ins an áit a mbeidh tú, nach gcuirfidh tú duine de dhruim seoil. Níl smearadh múinte ort
+
'Sé an chaoi ar chuala mise é — ní ag dul romhat in do scéal é — gurb é S. a chuaidh ann de shiubhal oíche agus a thug a raibh ann as
Déarfainn gur bréag é sin — ní ag dul romhat in do scéal é! Léar (de réir) mar chuala mise …
TUILLEADH (1) ▼
Ní maith liom a dhul romhat in do scéal a dhuine chóir, ach measaim nach bhfuil an ceart agad. An bhfuil a fhios agad cé ba chiontsiocair leis sin …
c.
+
Tá an phian sin ag dul duit i gcomhnaí. Ní mór a dhul roimpe = ní mór breathnú in a dhiaidh; ní mór a dhul ag dochtúr fúithe, nó rud eicínt a dhéanamh, nach bhfuighidh sí cead a cinn
Ní dheachaidh sé roimh an tinneas sin in am. Sin é a d'fhága go dona é. Ní mheasaim go bhfuil mórán maitheasa a dhul roimhe anois. Tá sé in ainsil
TUILLEADH (6) ▼
Tá cois bhocht agad. Ní fuláir duit a dul roimpe in am. Má shéideann sí sin suas mórán eile, gheobhaidh tú rud le déanamh uaithe. Tá droch-ábhar eicínt istigh innte. B'fhéidir go ndéanfadh an dochtúr í a lansáil duit
Níl mé indon teanntás ar bith a dhéanamh uirre fós, agus marab fhuil ag Dia, tá faitíos orm nach mbeidh ach oiread. Mé féin is cionntaighe. Ní dheachaidh mé roimpe nuair a bhí agam a dhéanamh an lá ar chuir mé amach í, ba cheart dom a dhul ag fear cnámh léithe, ach bhí mé dhá chur ar an méir is fuide igcomhnaí ag ceapadh go dtiocfadh sí aice féin uaithe féin
Deir siad go bhfuil na dochtúirí indon an eitinn sin a leigheas anois má theigheann duine roimpe in am, ach má leigeann duine achar ar bith í, nach bhfuil indán leighis di
Ní fhaca mé a (bhur) leithidí ó a rugadh mé. Ní rachadh sibh roimh rud ar bith, ach fanacht dhá bhuachailleacht annsin, nó nach mbíonn sib indon corruighe leis. Tá tusa anois ag fuasaoid do chliabhraigh a Sheáin le ionann agus bliain, agus ní ghabhfá soir ag an dochtúr leis in a dheidh sin. Is fhearr leat ag éagcaoineadh annsin, ná a dhul go dtí an fear a dhéanfadh maith dhuit
Marach go ndeachaidh mé roimhe an uair sin, dheamhan beo a bheinn indiu. Dubhairt an dochtúr liom dhá bhfágainn seachtain eile é, go mbeadh sí ithte roimhe, agus nach bhféadfadh dochtúirí na cruinne aon-mhaith a dhéanamh dhom
Is maith í an fhoighid, ach is olc í an fhaillighe. Tá faitíos orm go bhfágfaidh tú thú féin, nó nach mbeidh aon-mhaith dhuit a dhul romhat féin. Tá an rud sin anois ag dul duit leis an fhad seo, agus gan cosamhlacht ar bith air imeacht
+
Teirigh roimhe in am: sin é a bhfuil le déanamh agad. Má theagann sé isteach aon-oíche agad agus lorg óil air, tabhair an tsráid amach aríst dó. 'Sé a dhéanamh leis é. Má thugann sé faoi deara dhó fhéin tosaighe ag ól, leagha na bhFiann ní choinneochadh uaidh é
Níl agam a dhéanamh ach a dhul roimhe anois, shul a thiocfas mórán eile dhá aois. Nach maith luath a thosuigh sé ag dul ó smacht agus ag eirghe amach ag scaibhtéaracht. Leónfaidh mise a chnámha cho uain's tá mé indon a dhéanta.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an gamhain sin thuas i mbradghail indé. T. Mh. a chuir amach é as geamhar Sh. 'Séard atá le déanamh leis anois lom láithreach buairín a fháisceadh air. Níl maith ar bith a leigean ar an méir fhada. A dhul roimhe ar an bpuinte atá a dhéanamh
Tá na gasúir sin dubh-ámhuilleach le gairid. Meastú céard a rinne siad indé ag teacht ó'n scoil dóib, ach an ceaintín a raibh a chuid tae ann ag S. Ph. a chrochadh leo anoir go dtí Áirdín an Fh. agus an tae agus a raibh ann a dhóirteadh. Anois b'fhéidir! Ar an dá luath agus a dtiocfaidh siad isteach, gheobhaidh mise an tslat agus tóigfidh mé ar mo ghlúine iad. 'Sé a thuar siad dóib féin. Is fhearr a dhul rompa anois, ná a bheith in aithmhéala aríst = nuair a bhéas cuid is mó ná sin déanta aca
2.
+
Má tá mé craithte féin gabhfaidh tusa romham fós = cuirfidh mé romham thú; gheobhaidh tú bás 'un tosaigh orm
Chuaidh an bhean roimhe = fuair sí bás roimhe
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheidh sé sásta muise mara dteighidh an bhean roimhe. D'fhanfadh sé féin beo sílim, dhá n-imigheadh an bhean
Is cinneamhaint uirre é nó gabhfaidh an fear roimpe. Níl sí ag tabhairt sógh ná sólás dó, ach in a éadan ó mhaidin go faoithin
·
Chuaidh sé romham go B. = 'un tosaigh orm

Féach freisin