téigh roimh
1.
a.
+–
Chuaigh sé amach roimh Sheán
Gabh amach roimh an asal agus ná lig síos an bóithrín é
TUILLEADH (4) ▼
Téirigh go ceann an bhóithrín roimhe
Chuaigh sé amach romham le chuile scéal a fháil
Breá nach ndeachaigh duine agaibh roimh fhear an phosta agus gan aistir a chur aníos air
Dhá ngabhfá roimhe in am, ní bheadh sé scuabtha thart
+–
Chuaigh sé go G. roimh Mh. Bhí sí le bheith ar an traein as Baile Átha Cliath — le castáil léithe i nG.
Ní dheachaigh tú romham san áit adúirt muid — coinne nó comhdháil
TUILLEADH (1) ▼
Cuir focal ar áit eicínt anois agus gabhfaidh mise romhat ann
b.
+–
Bíonn tú i gcónaí ag dul romham — ag dul isteach ar mo chuid cainte; nuair a bhímse ag caint, tosaíonn tusa ag caint, agus caithimse stopadh
Bhí sé ag dul roimhe gacha le nóiméad
TUILLEADH (9) ▼
Nach breá nach mbeadh múineadh ort agus fanacht in do shost. Ní fhéadfaidh aon duine smid a rá agatsa. Tá tú ag dul roimh chuile dhuine
Chuaigh sé romham sa gcaint, agus dúirt sé gurb é féin a bhí thíos ann an oíche sin shula tháinig mise isteach. Is mór dhá fhonn a bhí orm é a thabhairt isteach ar an drad dó
Sin é an sórt duine é chuile lá ariamh. Ní éistfeadh sé le dhá fhocal cainte go gcaithfeadh sé a ladar fhéin a chur isteach ann agus a dhul romhat
Nach in é a bhí mé ag dul a rá; murach go ndeachaigh an clabaire sin romham agus gur thosaigh sé a scéal féin
Ara ní raibh sé in ann dhá fhocal cainte a chur i dtoll a chéile an áit a raibh an glaomaire sin thiar ag S. Mh. S. ag dul roimhe le chuile chor. Ní túisce a thosaigh sé ag speecháil ná d'áitigh mac Sh. dhá cheisniú. Ar ndóigh is maith an fáth: tá an boc sin ag tochras ar a cheirtlín fhéin
Ná gabh roimhe go mbeidh sé réidh. Tá cead cainte a thabhairt dhó ar aon chor nó go bhfeice muid céard atá le rá aige
Is diabhlaí gránna an faisean atá aige go gcaitheann sé a bheith ag dul roimh chuile dhuine. Ní bhíonn sásamh ar bith ar scéal san áit a mbíonn sé
Mo léan géar, chaithfeadh sé a ladar fhéin a chur ann. Cén bhrí dhá bhfágadh sé deis chainte ag aon duine ach ní fhágfadh. Ní beo é mura mbeidh sé ag dul romhat le chuile fhocal dhá dtiocfaidh as do bhéal
Éireoidh mé as ar fad, agus inis thusa é, ó tá tú ag dul romham le chuile chor. Ní fhaca mise do mhacasamhail ariamh. Ní féidir dhá fhocal cainte a rá san áit a mbeidh tú nach gcuirfidh tú duine de dhroim seoil. Níl smearadh múinte ort
+–
'Sé an chaoi ar chuala mise é — ní ag dul romhat in do scéal é — gurb é S. a chuaigh ann de shiúl oíche agus a thug a raibh ann as
Déarfainn gur bréag é sin — ní ag dul romhat in do scéal é! Léar (de réir) mar a chuala mise …
TUILLEADH (1) ▼
Ní maith liom a dhul romhat in do scéal a dhuine chóir, ach measaim nach bhfuil an ceart agat. An bhfuil a fhios agat cé ba chiontsiocair leis sin …
c.
+–
Tá an phian sin ag dul duit i gcónaí. Ní mór a dhul roimpi — ní mór breathnú ina dhiaidh; ní mór a dhul ag dochtúr fúithi, nó rud eicínt a dhéanamh, nach bhfaighidh sí cead a cinn
Ní dheachaigh sé roimh an tinneas sin in am. Sin é a d'fhága go dona é. Ní mheasaim go bhfuil mórán maitheasa a dhul roimhe anois. Tá sé in ainseal
TUILLEADH (6) ▼
Tá cois bhocht agat. Ní foláir duit a dul roimpi in am. Má shéideann sí sin suas mórán eile, gheobhaidh tú rud le déanamh uaithi. Tá drochábhar eicínt istigh inti. B'fhéidir go ndéanfadh an dochtúr í a lansáil duit
Níl mé in ann teanntás ar bith a dhéanamh uirthi fós, agus mura bhfuil ag Dia, tá faitíos orm nach mbeidh ach oiread. Mé féin is ciontaí. Ní dheachaigh mé roimpi nuair a bhí agam a dhéanamh an lá ar chuir mé amach í, ba cheart dom a dhul ag fear cnámh léithe, ach bhí mé dhá chur ar an méir is faide i gcónaí ag ceapadh go dtiocfadh sí aici féin uaithi féin
Deir siad go bhfuil na dochtúirí in ann an eitinn sin a leigheas anois má théann duine roimpi in am, ach má ligeann duine achar ar bith í, nach bhfuil i ndán leighis di
Ní fhaca mé a (bhur) leithidí ó rugadh mé. Ní rachadh sibh roimh rud ar bith, ach fanacht dhá bhuachailleacht ansin nó nach mbíonn sibh in ann corraí leis. Tá tusa anois ag fuasaoid do chliabhraigh a Sheáin le ionann is bliain, agus ní ghabhfá soir ag an dochtúr leis ina dhiaidh sin. Is fhearr leat ag éagaoineadh ansin ná a dhul go dtí an fear a dhéanfadh maith dhuit
Murach go ndeachaigh mé roimhe an uair sin, dheamhan beo a bheinn inniu. Dúirt an dochtúr liom dhá bhfágainn seachtain eile é, go mbeadh sí ite roimhe agus nach bhféadfadh dochtúirí na cruinne aon mhaith a dhéanamh dhom
Is maith í an fhoighid, ach is olc í an fhaillí. Tá faitíos orm go bhfágfaidh tú thú féin nó nach mbeidh aon mhaith dhuit a dhul romhat féin. Tá an rud sin anois ag dul duit leis an fhad seo, agus gan cosúlacht ar bith air imeacht
+–
Téirigh roimhe in am: sin é a bhfuil le déanamh agat. Má theagann sé isteach aon oíche agat agus lorg óil air, tabhair an tsráid amach aríst dó. 'Sé a dhéanamh leis é. Má thugann sé faoi deara dhó fhéin tosaí ag ól, leagha na bhFiann ní choinneodh uaidh é
Níl agam a dhéanamh ach a dhul roimhe anois shula thiocfas mórán eile dhá aois. Nach maith luath a thosaigh sé ag dul ó smacht agus ag éirí amach ag scabhaitéireacht. Leonfaidh mise a chnámha chomh uain is atá mé in ann a dhéanta
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an gamhain sin thuas i mbradaíl inné. T. Mh. a chuir amach é as geamhar Sh. Séard atá le déanamh leis anois lom láithreach, buairthín a fháscadh air. Níl maith ar bith a ligean ar an méir fhada. A dhul roimhe ar an bpointe atá a dhéanamh
Tá na gasúir sin dubhábhailleach le gairid. Meas tú céard a rinne siad inné ag teacht ón scoil dóibh, ach an ceaintín a raibh a chuid tae ann ag S. Ph. a chrochadh leo anoir go dtí Airdín an Fh. agus an tae agus a raibh ann a dhóirteadh. Anois b'fhéidir! Ar an dá luath is a dtiocfaidh siad isteach, gheobhaidh mise an tslat agus tógfaidh mé ar mo ghlúine iad. 'Sé a thuar siad dóibh féin. Is fhearr a dhul rompu anois ná a bheith in aiféala aríst — nuair a bheas cuid is mó ná sin déanta acu
2.
+–
Má tá mé croite féin, gabhfaidh tusa romham fós — cuirfidh mé romham thú; gheobhaidh tú bás chun tosaigh orm
Chuaigh an bhean roimhe — fuair sí bás roimhe
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheidh sé sásta muise mura dté an bhean roimhe. D'fhanfadh sé féin beo sílim, dhá n-imíodh an bhean
Is cinniúint uirthi é nó gabhfaidh an fear roimpi. Níl sí ag tabhairt só ná sólás dó ach ina éadan ó mhaidin go faoithin
·
Chuaigh sé romham go B. — chun tosaigh orm
Féach freisin
→
roimh