Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

sonda (12)

+
Chonaic mé an sonda uaim agus é an-fhollasach. Ní fhéadfadh sé a bheith ní ba follasaí dá mbeadh mo láimh leagtha air
TUILLEADH (1) ▼
Sonda follasach a bhí ann
 
aer
Chonaic sé an sonda ag dul thairis; idir an t-aer is an talamh — a cheann ionann is buailte ar an aer aige agus a cosa i ndáil le ag scríobadh na talúna.
 
buail
Má bhuail scanradh fhéin í, bhí ceart aici air, agus sonda mar sin a fheiceáil i mbéal an bhealaigh roimpi.
 
airigh
D'airigh mé driogannaí agus drithlíní ag dul thríom idir fheoil is leathar nuair a thug mé faoi deara an sonda romham — d'airigh mé an-fhaitíos ag teacht orm fhéin nuair a chonaic mé an toirt romham (fc. driog, drithlín, sonda)
 
anam
Ba bheag an dochar dhom m'anam a bheith in mo chluais agus an sonda a chonaic mé ann (fc. sonda)
 
léas 2
Chonaic mé an sonda (sonra) idir mé agus léas — chonaic mé san oíche toirt nó cumraíocht eicín idir mé agus an dorchadas
 
fia
Chonaic mé an sonda i mbéal na cruaiche agus mé ag dul suas an cnocán. Comharthaíocht duine a bhí ann. Ach níorbh fhéidir é a aithneachtáil sa mbánshoilse. Nuair a chuaigh mé chomh fada leis an gcruaich, ní fhaca mé toirt fia ná feannóige in aon áit ach bhí brúisc leagtha go talamh. Lig an rógaire leis fhéin
 
Bhí an sonda romham ar an mbóthar agus leithead an bhealaigh uilig ann. Chlaon mé fhéin. Tháinig an fuarallas thrí mo chraiceann. Bhí mé ag creathadh le faitíos
 
Chonaic mé an sonda romham ar an mbóthar agus méid bó ann. Nár lige Dia go gcuirfinn bréag air, cé brí céard a bhí ann! Ach bhí rud eicínt ann. Nuair a chuaigh mé chomh fada leis an áit a raibh sé, dheamhan toirt fia na feannóige a bhí le feiceáil. Chreathnaigh mé i chuile mhíle ball ag gabháil liom, agus chuaigh drithlíní faitís thríom. Rinne gruaig mo chinn slatachaí, agus bhí an fuarallas (forallas) amach thríom ar an toirt boise. Níl a fhios agam anois ná an uair sin cén chaoi ar shrian mé aníos go teach é, ach níor thúisce istigh mé ná a bhí mé tite i meirfean
 
dáil
Dar príosta bhí sé i ndáil le ina fhaitíos orm féin nuair a chonaic mé an sonda
 
Lig mé rófhada orm féin é. 'Sé a raibh ann díogarnach lae agus mé ag fágáil L. Tá a fhios agat féin go (gur) maith deireanach é sin taca na Féile San Seáin. Anuas go díreach ag an bhF. M. a bhí mé nuair a tolladh an bicycle orm. Shantaigh mé a dhul isteach tigh M. Dh. go bhfaighinn deis deasaithe, ach dheamhan é. Chuimhnigh mé freisin sreangán a fháscadh uirthi, ach le chuile chamánaí, bhí mé anuas ag na hI. gan tada a dhéanamh ach ag siúl de réir mo choise. Ag cruach mhóna a d'airigh mé an rud. Nár lige Dia go ndéanfainn bréag, ach ba é an sonda ab áibhéile é a chonaic mé i gcaitheamh mo shaoil …