Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deibhil
ainm-fhocal, buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh — deibhile.
Fuaim — dibhil
Ní feasach dom an focal a bheith in áit ar bith ach in Árainn
aithdeal, claochmú nó calm sealadach ins an ngála nó ins an uair mhóir. Is focal fairrge go h-áirid é ar an gclaochmú gála a thapuigheas bádóirí le go bhféadfaidh siad rith cladaigh a thabhairt do'n bhád nó a theacht i gcaladh. Is minic nach mbeadh sé rí-dhona ar an bhfairrge fhéin chor ar bith, ach a ngabhfadh sé rithte le bádóir caladh a dhéanamh in a dhiaidh sin, de bharr bogadh a bheith le tír. Bíonn sé ag forcabhás ar dheibhil an uair sin.
+
Tá an-bhogadh le cladach. Is deacair do churrach ar bith a theacht isteach indiu ach go h-áirid. Cinnfidh sé orra mara dteagaidh deibhil
Tá sé in a dheibhil. Leagaidh oraibh féin agus tiubharfamuid rith cladaigh di. Lá mór ceart é
TUILLEADH (6) ▼
Anois atá againn a thapú ó tá an deibhil ann. Tiubharfaidh sé fuighleach le déanamh dhúinn, ach b'fhéidir go gcuirfeadh muid 'un caladh í mar sin féin. Tá ciothréabachaí fairrge ann
'Nuair a fuair muid an deibhil shrian muid linn isteach é, ach d'fhéach sé muid freisin. Marach an deibhil sin fhéin a tháinic, ba í an fhairrge ar n-áit fós
B'éigin duinn fuirsheacht annsin ag maraidheacht na h-uaire, ag síleachtáil go bhfuigheadh muid deibhil 'chuile phuínte, agus gan baoghal ar bith orainn. An bhfuil a fhios agad cá'id a bhí muid ann: Ó bhuilg an lae nó go raibh sé in a lán-mhara. Ní raibh an aimsir faoi dhúinn le a theacht isteach 'na chlochair chor ar bith. Deibhil fhánach a tháinig an uair sin féin. Níl ann ach go raibh muid indon clochar an bháid a dhéanamh
Ní raibh sé inrásta aca an bealach a rith meireach an deibhil a tháinig. B'fhada a chaith siad ag maraidheacht anonn agus anall i mbéal na trágha sul má d'fhéad siad a n-aghaidh a thabhairt isteach. Má bhíonn lonnadh ar bith le tír, is olc an bealach í an chuisle sin aníos. Chuaidh sé 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhúinn muid a chur soir ar an bhfearsaid, agus dhá gcuirtí, bhí ar gcuid bádóireacht ar iarraidh
Dhá dteagadh deibhil ar bith d'fhéadfadh dream eicínt a dhul amach cho fada leo, ach ní raibh aon-bhád dhá rinneadh (dhár dearnadh) ariamh indon é a mharaidheacht (bharraidheacht?). B'fhada a chaith duine aca ar an gcarraig: nó gur árduigh an taoille tuile léithe an duine bocht. Ach cé'n neart a bhí air. Céad fáilte roimh Ghrásta Dé
Bhí an lá indiu indon an bádóir is fhearr dhár stríoc seol ariamh a chur ar a mhiotal. Chaith an ghleoiteoig tamall mór de'n lá timcheall an Ghuib, ag tnuthán go dtiocfadh sé in a [dheibhil] 'chuile phuínte, ach b'fhada an fanacht aice é. Ar éigin a bhí siad indon [...] ar bith