Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deibhil
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: deibhile
fuaim: dibhil
ní feasach dom an focal a bheith in áit ar bith ach in Árainn
 aiteall, claochmú nó calm sealadach sa ngála nó san uair mhóir. Is focal farraige go háirid é ar an gclaochmú gála a thapaíos bádóirí le go bhféadfaidh siad rith cladaigh a thabhairt don bhád nó a theacht i gcaladh. Is minic nach mbeadh sé rídhona ar an bhfarraige fhéin chor ar bith, ach a ngabhfadh sé rite le bádóir caladh a dhéanamh ina dhiaidh sin, de bharr bogadh a bheith le tír. Bíonn sé ag forcamhás ar dheibhil an uair sin.
+
Tá an-bhogadh le cladach. Is deacair do churach ar bith a theacht isteach inniu ach go háirid. Cinnfidh sé orthu mura dteaga deibhil
Tá sé ina dheibhil. Leagaidh oraibh féin agus tabharfaidh muid rith cladaigh di. Lá mór ceart é
TUILLEADH (6) ▼
Anois atá againn a thapú ó tá an deibhil ann. Tabharfaidh sé fuílleach le déanamh dhúinn, ach b'fhéidir go gcuirfeadh muid chun calaidh í mar sin féin. Tá círéabachaí farraige ann
Nuair a fuair muid an deibhil shrian muid linn isteach é, ach d'fhéach sé muid freisin. Murach an deibhil sin fhéin a tháinig, ba í an fharraige ár n-áit fós
B'éigean dúinn fuireacht ansin ag maraíocht na huaire, ag síleachtáil go bhfaigheadh muid deibhil chuile phointe, agus gan baol ar bith orainn. An bhfuil a fhios agat cáid a bhí muid ann: ó bhoilg an lae nó go raibh sé ina lán mhara. Ní raibh an aimsir faoi dhúinn le a theacht isteach 'na chlochair chor ar bith. Deibhil fhánach a tháinig an uair sin féin. Níl ann ach go raibh muid in ann clochar an bháid a dhéanamh
Ní raibh sé inrásta acu an bealach a rith meireach an deibhil a tháinig. B'fhada a chaith siad ag maraíocht anonn is anall i mbéal na trá sul má d'fhéad siad a n-aghaidh a thabhairt isteach. Má bhíonn lonnadh ar bith le tír, is olc an bealach í an chuisle sin aníos. Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhúinn muid a chur soir ar an bhfearsaid, agus dhá gcuirtí, bhí ar gcuid bádóireacht ar iarraidh
Dhá dteagadh deibhil ar bith d'fhéadfadh dream eicínt a dhul amach chomh fada leo, ach ní raibh aon bhád dhá rinneadh (dhár dearnadh) ariamh in ann é a mharaíocht (bharraíocht?). B'fhada a chaith duine acu ar an gcarraig, nó gur ardaigh an taoille tuile léithe an duine bocht. Ach cén neart a bhí air. Céad fáilte roimh ghrásta Dé
Bhí an lá inniu in ann an bádóir is fhearr dhár stríoc seol ariamh a chur ar a mhiotal. Chaith an ghleoiteoig tamall mór den lá timpeall an Ghoib, ag tnúthán go dtiocfadh sé ina dheibhil chuile phointe, ach b'fhada an fanacht aici é. Ar éigean a bhí siad in ann [...] ar bith