Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

náire (50+)

 
fios
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labhartha. Ab é an gráiscín sin? Náireodh sé thú dhá mbeadh aon duine ann a mbeadh cás ar bith agat faoi. Meas tú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. anseo … ? Ní thabharfainn deoir fhola le náire
 
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithi a rinne an focal. Ní thabharfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithi uaidh sin amach
 
Éirigí as an bhfreagraíocht trasna seo. Is mór an náire sibh — beirt ag breith brabach ar a chéile i gcaint agus iad greamannach le chéile; nó na cineál freagraí a thabharfadh seanpháiste mímhúinte ort
 
Bhí sí sin ina beathach chomh tógtha agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannaigh sé ina gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirthi. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó tháinig an geimhreadh agus gan aon ghabháil a chaitheamh ariamh aici. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheathach ar bith mar siúd
 
fóir
Nach beag an dochar duit náire a bheith ort a theacht ag iarratas ormsa. Ní raibh aon fhear fóirithinte agam fhéin ariamh ach cead agam a raibh agam a bhaint as allas mo chnámh. D'fhéad tusa an cleas céanna a dhéanamh ach bhí an iomarca den spreallaireacht ag siúl leat
 
Is iomaí fear maith a mb'éigean dó seal a chaitheamh ar a chaomhúint. Ní fáth náire ar bith é sin, mura mbí coir thútach déanta agat.
 
ceal 1
Ní cheal a shaothraithe atá ortsa, a dhuine bhoicht, mura bhfaighe tú braon óil. Shílfeá nach ligfeadh an náire dhuit a bheith ag imeacht ag súdaireacht agus ag sclaibéireacht mar atá tú. Tá do cháil faoin tír.
 
Cáide eile a bheas tú ar an gcipiléireacht seo. Cuir crú ina thosach, agus bíodh sé críochnaithe tráthnóna amárach ar a fhad. Shílfeá go mba chóra dhuit náire a bheith ort, agus an t-achar atá tú in ainm is a bheith ina éadan, agus gan déanamh ná leathdhéanamh fós air.
 
Is mór an náire dhuit é, a bheith in do chlaibín muilinn mar sin, agus a liachtaí duine is sine ná thú fhéin ag éisteacht leat agus ag magadh fút.
 
Well ní ag amhdú an oilc é, ach má thagann an t-ógánach sin in mo linnse aríst go brách, diabhal mise ann go leagfaidh mé air. Ba bheag an náire a bhí air agus a ndearna mé de chomaoin dó, nárbh fhiú leis a theacht chuig sochraide m'athar.
 
Is beag an dóchar dhuit náire a bheith ort, do léine uileag a bheith ina círéabachaí agat agus a dhaoireacht agus atá léinteachaí lena gceannacht
+
Ná bíodh cás ná náire ort bonn a chur mura mbí eolas an bhealaigh agat.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an náire don mháistir é nár scaoil bealach libh fadó tharas sibh a bheith stiúgtha leis an ocras an tráth seo de ló.
+
Shílfeá go mbeadh náire air é fhéin a thabhairt le taispeánadh os comhair duine ar bith, théis bean a chur ó chrích.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá ba aon duine eile a chuirfeadh bean ó chrích mar sin, d'imeodh sé i ndiaidh a chinn roimhe agus dheamhan a chos a thaobhódh an baile go deo aríst. Ach dheamhan a dhath náire ar siúd.
 
Deile cár nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaigh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag an dochar di náire a bheith uirthi feasta choíchin gan fios a gnaithe a bheith aici thairis sin, ach ní hí is measa ach sibhse a lig amach í.
 
cúl
Sea, dhéanfá go maith ar chúla téarmaí é, ach tá náire ort é a dhéanamh i gcomhfhios. Is mór an úis do leithide.
 
bocht 1
Is beag an náire a bhí air a dhul ag bualadh an duine bhoicht sin (b'fhéidir nach duine daibhir a bhí ann chor ar bith, ach duine ar leag Dia láimh air nó a bhí sean, croite, nó éalangach, nó a raibh an saol ag gabháil dá mhaidí air)
 
bocht 2
Tá an náire caillte aige agus ó théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain (chun drabhláis atá i gceist anseo).
 
Shílfeá nach ligfeadh an náire dhá mháthair é a ligean amach taobh le na seanbhreallachaí údan atá air.
 
Shílfeá go mbeadh náire ar bhean ar bith béiceadán a dhéanamh dhi fhéin ar an gcaoi sin le ól. Bíonn caitheamh is cáineadh ar na fir, ach dheamhan leath milleáin le tabhairt dóibh agus na mná fhéin ar an gceird sin.
 
Bhí a cheann buailte faoi aige le neart náire
+
buail
Bhuail sé siar de mhaoil a mhainge go dtí an sagart gur inis sé dhó é. Nach beag an náire a bhí air. Is mór adéarfaí le bean dhá ndéanadh sí é!
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail lán mo chruite de náire mé nuair ba léir dhom céard a bhí déanta agam.
 
ailím
Nach beag an náire a bhí air é a ardú leis mar sin, idir ailím ’is mhádar.
+
ainm
Is mór an náire dhuit é ag tabhairt ainm Dé gan fáth
TUILLEADH (3) ▼
Is mór an t-údar náire dhi an cailín beag a bhaint as a hainm.
Nach é an náire bhruite é go bhfuil cead aige chuile dhuine a bhaint as a ainm agus gan lá araoide dhá chur air.
Is beag an náire uirthi a dhul ag baint duine ar bith as a ainm
 
Is mór mór an náire dhuit é nach mbíonn aireachas agat thairis sin ar do chuid gamhna agus gan cead scoir a thabhairt dóibh ar fud na tíre — is mór an náire dhuit é nach mbíonn airdeall agat ar do chuid gamhna agus gan iad a bheith imithe ar a gcomhairle fhéin ar fud na tíre
 
amach
Ní raibh cás ná náire air a rá amach gurb é fhéin a rinne é.
 
amuigh
Is beag an dochar dhuit náire bheith ort, má tá an méid sin airgid amuigh agat ó mhaidin inniu agus gan tada agat dhá bharr.
 
Is beag an dochar duit náire bheith ort agus an fhad is atá bainte amach leis an uailín móna sin agat.
 
Sciorr an leasainm uaim agus ní raibh an oiread de náire ariamh orm — thug sé an leasainm air agus níor chuimhnigh sé air fhéin gur dhúirt sé é srl.
+
anam
Tá a fhios ag mo chroí agus ag m'anam gur beag an náire atá oraibh más sibh a rinne sceanach den arán mar sin.
TUILLEADH (1) ▼
T'anam coscartha ag an diabhal — crosaim aríst tú! — nach beag an náire atá ort a bheith ar an gcaint sin!
 
Is beag an náire an t-antlachán — níl aon náire air ag cnuasach nó ag cur maoine i dtoll a chéile.
 
anó
Is mór an náire dhuit anó a dhéanamh ort fhéin mar sin nach gcuirfeadh léine ghlan ort féin.
 
Ní fhéadfaidh mé mo cheann a ardú aríst go brách le náire faoin méid sin.
 
failic
Fuair tú dhá unsa tobac Dé hAoine agus is duit is mó náire má tá siad caite agat. Ní fhaca mé aon duine ariamh is mó failic ar thobac ná thú. Dheamhan caint ar bith agat cá bhfaighfear a luach
 
fiacha
Dhá mbeadh fiacha mar sin ar dhaoine eile, dheamhan a ligfeadh an náire dhóibh a gceann a chur in aon áit. Ach dheamhan a dhath cáis air siúd. Bladaire maith é. Ó, deir siad é, go dtugann an fear sleamhain fiacha leis.
 
fiolla
Suífidh sé i mbun T. Déanfaidh sé fiolla dhó (dhe) mura ndíbrí sé uaidh é. Deir siad gurb é an cheird a bhí orthu thíos ann an oíche cheana, ag caitheamh na tine suas ar fud an tí. Dheamhan a gcónóidh siad go gcuire siad an teach thrí lasadh air. Is dóibh is mó náire a bheith ag siocadh le seanfhear bocht mar sin
+
Fionn 1
An rud ba mhó a chuir náire ar Fhionn ariamh go mbeadh rud (beatha) ina bhéal agus gan é a bheith ina láimh — dhá dteagadh duine isteach ort le linn do bhéilí agus gan aon arán a bheith bruite agat ach rud nárbh fhiú leat a chur ina fhianais, nó dhá mbeadh an fheoil bearnaithe agat nó a leithide
TUILLEADH (1) ▼
Ní cheideonainn ar chuid mhaith é. Dheamhan ceo feola bruite ach a bhfeiceann tú, agus is mór liom a dhul ag cur duine ar bith taobh leis an mbeagán. Mo bholg fhéin is ciontaí. An rud is mó a chuir náire ar Fhionn beatha a bheith ina bhéal agus gan í a bheith ina láimh. Tá an láimh chúng agamsa anocht ar chaoi ar bith
+
fiuch
Bhí a éadan ag fiuchadh le náire — é lasta
TUILLEADH (1) ▼
B'fhurasta a aithinte air agus an lasair a bhí ann gur ag fiuchadh le náire a bhí sé
 
Dheamhan cuid an fhiúntais fhéin a bhí agam. Ní thabharfainn deoir fhola le náire. Cén bhrí ach go raibh daoine ann a raibh beann agam orthu
 
fogha
Nach beag an náire ort a bheith ag baint fogha is easpa as chuile dhuine ar an gceird sin. B'fhéidir nach bhfuil duine ar bith ar fusa fogha is easpa a bhaint as ná thú fhéin. Diabhal mé muise nuair a roinneadh an slacht nach bhfuair tusa thar do chuid de! Ar chuala tú ariamh é: ní maith an tsamhail a théas i bhfad
 
fonn
Croch suas stéibh foinn. Maith an fear! Ar ndóigh ní náire atá ort. Bí chomh teann anseo agus a bheifeá agat fhéin
 
Mura mbeidh sibh isteach anseo ag an bpaidrín anocht, gheobhaidh sibh fruisín maith ón bhur n-athair. Is beag an dochar daoibh náire a bheith oraibh dhá gcailleadh féin ar bhóithrí ó oíche go maidin