Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

oirille (6)

 
Is mór an éagóir é lascainí a thabhairt do dhuine agus é 'bhualadh thall aríst ar dhuine eile. Ach i nDomhnach, sin í an oirille atá siopadóirí na háite seo a dhéanamh.
 
amach
Chuaigh sé thar baile amach ag tabhairt cuiríochaí agus rinne sé oirille ar an dream a bhí i mbéal an dorais aige (fc. oirille)
 
anuas
Níor chomaoin dó a bheith anuas ormsa mar ní dhearna mise oirille ar bith air ach an oiread is a rinne mé ar aon duine eile
 
dealg
Má tá a dhealg sáite ag an sáirsint ionat beidh sé ar siúl go deo go gcuire sé i dteannta thú. Sin é an sórt duine é. Tá an oirille ann. Féadfaidh daoine a rogha rud a dhéanamh ansin os comhair a dhá shúl, ach níl neart ag daoine eile an bóthar a shiúl nuair is mian leis iad a chur i bhfostós. Fuair mise mo dhóthain dó (de). Níl aon cheo dhá raibh ina chumhachta nach ndearna sé ormsa
 
dligh
Má dhligh sé bainis dúinne fuair sé bainis ina hómós. Bhí bainis eile aige féin agus níor iarr sé muide, agus 'sí an chomaoin chéanna a chuirfeas muide air anois. Má tá sé ag tnúthán léithe is mór an dul amú atá air. Murach é féin ag déanamh oirille orainne, agus a dhul ag iarraidh an dream a bhí taobh thuas agus taobh thíos dúinn (dínn), gheobhadh sé cuireadh anois uainn, glíodh (dlíodh) sé é nó ná dlíodh; agus níor dhligh, mar ní raibh muide ag an mbainis deiridh a bhí aige fhéin, ach ligfinn é sin tharam murach an cleas a rinne sé féin
 
dol 1
Déanann siad dol leis sin scaití, ach corruair é. Tá an t-airdeall róghéar ann, agus deir siad go bhfuil na maortha atá ansin armáilte ar fad. Nach olc an ceart, ach an oiread le scéal, go mbeadh aon bhaint ag aon duine thar a chéile den abhainn. Nach é Dia a chuir an t-iasc ann, agus ní dhéanfadh sé oirille ar dhuine thar a chéile