aicearrach
—
+–
Tá an bealach sin an-aicearrach duitse.
Is aicearraí go mór é ná an bóthar eile, ach tá a dhonas fhéin ann, roisfeadh sé a bhfuil de tyreannaí tigh Ward.
TUILLEADH (2) ▼
Murach a bhfuil de choraíocha cloch air, tá sé an-aicearrach (bóthar)
Má dhéantar an bóthar sin, beidh sé an-aicearrach ag muintir na sléibhte.
aicearrach in iontrálacha eile (3)
→
bealach
Ní bhainfidh tú aon cheart den bhealach aicearrach (den bhealach trasna) anocht; tá an oíche ródhorcha.
→
aicearra
Nuair nach bhfuil eolas na tíre, ná fios na n-aicearraí agat, bainfidh sé scaitheamh dhuit a dhul ann.
→
bualadh
Sin é an bóthar a mbíodh an bualadh uileag fadó air, ach ó rinneadh an bóithrín aicearrach thríd an sliabh, ní bheadh ann ach timpeall anois.