Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aiciseach
aicis a bheith i nduine.
+
Duine aiciseach é — tá sé binbiúil gangaideach
Níl aon duine sa tír is aicisí ná í.
TUILLEADH (3) ▼
Dhá aicisí an mháthair, is measa aríst an iníon.
Dhá aicisí an mac, ní choinneodh sé coinneal don athair (níl aon ghair aige ar an athair; ní measa é ná an t-athair srl.)
Dhá aicisí dhá bhfuil sé in aghaidh mhuintire an bhaile thiar nach breá go dtéann sé ag cuartaíocht go dtí iad ina dhiaidh sin

aiciseach in iontrálacha eile (1)

 
bannaí 1
Beannacht Dé dhuit a bhean chroí! Ní fhéadfá a dhul i mbannaí ar an leanbh sa gcliabhán anois, mar tá na daoine níos seanóraí agus níos aicisí ná a bhíodar fadó. — ní fhéadfá bheith cinnte, nach ndéanfadh an leanbh sa gcliabhán dochar agus díobháil.