Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ainmiúil
fuiliúil; an braon mór, nó an braon ar fónamh a bheith i nduine; ainm clúitiúil; folaíocht a bheith i nduine.
+
Duine an-ainmiúil é — tá an braon ar fónamh ann; tá an fhuil mhór ann
Is ainmiúil an dream sa tír iad sin — is mór i gceist sa tír iad
TUILLEADH (1) ▼
Is cine ainmniúil iad Clann Dhonnchadha — tá folaíocht i gClainn Dhonnchadha