Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
anacair
poll, scoilteadh, nó strapa in éadan aille nó leice (Camas). "Tugtar anacair ar áit chontúirteach ar bith" (An Béal Beo, Tomás Ó Máille — níor chuala mé é ach mar atá sé thíos).
+
Chuaigh an bhó in anacair agus coinníodh ann í.
Tá anacair san aill agus is doiligh a dhul ina haghaidh.
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a chuaigh mé ar a tóraíocht fuair mé craptha istigh in anacair í.
Bheadh foscadh beag san anacair dhá bhféadfá thú fhéin a bhrú isteach inti.