Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ardaigh
briathar
1.
croch suas.
a.
+
Ardaigh do cheann — croch do cheann
Ní ardaíonn sé a chloigeann ó mhaidin go faoithin ach ag obair leis ar a tháirm
TUILLEADH (3) ▼
Ní ardaíonn sí cloigeann den leabhar ó thagann sí ó scoil tráthnóna.
Níor fhéad mé mo chloigeann a ardú as an gcréafóig ariamh — cuibhríodh leis an obair ariamh mé. Ní bhfuair mé aon eolas ar an saol
Dhá gcuirtheá forra chainte air míle uair sa ló, ní ardódh sé a cheann le thú a fhreagairt.
+
Ní fhéadfaidh mé mo cheann a ardú aríst go brách le náire faoin méid sin.
Cén chaoi n-ardóidh sí a ceann choíchin aríst théis an méid atá déanta aici.
TUILLEADH (1) ▼
Dá ba dhomsa a d'éireodh sé, ní bheadh aon ghair agam mo chloigeann a ardú go héag aríst, ach dheamhan lá mairge airsean.
+
Níl mé in ann mo chois a ardú den talamh chor ar bith an áit ar thit cloch uirthi.
Tuige nach bhfuil tú in ann í a ardú den talamh fós? — an chois
TUILLEADH (2) ▼
Ní mian leis an gcapall an chois deiridh a ardú chor ar bith, muran tairne a thóg sí
Ní ardaíonn sé na cosa den talamh chor ar bith agus é ag siúl
+
Ardaigh suas do chois — tóg suas í
Ardaigh suas chugam an canna go n-óla mé deoch.
TUILLEADH (2) ▼
D'ardaigh sí suas íochtar a gúna — d'fhill sí suas é
Ardaigh suas do chloigeann agus ná bíodh sé buailte fút agat mar sin i gcónaí.
·
Ardaigh an fhuinneog — croch í
D'ardaigh sé dhá leathchlaí an chairr san aer
+
Níl sé in ann leathchéad meáchain a ardú den talamh, ní áirím é a iompar.
Corrfhear atá in ann an chloch sin a ardú.
TUILLEADH (1) ▼
Duine sa gcéad atá in ann leathbharaille lán a ardú anois.
b.
tóg, méadaigh; déan níos mó, cuir farasbarr air.
+
Tá siad leis an mbóthar a ardú san áit a bhfuil na gleannta ann — a chrochadh suas; na gleannta a líonadh
Tá ardú mór ar an mballa agaibh le seachtain.
TUILLEADH (3) ▼
Caithfidh mé ardú — cúrsa nó dhó — a chur ar an mballa.
Má tá tú le ceann slinne a chur suas, ní mór dhuit ardú a chur ar an mballa.
D'ardaigh mé an claí — chuir mé clocha air; bhí sé leagtha agus rinne mé suas aríst é
+
D'fhága sibh an bhearna sin thiar gan ardú ina ndiaidh tráthnóna.
Tá claí le n-ardú agam i mbarr an bhaile, pébrí céard a leag é.
TUILLEADH (4) ▼
Tá bearnaíochaí le n-ardú agus claíochaí le biorú ann.
Má théann tú ag ardú an chlaí sin, ní foláir dhuit a dhul dhó mar is ceart agus na máithreachaí in íochtar a dhaingniú. Mura ndéana tú sin, beidh sé le n-ardú aríst agat.
B'éigean dom brúisc de bhearna a bhí tite ansin thiar a ardú.
Ardaigh an bhrúisc de bhearna chomh luath agus a bheas ionú agat.
+
Tá an tuile ag ardú — ag éirí
Má ardaíonn an taoille mórán eile, sceithfidh sí an bóthar
TUILLEADH (1) ▼
Tá ardú ar an taoille ó aréir — taoille rabharta í
c.
+
Tá ardú páí faighte aige le gairid
Tá máistrí scoile ag cur a gcosa uathub anois ag iarraidh ardú páí.
TUILLEADH (6) ▼
Níl fir oibre na Gaillimhe ag obair an tseachtain seo ag ceasacht páí. Tá siad ag iarraidh tuilleadh ardaithe.
Tá sé ag strócántacht ag iarraidh ardú páí, rud nach bhfaighidh sé.
Tá chuile dhuine ag fáil ardú ach an feilméara agus an talmhaí
Beidh ardú coróin sa tseachtain aige ón mí seo amach.
Ní thabharfaidh an dream sin aon ardú uathub go gcinne críochnaithe orthub
Tá an pinsean le n-ardú má cuirtear an dream seo isteach (.i. mar rialtas)
·
Is gearr ó fuair sé ardú posta — fuair sé posta níos airde ná a bhí aige
d.
+
Tá an stoirm ag ardú — ag neartú
Is diabhaltaí a d'ardaigh an ghaoth le cupla uair
TUILLEADH (3) ▼
Is mó an chosúlacht ardú atá uirthi (ar an stoirm) ná claochmú. Oíche gártha anois í.
Feictear dhom go bhfuil an oíche ag ardú, murab iad na crainnte atá ag fuagairt an ghála
Má mhaireann di ag ardú mar seo, ní bheidh cleith as a (ár) gcionn ar maidin
+
Tá an tinneas ardaithe air — tá sé gaibhte chun donacht
Tá an phian ardaithe air.
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr ó d'ardaigh an phian air.
Má ardaíonn an phian tada eile, cuirfidh mé fios ar an dochtúr.
Tá an daigh bhoilg ag ardú air.
e.
+
Tá sé ardaithe ceart críochnaithe anois agat — fearg air; é le buile, Iarthar Chonamara agus áiteachaí eile; risen, you have risen him
Is furasta é a ardú — is furasta buile chuthach a chur air
TUILLEADH (10) ▼
Níl gair agat druid a rá leis nuair atá sé ardaithe.
Ná bí dhá ardú anois nó imeoidh sé ar fad.
Níl acmhainn grinn ar bith aige. Níl ort ach breathnú cam air agus tá sé ardaithe ar an bpointe
Má tá tú ag iarraidh é a ardú, níl agat ach a rá leis go bhfuil cruach bhreá choirce ag P. Sh. Th.
Sin é an drochéadáil agus é ardaithe
Ná cuir ceist ar bith air, aingeal ceart é sin agus é ardaithe
B'fhearr dhuit gan a dhul i gcleithiúnas é a ardú mar speirfeadh sé sin duine ar an bpointe boise
Murach leisce a bheith dhá ardú os comhair na strainséaraí, gheobhadh muid an-scaitheamh grinn air.
Níor mhaith liom é a ardú faitíos go dtarraingeodh sé an baile orm
Tá an-éisteacht aige nuair nach n-ardaíonn an nathaíocht sin é
2.
+
D'ardaigh an t-ól air d'aon iarraidh — chuaigh an t-ól sa gceann air; thit an t-ól air; chuir an t-ól cuthach air
Dia aithnítear é siúd má ardaíonn an t-ól
TUILLEADH (10) ▼
Tabhair rí-aire dhuit fhéin air má ardaíonn an t-ól air; bí ar t'airdeall fhéin air má ardaíonn an t-ól air
Ní féidir ceart ar bith a bhaint dhe nuair a ardaíonns an t-ól airde
'Sé is socra dhá bhfaca tú ariamh go n-ardaí an t-ól. Uaidh sin amach, 'sé úll na haithne é.
D'ardaigh an t-ól ina cheann agus bhí sé éadrom aige.
Sháraigh sé loirgní dóite tráth ar ardaigh an t-ól air.
Níl ceart ar bith le baint dhe ar a mheisce. San am a n-ardaíonn an t-ól air, bíonn sé ina chiseach críochnaithe.
D'éirigh sé as ar fad mar a d'ardaíodh an t-ól ina cheann.
Is annamh a ólanns sé deoir ar bith agus ní fearr dhó fhéin a ól, mar ní túisce cupla ceann caite aige ná a ardaíonns sé ina cheann.
Is éasca leis an ól ardú air.
Níl ól ar bith in ann ardú ar dhuine ach poitín.
+
"Ar an ngreann ar fad, ní thabharfá ceo; Gur ardaigh an t-ól i stuaic na mbacach" (Raiftearaí — Bainis a tSleacháin Mhóir — tá an leagan seo le cloisteáil fós)
Ó d'ardaigh an t-ól ina stuaic, bhí sé fánach agam é a thabhairt abhaile.
TUILLEADH (5) ▼
Má ardaíonn an t-ól ina stuaic, déanfaidh sé réabadh agus mísc
Ní teach bainse a bhí ann ach teach amhas, san am ar ardaigh an t-ól sa stuaic acub.
Má ardaíonn an poitín sa stuaic aige siúd, déanfaidh sé sléacht ar fud an bhaile.
Ná tabhair an oiread dó agus go n-ardóidh sé sa stuaic aige
D'ardaigh an t-ól i stuaic na mbacach agus bhí sé ina reaintí bó leáraí uaidh sin amach.
+
Ardaíonn an braon crua an coiricín aige — cuireann sé thar bharr a chéille é.
'Sé an poitín atá in ann círín (ceann, cloigeann) duine a ardú
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn ciall ná cuibheas ag Tom nuair a ardaíonns sú an ghráinne eorna air.
3.
+
Tá sé ag ardú an chnoic — ag dul in aghaidh an chnoic (Iarthar Chonamara); ag crochadh an chnoic, nó ag maolú an chnoic
"Dhá bhfeictheá Máirtín agus é ag ardú an Mháma; agus a phílí mná leis, má b'fhíor dhó fhéin!" (Amhráin Chlainne Gael — lch 47)
TUILLEADH (4) ▼
D'ardaigh sé an cnoc ar maidin agus ní fhaca muid ó shin é.
Bhí sé ag ardú suas an cnoc nuair a chonaic mise é.
Tá an cnoc ardaithe aige — tá sé ar a bharr
Nuair a d'ardaigh muid an cnoc, chonaic muid an baile fúinn thíos.

Féach freisin

ardaigh in iontrálacha eile (50+)

 
Bhí mé i bhfaitíos faoin asal, gurb iad na tincéaraí a d'ardaigh leo é
 
Tharasbarr cuthach a bhuail é nuair a chonaic sé fear na foghla ag ardú an chlaí
 
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach ardaithe den talamh uileag acu. Ní theagann fúthu nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas iontu ach oiread
 
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
 
fios
Níor chóir d'aon duine rud mar sin a ardú leis agus fios aige nach leis fhéin é
 
Dar diagaí tá chuile fhear dhá ardú (i bpáí) ach go bhfóire Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirgthe ar fad
 
fág i
Fágfaidh muid ina dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon uaim a rinne sé. Murab é fearacht an fhear fadó leis an ngairleoig aige é: "ní do do ghoid atá mé a ghairleog ach do t'ardú liom".
 
D'ardaigh sé an fháinneoig agus chuaigh sé ag plé léithe ar feadh scaithimh, ach chinn air a cur i dtiúin
 
carn
Is beag an dochar dhá mhuineál a bheith carnaithe fhéin agus an bhís chainte atá air ó thosaigh an election seo. Diabhal aithne air nach aige atá iad (na teachtaí Dála) a chur isteach ar fad. Tá sé ardaithe uileag!
 
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí ag ceasacht páí an tseachtain seo ghabh thart, agus go raibh siad ag brath ar tabhairt suas mura bhfaighidís ardú. Tá siad réidh leis déarfainn. Séard a dhéanfar, na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
 
Ardaigh claibín an chomhra, agus caith isteach ann é.
+
cleite
Chuaigh sé faoi gur ardaigh sé suas é idir chorp chleite is sciathán.
TUILLEADH (2) ▼
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonaic mise é lá an t-am a raibh an motorbicycle aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. agus bhí sé dhá shá anoir chomh fada leis an teach seo. Ba mheata leis an sá, agus dheamhan ceo a rinne sé, ach é a ardú faoin ascaill, idir chorp chleite is sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár anseo é!
Ardaigh leat é, idir chorp chleite is sciathán as seo.
 
I nDomhnach, tá siad dhá hardú leob anois i ngan fhios ais i gcomhfhios. Maidir le go bhfuil suim acub duine dhá bhfeiceáil, dheamhan a dhath, ach an oiread is dá mba leob fhéin í. Múinfidh sin mise aríst gan mo chuid móna a chur amach ann.
 
cíos
Is olc an ceart é go mbeadh cíos agus cabhlach ar bhreaclachaí agus ar chriathraigh a shaothraigh daoine go crua le allas a gcnámh, agus togha na talúna dhá fhágáil bán. Séard a bhí a dhéanamh, an cíos a mhaitheamh ar fad dhúinne, agus ardú dhá réir a chur ar na bithiúnaigh a bhfuil na feilmneachaí bána sin acub. Ba é an deasú orthub é.
 
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an bicycle ardaithe uaidh ag S., agus b'éigean dó siúl aníos, ainneoin gur gearr a bhí le dhul aige. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile a bhí ann.
 
baile
Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shin. Cneámhaire eicínt a d'ardaigh leis í agus a d'ith í. Deile!
+
Murach an chloch sin a bheith sa mbealach orainn, b'fhurasta an leac a ardú.
TUILLEADH (2) ▼
Tá fir oibre as bealach más ag ceasacht páí atá siad aríst. Is gearr ó cheana a bhain siad ardú amach.
Tá an gnaíúlacht agus an chórtas ann ceart go leor, ach tá an bealach eile leis freisin. Mura bhfuil sé trom nó te, tá sé ardaithe leis aige.
+
beann
Dhá gcuirtheá cupla cúrsa eile d'ardú ar na beanna, d'fhéadfá ceann slinne a chur air.
TUILLEADH (2) ▼
Is maith a bhíodar ar a maidí má d'éirigh leob an bhinn sin a ardú (a dhul go dtí n-a círín)
Ardóidh púca na mbeann leis thú.
 
beart
Ardaigh orm an beart seo.
 
D'ardaigh sé ina ghealstoirm agus muid leath cuain. Bhí muid dhár gcaidhleadh le farraige cháite, agus cuilíní bána ar an uisce i chuile áit. B'ait na bádóirí muid agus talamh a dhéanamh chor ar bith.
 
D'ardaigh an-bheochan gaoithe bordáil an lae — gaoth fhuar freisin.
+
Chuala mé an ghoisín roilleach ag bhíogaíl istigh i bpoll an chlaí. Tá mé ag ceapadh gur easóg a d'ardaigh léithe í.
TUILLEADH (1) ▼
Cén sórt bhíogaíl atá ortsa. Má tá pian ort, ardaigh leat a chodladh.
 
binse
D'ardaigh an t-uisce orm go raibh sé cab ar chab leis an mbinse a bhí mé a bhaint.
 
bior
Dheamhan do chos a d'ardódh é go díreach glan go gcuirtheá do shúile ar bhior.
+
Dhá gcaithinn an lá ag cur borraíochaí fúithi, chinnfeadh orm í a ardú ina dhiaidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Bhí cosa i dteannta air ag iarraidh na leice a bhaint, ach chuile uair a d'ardaíodh sé í, thiteadh sí aríst mar ní raibh sé ag féadachtáil aon bhorradh a chur fúithi.
Ní mór borradh a chur faoi lena ardú — fear a bhí tite ar meisce
 
Ba dheas iad na boscaeid a bhíodh fadó ann. Ní bheadh aon chall dhuit duine lena n-ardú ort.
+
'Sé a bhfuil ó chuid de na daoine an saol a fheiceáil ina bhrachán. Tá siad ag ceapadh go n-ardóidh beithígh.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan ar mhiste le cuid de na daoine an saol a bheith ina bhrachán ar maidin dhá n-ardaíodh eallach.
 
bruach
Má thagann ardú eile air mar tháinig aréir, dheamhan a chos nach mbeidh ar bhruach na huaighe.
 
Nach sibh a shíleanns mé a bheith adhartha go scarfainn le mo gheadán talúna ar scáth scilling a ardú (seanduine a gheobhadh an pinsean iomlán — scilling thar mar a bhí sé a fháil cheana — dá dtugadh sé suas a chuid talúna amach is amach dá mhac)
+
Soitheach mór a buaileadh ar an gcladach ann agus dheamhan thiomanta ní ag gabháil léithe nár ardaigh muintir na mbailteachaí aisti. Tá a sliocht orthub: tá éadálachaí acub ó shin dhá barr.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é nach raibh i bhfad ag fáil mná sa gcruinniú. Dheamhan a ndearna sé ach siúl suas go dtí an chéad cheann a chas leis agus bleid a bhualadh uirthi agus í a ardú leis. Sin é ar chuma ar bith buailim ort agus tigim leat. Is fada go ndéanfadh fear na háite seo é in áit strainséara, ná a ligfeadh an faitíos dó a dhéanamh.
 
buail
Bhuail cuaifeach den ghaoth timpeallach sin mé ar ard J. S. agus dheamhan mórán ar bith nár ardaigh sí idir chlár agus chuinneog de lom an bhóthair mé.
+
buille
Ní aireoidh lucht airgid an tae bheith ardaithe, ach i nDomhnach fhéin, is mór an buille ar an duine bocht é.
TUILLEADH (1) ▼
Thosaigh na fir oibre ag ceasacht páí agus mhionnaíodar agus mhóidíodar dheamhan an buille (dheamhan oiread is an buille) a dhéanfaidís go bhfaighidís ardú.
 
buinne 1
Na heasnachaí a sáitear sa talamh i dtosach. Ansin cuirtear buinne béil air — hocht slata déag. Sin é buinne na hocht slata déag. Cuirtear aríst os a chionn sin hocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a shá ansin le taobh chuile easna go gcuirfeá hocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tógtar an buinne táis leob agus bítear dhá bhfíochán go mbíonn siad caite. Buinne tónach a chur air ansin. Nuair a bheadh sin réidh agat, na slata a bheadh sna taobhannaí a leagan anonn is anall air agus na slata éadain a fhíochán orthub sin go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá, buinne in uachtar ar an gcaiseal leob sin. Séard é fíochán an chléibh — buinne hocht slata déag, fíochán nó buinne cheithre shlat, fhíochán dhá shlat. 'Sé fíochán an dá shlat am fíochán singil — níor mhór cheithre slat le aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: ardaíonn an caoladóir taobh den chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhíochán agus ar bhuinní an chléibh ó chaoladóir — S. Ó C., é an sliocht réamhráite)
 
buta
Go bhfóire Dia ort mura bhfuil tú in ann an buitín sin a ardú air fós?
 
ailp
D'ardaigh sé leis ailp de cháca ag dhul amach sa ngarraí dhó
 
ailím
Nach beag an náire a bhí air é a ardú leis mar sin, idir ailím ’is mhádar.
+
airde 1
Ba chóra dhaoibh na bearnaíochaí a ardú agus gan an áit a fhágáil uileag béal in airde mar a d'fhága sibh é.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága sé a bhicycle ina bhéal in airde taobh amuigh agus a fhusacht dhá rogha duine é a ardú leis — d'fhága sé go sleamchúiseach taobh amuigh é agus d'fhéadfadh duine ar bith é thabhairt leis go réidh