Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
faobach
ainmfhocal, fireann
sladadh; léirscrios; millteanas mór.
+
Rinne sé faobach ar chaoirigh — madadh a bhí ag marú caorach
Déanfaidh an sergeant faobach ar an bpoitín sula gcónaí sé — a thógáil as éadan
TUILLEADH (4) ▼
Is diabhlaí an faobach a rinne an stoirm den tséipéal. Níor fhága sí scláta thuas air
Chuala mé go ndearna an oíche thoirní sin an-fhaobach in áiteacha siar anseo
Tá an-fhaobach déanta den duirling ag an taoille mhór a bhí aréir ann. Tá sí cartaithe fré chéile.
Déanfaidh na beithígh sin faobach san iothlainn má théann siad i bhfoghail inti, agus gabhfaidh